Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Relic of O'Connell.
Title
A Relic of O'Connell.
Author(s)
Ó Conaill, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A RELIC OF O'CONNELL. Father Hogan, S.J., sends the original MS. of the poem appended. It is addressed in the form of a letter undated to “Danl. O'Connell, Esqr.,” and sealed, and was doubtless in the great man's possession. His kinship with O'Connell is evidently no small source of satisfaction and inspiration to the author, of whom, beyond his name, we know nothing. Perhaps some of our readers may have heard or read of him. At the end of the poem is added in English by the same hand that addessed the letter on the outside: “These few verses were com- posed for the welfare of our undaunted patriot, Danl. O'Connell, Esqr., by John O'Connell.” The poem was probably written not long after the passing of the Emancipation Act. It contains no refer- ence to the Repeal agitation. CHUM DOMHNAILL ÓIG FLAITHEAMHAIL FÍORUASAIL UÍ CHONAILL Ó DHAIRE FHIONÁIN. Fáilte a's dá fhichid tar mhíltibh laoch Do bhláth na seabhac nach íseal méin, Cú chosanta an Chreidimh ar phuinte ghéar - Go mbuadhaidh Mac Muire na ngrás ris! Flaith oirdheirc curanta cumasach cródha Diadha carthanach macánta leomhanta! Tláth le tim gan puimp 'n-a shnódh; Ar ghrádam níor stríoc do rígh ná choróin; Domhnall Ó Conaill, D'fhíor-sgoth na cruinne! Curadh tar Osgar i mbeárnain! Is géag é do neartaigh le grása' an Trír; Is craobh é rathmhar do Léin-loch; Is caor é d'aibith d'fhuil Éibhir Fhinn, Ag gearradh a namhad gan cháirde. Tá triobraid d'fhoclaibh diadhacht' i n-a cheann, A chroidhe ar lasadh, a smuaineadh ar fheabhas; A'tarrang a chloidhimh le linn an ghábhaidh - Na conablaighe sínte do bhíd ar lár Ag Domhnall Ó Conaill, Fíor-bhláth na cruinne! Is clú dhá chineadh go deo é. Níl tadhbhacht i dtréine Shaosair ghroidhe DO chuir eagnaigh Dé sa' saoghal fá chíos, Na Macaibí is leamhanta, chlaoidhigh Aintíóc a's a shlóighte; Do bhuaidh i ngairgeadh ar Aicilleas Gréagach; Féasda suidhte ag Alastrom éachtach An chraobh do fuair ó Mhurchadh mhór; I ndeallramh gníomh le Conall MacNéill, Árd-fhlaith cumuis, D'fhíor-sgoth na cruinne, Is clú dhá chineadh go deó' é. Is tú grádh a's ceannas easbog na Fodhla, An Pápa, cardanal, 's Pheadair 'san Róimh Grádh na hEaglaise, sagairt a's bráithre, Sean-duine, bruinneall, a's óglaoch; Grádh agus maise na maighdean óg Do chaitheann a mbeatha 's do mhaireann gan nóchar, Go hárd a' guidhe chum Rígh na ngrás, A' tarrang a slighe ar a' dtír is fearr, — Na millte pearsa Ag guidhe na n-aingeal Do náimhde leagadh gan cháirde. Atá báidh led' sheasamh ag an fháid Domhnall Tháinig slán ó uaill na leomhan; Na hapstail do shír ar tí thú shaoradh, A's an da fháidh cheannasach, Eoin a's Seaghán; Gach árd-fhlaith eile d'fhuiling an bás Le grádh do Chríost, a nguidhe ad' pháirt; Sin saoire ceapaighthe Ag Rígh na bhfaitheas Do naímhde leagadh gan cháirde! Seaghán Ó Conaill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services