Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ní ar Dia a bhuidheachas. (ar leanmhuint.)
Title
Ní ar Dia a bhuidheachas. (ar leanmhuint.)
Author(s)
Ó Laoghaire, Pádraig,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“NÍ AR DIA A BHUIDHEACHAS.” (Ar leanmhuint.) Do tharraig Diarmuid a dhúidín dhubh dhonn as a phóca, agus do shín chuige í, agus d'imthigh agus do chuaidh seisean annsan go meathalachán teineadh do bhí ar bharr na trágha, beireas ar mheathán aisti agus séideas, séideas í go tréan tiugh teasuídhe; acht dhá thréine a anál agus dá thiugha a shéideadh, ní raibh maith dho ann; séideas arís agus arís eile níos tréine, níos tiugha, níos teasuidhe ná cheana, acht do bhí a ghnó 'n-a fhásach air, mar do bhí an teas ion éag ans an spréig. Beireas ar spréig eile agus séidtear fúithi go feargach fuinnea- mhail fíochmhar, agus a shúile ar dhearglasadh, agus féitheanna a mhuiníl cómh atuighthe sin go rabhadar i reacht a bpléasgtha: dob' fánach do a shéideadh ámh. Beireas ar an spréig agus caitheas isteach i gcoimh-leathan an chuain í, ag rádh, “Go séididh máthair an Aidhbheirseóra thú mar theinidh!” agus tugthar buille dhá chois deis do'n chuid eile do'n teinidh agus scaipthear ar fud an bháin í. Do chonnaich an chuid eile é díreach donn le n-a línn sin, agus do chuir- eadar aon uladhgháirthéigh amháin asta do thógfadh na mairbh as a n-uaighibh. Éirighid uile — an méid as' nach raibh i n-a seasamh íobh — agus tagaid i n-a thímchioll, ag lúbar- naigh le leathan-gháire agus ag sceartadh ar a lán-dhíchioll. Beireas duine ar spréig, duine eile ar spréig eile, agus mar soin dóibh siar síos go hearball tímchioll, an bheag agus an mhór, an t-óg agus an t-aosta; agus seo ag séideadh iad, ar chnámh a ndíchill, ag tnúth le teinidh agus teas do chur arís i ngach spréig, agus é shiar orra, do brígh gur sgar teodhacht le gach smeachaid díobh beag nach o lúib ladhair. “Atá teine im' spréig-se,” arsa neach éigin. “Séid leat a bhuachaill!” arsa Domhnall. “Cá bhfuil tú? — séid leat go dtagad chúghat.” Do léim sé de luith-phreib agus tháinic i n-a aice — “Séid! séid, a dhiabhail!” ar sei- sion, “agus ná leig an smeachaid ion eug — séid! — ar do bhás séid!” Do léig an buachaill scearta agus do stop de'n tséideadh. “Taisbeáin orú, a dhiabhail!” ar seision. Do thuit an buachaill ar bháinídh gháiridh; beirios féin ar an spréig, le ampladh agus airc chun gail, dóghtar a órdóg agus caitheas
an spréig uadh d'iarracht. Thuit sí ar an mbán; níor bhrís sí ámhacht. Cuireas a órdóg i n-a bheal le cois na píopa. “Tarraig! tarraig anois!” arsa áill- theoir éigin i n-a measg. Tuilleadh. Nótaidhe. 1 D'imthigh agus do chuaid: Táid seo araon ar lorg a chéile go h-anmhinic, cé gur ionann brígh dhóibh. 2 Meathlachán: aonnidh do bheidheadh lag-bhrígheach. 3 Meathán: sméaróid do bheidheadh le bás. 4 Do bhí an ghnó 'n-a fhásach air: níor tháinic leis a dhéanamh. 5 Spréigh : sméaróid. 6 Atuighthe: le ceart ba chóir an focal so litriughadh mar so; attha; acht ní mar soin do sontar é. 7 I reacht a bpléasgtha: Is é seo an aon-úsáid déan- tar do reacht, ar m-eólas. Cleachtthar go minic i g-Connachtaibh é mar so, "i riocht mhuice, duine," agus c.; acht do dhéarfaidhe "i bhfoirb mhuice, duine," agus c. I mBéara. Ionann foirb agus foirm. 8 Amh: Atá an focal so an-choitchionn, acht i gcómh- nuidhe i ndeireadh ráidh no blob-ráidh. 9 Díreach donn: Seo blob-ráidh atá an-choitchionn. Is dóigh gur ab ionann donn no dann agus denn i Sean- ghaedhilg. 10 Uladh-gháirtéigh, nó b'fhéidir ollgháirthéigh: gáir leathan láidir; ionann éigh agus éigheamh. Atá bithéigh i n-úsáid comh maith céadna agus is an-bheag nach ionann brígh dhóibh. 11 Ag tnúth : beith ag iarraidh é dhéanamh agus gan an acfuinn chuige ag duine. 12 Smeachaid: spréig bheó. 13 ó Lúibh Ladhair: ó thosach go deireadh nó ó thosach deireadh mar deirthior i mBéara; leigthoir amach an focal "go," go h-anmhinic i n-iarthar Mhumhan. 14 De luith-phreib: adeirthior "de phreab" leis go minic; agus i n-deireadh na preibe, dá chur i gcéill dúinn gur do'n bhan-inscne an focal. 15 Airc: sglaimh nó faobhar cun bídh nó dighe. 16 D'iarracht: nó de thapagoin, nó de léim. 17 Amacht: Sontar an focal so, amhail a's do bheidheadh litrighthe "ámh-thach" no "ámhfach." 'Sé Mac Uí Shéaghdha (anois i g-Coláiste na Tríonóide) thug amus ar cheart-litriughadh an fhocail seo, déanta suas de "ámh" agus "acht." Is ionann "acht" I dtosach ráidh agus "ámh" i n-a dheireadh, - acht níor bhris sí = níor bhris sí ámh; agus is ionann ámhacht i ndeireadh ráidh agus "acht" i n-a thosach agus "ámh" i n-a dheireadh, - níor bhrís sí ámhacht = acht níor bhris sí ámh. Padruig O'Laoghaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services