Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Munster Colloquial Irish. Seadhna.
Title
Munster Colloquial Irish. Seadhna.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MUNSTER COLLOQUIAL IRISH. We wish to direct the attention of stu- dents to the following specimen of Munster Irish, one of the best samples, if not the very best, of Southern popular Gaelic that has ever been printed. This has been sent by the same contributor who has enriched several recent Nos. of the Journal, the Rev. Father O'Leary, P.P., Castelyons.
Séadhna. (Cois na teineadh: Peg, Nóra, Gobuit, Síle Bheag, Cáit Ní Bhuachalla). Nóra. A Pheg, innis sgeul dúinn. Peg. B'ait liom sin! Innis féin sgeul. Gob. Ní'l aon mhaith innti, a Pheg; b'fhearr linn do sgeul-sa. Síle. Déin, a Pheg; beidhmíd ana-shocair. Peg. Nach maith nár fhanais socair aréir, 'nuair bhí “Madra na n-Ocht gCos” agam dá innsint! Síle. Mar sin ní stadfadh Cáit Ní Bhuachalla ach am' phriocadh. Cáit. Thugais d'éitheach! Ní rabhas-sa ad' phriocadh, a chaillichín! Gob. Ná bac í féin, a Cháit; ní raibh aoinne' dá priocadh ach í dá leigint uirrthi. Síle. Do bhí, astóin, agus muna mbei- dheadh go raibh, ní liughfainn. Nóra. Abair le Peg nach liughfair anois, a Shíle, agus inneósaidh sí sgeul dúinn. Síle. Ní liughfad, a Pheg, pé rud imtheochaidh orm. Peg. Má's eadh, suig annso am' aice, i dtreo ná feudfaidh aoinne' thú phriocadh gan fios dom. Cáit. Bidheadh geall go bpriocfaidh an cat í. A thoice bhig, bheidheadh sgeul breagh againn, muna mbeidheadh tú féin agus do chuid liughraighe. Gob. Éist, a Cháit, no cuirfir ag gul í, agus beidhmíd gan sgeul. Má chuirtear fearg ar Pheg, ní inneósaidh sí aon sgeul anocht. Seadh anois, a Pheg, tá gach aoinne' ciuin, ag brath ar sgeul uait. Peg. Bhí fear ann fad ó, agus is é ainm do bhí air, Seadhna; agus greusaidhe b'eadh é; bhí tigh beag deas clúthmhar aige, aig bun cnuic, ar thaobh na foithine; bhí cathaoir shúgán aige do dhein sé féin do féin, agus ba ghnáth leis suidhe innti um thráthnóna, 'nuair bhidheadh obair an lae críochnuighthe; agus 'nuair shuidheadh sé innti, bhidheadh sé ar a shástacht. Bhí mealbhóg mine aige, ar crochadh i n-aice na teineadh; agus anois agus arís chuireadh sé a lámh innti, agus thógadh sé lá a dhuirn de'n mhin, agus bhidheadh dá cogaint ar a shuaimhneas. Bhí crann ubhall ag fás ar an dtaobh amuich de dhorus aige, agus 'nuair bhidheadh tart air, ó bheith ag cogaint na mine, chuireadh sé lámh 'sa chrann san, agus thógadh sé ceann de 'sna h-ubhlaibh, agus d'itheadh sé é - Síle. Ó a Thiarcais! A Pheg, nár dheas é! Peg. Ciaco, an chathaoir, nó an mhin, nó an t-ubhall, ba dheas? Síle. An t-ubhall, gan amhrus! Cáit. B'fhearr liom-sa an mhin; ní bhain- feadh an t-ubhall an t-ocras de dhuine. Gob. B'fhearr liomsa an chathaoir; agus chuirfinn Peg i n-a suidhe innti, aig innsint na sgeul. Peg. Is maith chum plámáis thú, a Ghobnuit. Gob. Is fearr chum na sgeul thusa, a Pheg. Cionnus d'imthigh le Seadhna? Peg. Lá dá raibh sé ag déanamh bróg, thug se fé ndeara ná raibh a thuille leathair aige, ná a thuille snáithe, ná a thuille céireach. Bhí an taoibhín déidheanach shuas, agus an greim déidheanach curtha; agus níorbh fhuláir do dul agus adhbhar do sholáthar sul a bhfeudfadh sé a thuille bróg do dhéanamh. Do ghluais sé ar maidin, agus bhí trí sgillinge 'n-a phóca, agus ní raibh sé acht míle ó'n dtigh 'nuair bhuail duine bocht uime, aig iarraidh déirce. “Tabhair dhom déirc ar son an tSlánuightheora, agus le h-anmannaibh do mharbh, agus tar cheann do shláinte,” ars an duine bocht. Thug Seadhna sgilling do, agus annsan ní raibh aige acht dhá sgilling. Dubhairt sé leis féin go mb'fhéidir go ndéanfadh an dá sgilling a ghnó. Ní raibh sé acht míle eile ó bhaile 'nuair bhuail bean bhocht uime, agus í cos-nochtuighthe. “Tabhair dhom congnadh éigin,” ar sisi, “ar son an tSlánuightheora, agus le h-anmannaibh do mharbh, agus tar cheann do shláinte.” Do ghlac truaighe dí é, agus thug sé sgilling dí, agus d'imthigh sí. Do bhí aon sgilling amháin annsoin aige, acht do thiomáin sé leis, a brath air go mbuailfeadh sians éigin uime do chuirfeadh ar a chumus a ghnó a dhéanamh.
Níorbh fhada gur casadh air leanbh agus é ag gul le fuacht agus le h-ocras. “Ar son an tSlánuightheora,” ars an leanbh, “tabhair dhom rud éigin le n-ithe.” Bhí tig ósta i ngar dóibh, agus do chuaidh Seadhna isteach ann, agus cheannaigh sé bríc aráin agus thug sé chum an leinbh é. 'Nuair a fuair an leanbh an t-arán d'athruigh a dhealbh; d'fhás sé suas i n-áirde, agus do las solas iongantach 'n-a shúilibh agus 'n-a cheanachaibh, i dtreo go dtáinic sgannradh ar Shéadna. Síle. Dia linn! A Pheg, is dócha gur thuit Seadhna bocht i luige. Peg. Níor thuit; acht má's eadh, ba dhícheall dó. Chomh luath agus d'fheud sé labhairt, dubhairt sé: “Cad é an sadhas duine thusa?” agus is é freagra fuair sé: “A Sheadhna, tá Dia buidheach dhíot. Aingeal iseadh mise. Is mé an tríomhadh h-aingeal gur thugais déirc dó andiu ar son an tSlánuightheora, agus anois tá trí ghuidhe agat le fagháil ó Dhia na glóire. Iarr ar Dhia aon trí ghuidhe is toil leat, agus gheobhair iad; acht tá aon chomhairle amháin agamsa le tabhairt duit, — ná dearmhuid an Trócaire.” “Agus an ndeirir liom go bhfaighead mo ghuidhe?” arsa Seadhna. “Deirim, gan amhras,” ars' an t-aingeal. “Tá go maith,” arsa Seadhna, “tá cathaoir bheag shúgán agam 'sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagann asteach, ní fuláir leis suidhe innte. An cheud duine eile a shuidhfidh innte, acht mé féin, go gceanglaidh sé innte!” “Faire, faire! a Shéadhna,” ars' an t-aingeal; “sin guidhe bhreagh imthíghthe gan tairbhe. Tá dhá cheann eile agat, agus ná dearmhuid an Tró- caire.” “Tá,” arsa Seadhna, “mealbhóigín mine agam 'sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagann asteach, ní fuláir leis a dhorn a sháthadh innte. An cheud duine eile a chuirfidh lámh 'sa mhealbhóig sin, acht mé féin, go gceanglaidh sé innte, — feuch!” “O a Sheadhna, a Sheadhna, ní'l fasg agat!” ars' an t-aingeal. “Ní'l agat anois acht aon ghuidhe amháin eile. Iarr Trócaire Dé do t'anam.” “O, is fíor dhuit,” arsa Seadhna, “Ba dhóbair dhom é dhearmhad. Tá crann beag ubhall agam i leath-taoibh mo dhoruis, agus an uile dhailtín a thagann an treo, ní fuláir leis a lámh do chur i n-áirde agus ubhall do stathadh agus do bhreith leis. An cheud duine eile acht mé féin, a chuirfidh a lámh 'sa chrann soin, go gceanglaidh sé ann - O! a dhaoine!” ar seisean, ag sgairteadh ar gháiridhe, “nach agam a bheidh an spórt orra!” 'Nuair tháinig sé as na trithidhibh, d'fheuch sé suas agus bhí an t-aingeal imthighthe. Dhein sé a mhachtnamh air fein ar feadh tamaill mhaith, agus fé dheireadh shiar thall, dubhairt se leis féin: “Feuch anois, ní'l aon amadán i n-Éirinn is mó ioná mé! Dá mbeidheadh triúr ceangailte agam um an dtaca so, duine 'sa chathaoir, duine 'sa mhealbhóig, agus duine 'sa chrann, cad é an mhaith do dhéan- fadh san domhsa agus mé i bhfad ó bhaile, gan bhiadh, gan deoch, gan airgead?” Ní túisge bhí an méid sin cainte raidhte aige ná thug sé fé ndeara ós a chomhair amach, 'sa áit a raibh an t-aingeal, fear fada caol dubh, agus é ag glinneamhaint air, agus teine chreasa ag teacht as a dhá shúil 'n-a spreachaibh nimhe. Bhí dhá adhairc air mar bheidheadh ar phocán gabhair, agus meigioll fada liath-ghorm garbh air, eirboll mar bheidheadh ar mhadadh ruadh, agus crúb ar chois leis mar chrúb thairbh. Do leath a bheul agus a dhá shúil ar Sheadhna, agus do stad a chaint. I gceann tamaill do labhair an fear dubh. “A Sheadhna,” ar seisean, “ní gádh dhuit aon eagla do bheith ort romh- amsa; ní'lim ar tí do dhíoghbhála. Ba mhian liom tairbhe éigin do dhéanamh dhuit, dá nglacthá mo chomhairle. Do chloiseas thú, anois beag, dá rádh go rabhais gan bhiadh, gan deoch, gan airgead. Thiubhrainn-se airgead do dhóthain duit ar aon choinghíoll bheag amháin“. “Agus greadadh tré lár do sgairt!” arsa Seadhna, agus tháinig a chaint dó; “ná feudfá an méid sin do rádh gan duine do mhilleadh led' chuid glinneamhna,
pé h-é thú féin?” “Is cuma dhuit cia h-é mé, acht bheurfad an oiread airgid duit anois agus cheannóchaidh an oiread leathair agus choimheádfaidh ag obair thú go ceann trí mbliadhain ndeug, ar an geoinghíoll so — go dtiocfair liom an uair sin?” “Agus má réidhtighim leat, cá raghmaoid an uair sin?” “Cá beag duit an cheist sin do chur, 'nuair bheidh an leathar ídighthe agus bheidhmíd ag gluaiseacht?” “Táir geur- chúiseach — bíodh agat, feiceam an t-airgead.” “Táir-se geurchúiseach, feuch!” Do chuir an fear dubh a lámh 'n-a phóca, agus tharraing sé amach sparán mór, agus as an sparán do leig sé amach ar a bhais carn beag d'ór bhreagh bhuidhe. “Feuch!” ar seisean; agus shín sé a lámh agus chuir sé an carn de phíosaibh gleoidhte gléineamhla fé shúilibh Sheadhna bhoicht. Do shín Seadhna a dhá láimh, agus do leathadar a dhá laghar chum an óir. “Go réidh!” ars' an fear dubh, ag tarraing an óir chuige asteach; “níl an margadh déanta fós.” “Bíodh 'n-a mhargadh!” arsa Seadhna. “Gan teip?” ars' an fear dubh. “Gan teip,” arsa Seadhna. “Dar bhrígh na mionn?” ars' an fear dubh. “Dar bhrígh na mionn,” arsa Seadhna. (Leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services