Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Relic of O'Connell.

Title
A Relic of O'Connell.
Author(s)
Ó Conaill, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A RELIC OF O'CONNELL.



Father Hogan, S.J., sends the original
MS. of the poem appended. It is addressed
in the form of a letter undated to “Danl.
O'Connell, Esqr.,” and sealed, and was
doubtless in the great man's possession.
His kinship with O'Connell is evidently no
small source of satisfaction and inspiration
to the author, of whom, beyond his name,
we know nothing. Perhaps some of our
readers may have heard or read of him. At
the end of the poem is added in English by
the same hand that addessed the letter on
the outside: “These few verses were com-
posed for the welfare of our undaunted
patriot, Danl. O'Connell, Esqr., by John
O'Connell.” The poem was probably
written not long after the passing of the
Emancipation Act. It contains no refer-
ence to the Repeal agitation.



CHUM DOMHNAILL ÓIG FLAITHEAMHAIL
FÍORUASAIL UÍ CHONAILL Ó DHAIRE
FHIONÁIN.



Fáilte a's dá fhichid tar mhíltibh laoch
Do bhláth na seabhac nach íseal méin,
Cú chosanta an Chreidimh ar phuinte ghéar -
Go mbuadhaidh Mac Muire na ngrás ris!
Flaith oirdheirc curanta cumasach cródha
Diadha carthanach macánta leomhanta!
Tláth le tim gan puimp 'n-a shnódh;
Ar ghrádam níor stríoc do rígh ná choróin;
Domhnall Ó Conaill,
D'fhíor-sgoth na cruinne!
Curadh tar Osgar i mbeárnain!



Is géag é do neartaigh le grása' an Trír;
Is craobh é rathmhar do Léin-loch;
Is caor é d'aibith d'fhuil Éibhir Fhinn,
Ag gearradh a namhad gan cháirde.
Tá triobraid d'fhoclaibh diadhacht' i n-a cheann,
A chroidhe ar lasadh, a smuaineadh ar fheabhas;
A'tarrang a chloidhimh le linn an ghábhaidh -
Na conablaighe sínte do bhíd ar lár
Ag Domhnall Ó Conaill,
Fíor-bhláth na cruinne!
Is clú dhá chineadh go deo é.



Níl tadhbhacht i dtréine Shaosair ghroidhe
DO chuir eagnaigh Dé sa' saoghal fá chíos,
Na Macaibí is leamhanta, chlaoidhigh
Aintíóc a's a shlóighte;
Do bhuaidh i ngairgeadh ar Aicilleas Gréagach;
Féasda suidhte ag Alastrom éachtach
An chraobh do fuair ó Mhurchadh mhór;
I ndeallramh gníomh le Conall MacNéill,
Árd-fhlaith cumuis,
D'fhíor-sgoth na cruinne,
Is clú dhá chineadh go deó' é.



Is tú grádh a's ceannas easbog na Fodhla,
An Pápa, cardanal, 's Pheadair 'san Róimh
Grádh na hEaglaise, sagairt a's bráithre,
Sean-duine, bruinneall, a's óglaoch;
Grádh agus maise na maighdean óg
Do chaitheann a mbeatha 's do mhaireann gan
nóchar,
Go hárd a' guidhe chum Rígh na ngrás,
A' tarrang a slighe ar a' dtír is fearr, —
Na millte pearsa
Ag guidhe na n-aingeal
Do náimhde leagadh gan cháirde.



Atá báidh led' sheasamh ag an fháid Domhnall
Tháinig slán ó uaill na leomhan;
Na hapstail do shír ar tí thú shaoradh,
A's an da fháidh cheannasach, Eoin a's
Seaghán;
Gach árd-fhlaith eile d'fhuiling an bás
Le grádh do Chríost, a nguidhe ad' pháirt;
Sin saoire ceapaighthe
Ag Rígh na bhfaitheas
Do naímhde leagadh gan cháirde!



Seaghán Ó Conaill.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services