“NÍ AR DIA A BHUIDHEACHAS.”
(Ar leanmhuint.)
Do tharraig Diarmuid a dhúidín dhubh dhonn
as a phóca, agus do shín chuige í, agus d'imthigh agus do
chuaidh seisean annsan go meathalachán
teineadh do bhí ar bharr na trágha, beireas
ar mheathán aisti agus séideas, séideas í go
tréan tiugh teasuídhe; acht dhá thréine a anál
agus dá thiugha a shéideadh, ní raibh maith dho ann;
séideas arís agus arís eile níos tréine, níos
tiugha, níos teasuidhe ná cheana, acht do bhí a
ghnó 'n-a fhásach air, mar do bhí an teas ion
éag ans an spréig. Beireas ar spréig
eile agus séidtear fúithi go feargach fuinnea-
mhail fíochmhar, agus a shúile ar dhearglasadh, agus
féitheanna a mhuiníl cómh atuighthe sin go
rabhadar i reacht a bpléasgtha: dob' fánach
do a shéideadh ámh. Beireas ar an spréig agus
caitheas isteach i gcoimh-leathan an chuain í,
ag rádh, “Go séididh máthair an Aidhbheirseóra
thú mar theinidh!” agus tugthar buille dhá chois
deis do'n chuid eile do'n teinidh agus scaipthear
ar fud an bháin í. Do chonnaich an chuid eile
é díreach donn le n-a línn sin, agus do chuir-
eadar aon uladhgháirthéigh amháin asta do
thógfadh na mairbh as a n-uaighibh. Éirighid
uile — an méid as' nach raibh i n-a seasamh
íobh — agus tagaid i n-a thímchioll, ag lúbar-
naigh le leathan-gháire agus ag sceartadh ar a
lán-dhíchioll. Beireas duine ar spréig,
duine eile ar spréig eile, agus mar soin dóibh
siar síos go hearball tímchioll, an bheag agus
an mhór, an t-óg agus an t-aosta; agus seo ag
séideadh iad, ar chnámh a ndíchill, ag tnúth
le teinidh agus teas do chur arís i ngach spréig,
agus é shiar orra, do brígh gur sgar teodhacht
le gach smeachaid díobh beag nach o lúib
ladhair.
“Atá teine im' spréig-se,” arsa neach
éigin.
“Séid leat a bhuachaill!” arsa Domhnall.
“Cá bhfuil tú? — séid leat go dtagad
chúghat.”
Do léim sé de luith-phreib agus tháinic i
n-a aice — “Séid! séid, a dhiabhail!” ar sei-
sion, “agus ná leig an smeachaid ion eug —
séid! — ar do bhás séid!”
Do léig an buachaill scearta agus do stop
de'n tséideadh.
“Taisbeáin orú, a dhiabhail!” ar seision.
Do thuit an buachaill ar bháinídh gháiridh;
beirios féin ar an spréig, le ampladh agus
airc chun gail, dóghtar a órdóg agus caitheas
an spréig uadh d'iarracht. Thuit sí ar an
mbán; níor bhrís sí ámhacht. Cuireas a
órdóg i n-a bheal le cois na píopa.
“Tarraig! tarraig anois!” arsa áill-
theoir éigin i n-a measg.
Tuilleadh.
Nótaidhe.
1 D'imthigh agus do chuaid: Táid seo araon ar lorg a
chéile go h-anmhinic, cé gur ionann brígh dhóibh.
2 Meathlachán: aonnidh do bheidheadh lag-bhrígheach.
3 Meathán: sméaróid do bheidheadh le bás.
4 Do bhí an ghnó 'n-a fhásach air: níor tháinic leis a
dhéanamh.
5 Spréigh : sméaróid.
6 Atuighthe: le ceart ba chóir an focal so litriughadh
mar so; attha; acht ní mar soin do sontar é.
7 I reacht a bpléasgtha: Is é seo an aon-úsáid déan-
tar do reacht, ar m-eólas. Cleachtthar go minic i
g-Connachtaibh é mar so, "i riocht mhuice, duine," agus c.;
acht do dhéarfaidhe "i bhfoirb mhuice, duine," agus c. I
mBéara. Ionann foirb agus foirm.
8 Amh: Atá an focal so an-choitchionn, acht i gcómh-
nuidhe i ndeireadh ráidh no blob-ráidh.
9 Díreach donn: Seo blob-ráidh atá an-choitchionn.
Is dóigh gur ab ionann donn no dann agus denn i Sean-
ghaedhilg.
10 Uladh-gháirtéigh, nó b'fhéidir ollgháirthéigh: gáir
leathan láidir; ionann éigh agus éigheamh. Atá bithéigh i
n-úsáid comh maith céadna agus is an-bheag nach ionann brígh
dhóibh.
11 Ag tnúth : beith ag iarraidh é dhéanamh agus gan an
acfuinn chuige ag duine.
12 Smeachaid: spréig bheó.
13 ó Lúibh Ladhair: ó thosach go deireadh nó ó thosach
deireadh mar deirthior i mBéara; leigthoir amach an
focal "go," go h-anmhinic i n-iarthar Mhumhan.
14 De luith-phreib: adeirthior "de phreab" leis go
minic; agus i n-deireadh na preibe, dá chur i gcéill dúinn
gur do'n bhan-inscne an focal.
15 Airc: sglaimh nó faobhar cun bídh nó dighe.
16 D'iarracht: nó de thapagoin, nó de léim.
17 Amacht: Sontar an focal so, amhail a's do
bheidheadh litrighthe "ámh-thach" no "ámhfach." 'Sé Mac
Uí Shéaghdha (anois i g-Coláiste na Tríonóide) thug
amus ar cheart-litriughadh an fhocail seo, déanta suas
de "ámh" agus "acht." Is ionann "acht" I dtosach ráidh
agus "ámh" i n-a dheireadh, - acht níor bhris sí = níor bhris
sí ámh; agus is ionann ámhacht i ndeireadh ráidh agus
"acht" i n-a thosach agus "ámh" i n-a dheireadh, - níor bhrís
sí ámhacht = acht níor bhris sí ámh.
Padruig O'Laoghaire.