Séadhna.
(Cois na teineadh: Peg, Nóra, Gobuit, Síle Bheag,
Cáit Ní Bhuachalla).
Nóra. A Pheg, innis sgeul dúinn.
Peg. B'ait liom sin! Innis féin sgeul.
Gob. Ní'l aon mhaith innti, a Pheg; b'fhearr
linn do sgeul-sa.
Síle. Déin, a Pheg; beidhmíd ana-shocair.
Peg. Nach maith nár fhanais socair aréir,
'nuair bhí “Madra na n-Ocht gCos” agam
dá innsint!
Síle. Mar sin ní stadfadh Cáit Ní Bhuachalla
ach am' phriocadh.
Cáit. Thugais d'éitheach! Ní rabhas-sa ad'
phriocadh, a chaillichín!
Gob. Ná bac í féin, a Cháit; ní raibh
aoinne' dá priocadh ach í dá leigint uirrthi.
Síle. Do bhí, astóin, agus muna mbei-
dheadh go raibh, ní liughfainn.
Nóra. Abair le Peg nach liughfair anois,
a Shíle, agus inneósaidh sí sgeul dúinn.
Síle. Ní liughfad, a Pheg, pé rud imtheochaidh
orm.
Peg. Má's eadh, suig annso am' aice, i
dtreo ná feudfaidh aoinne' thú phriocadh gan
fios dom.
Cáit. Bidheadh geall go bpriocfaidh an
cat í. A thoice bhig, bheidheadh sgeul breagh
againn, muna mbeidheadh tú féin agus do chuid
liughraighe.
Gob. Éist, a Cháit, no cuirfir ag gul í,
agus beidhmíd gan sgeul. Má chuirtear fearg
ar Pheg, ní inneósaidh sí aon sgeul anocht.
Seadh anois, a Pheg, tá gach aoinne' ciuin, ag
brath ar sgeul uait.
Peg. Bhí fear ann fad ó, agus is é ainm do
bhí air, Seadhna; agus greusaidhe b'eadh é; bhí
tigh beag deas clúthmhar aige, aig bun cnuic,
ar thaobh na foithine; bhí cathaoir shúgán aige
do dhein sé féin do féin, agus ba ghnáth leis
suidhe innti um thráthnóna, 'nuair bhidheadh
obair an lae críochnuighthe; agus 'nuair shuidheadh
sé innti, bhidheadh sé ar a shástacht. Bhí
mealbhóg mine aige, ar crochadh i n-aice na
teineadh; agus anois agus arís chuireadh sé a lámh
innti, agus thógadh sé lá a dhuirn de'n mhin, agus
bhidheadh dá cogaint ar a shuaimhneas. Bhí
crann ubhall ag fás ar an dtaobh amuich de
dhorus aige, agus 'nuair bhidheadh tart air, ó
bheith ag cogaint na mine, chuireadh sé lámh
'sa chrann san, agus thógadh sé ceann de 'sna
h-ubhlaibh, agus d'itheadh sé é -
Síle. Ó a Thiarcais! A Pheg, nár dheas
é!
Peg. Ciaco, an chathaoir, nó an mhin, nó
an t-ubhall, ba dheas?
Síle. An t-ubhall, gan amhrus!
Cáit. B'fhearr liom-sa an mhin; ní bhain-
feadh an t-ubhall an t-ocras de dhuine.
Gob. B'fhearr liomsa an chathaoir; agus
chuirfinn Peg i n-a suidhe innti, aig innsint
na sgeul.
Peg. Is maith chum plámáis thú, a Ghobnuit.
Gob. Is fearr chum na sgeul thusa, a
Pheg. Cionnus d'imthigh le Seadhna?
Peg. Lá dá raibh sé ag déanamh bróg,
thug se fé ndeara ná raibh a thuille leathair
aige, ná a thuille snáithe, ná a thuille
céireach. Bhí an taoibhín déidheanach shuas,
agus an greim déidheanach curtha; agus níorbh
fhuláir do dul agus adhbhar do sholáthar sul a
bhfeudfadh sé a thuille bróg do dhéanamh.
Do ghluais sé ar maidin, agus bhí trí sgillinge
'n-a phóca, agus ní raibh sé acht míle ó'n dtigh
'nuair bhuail duine bocht uime, aig iarraidh
déirce. “Tabhair dhom déirc ar son an
tSlánuightheora, agus le h-anmannaibh do mharbh,
agus tar cheann do shláinte,” ars an duine
bocht. Thug Seadhna sgilling do, agus annsan
ní raibh aige acht dhá sgilling. Dubhairt sé
leis féin go mb'fhéidir go ndéanfadh an dá
sgilling a ghnó.
Ní raibh sé acht míle eile ó bhaile 'nuair
bhuail bean bhocht uime, agus í cos-nochtuighthe.
“Tabhair dhom congnadh éigin,” ar sisi, “ar
son an tSlánuightheora, agus le h-anmannaibh
do mharbh, agus tar cheann do shláinte.” Do
ghlac truaighe dí é, agus thug sé sgilling dí, agus
d'imthigh sí. Do bhí aon sgilling amháin
annsoin aige, acht do thiomáin sé leis, a
brath air go mbuailfeadh sians éigin uime
do chuirfeadh ar a chumus a ghnó a dhéanamh.
Níorbh fhada gur casadh air leanbh agus é ag
gul le fuacht agus le h-ocras. “Ar son an
tSlánuightheora,” ars an leanbh, “tabhair
dhom rud éigin le n-ithe.” Bhí tig ósta i
ngar dóibh, agus do chuaidh Seadhna isteach ann,
agus cheannaigh sé bríc aráin agus thug sé chum an
leinbh é. 'Nuair a fuair an leanbh an t-arán
d'athruigh a dhealbh; d'fhás sé suas i n-áirde,
agus do las solas iongantach 'n-a shúilibh agus 'n-a
cheanachaibh, i dtreo go dtáinic sgannradh
ar Shéadna.
Síle. Dia linn! A Pheg, is dócha gur thuit
Seadhna bocht i luige.
Peg. Níor thuit; acht má's eadh, ba dhícheall
dó. Chomh luath agus d'fheud sé labhairt,
dubhairt sé: “Cad é an sadhas duine
thusa?” agus is é freagra fuair sé: “A
Sheadhna, tá Dia buidheach dhíot. Aingeal
iseadh mise. Is mé an tríomhadh h-aingeal
gur thugais déirc dó andiu ar son an
tSlánuightheora, agus anois tá trí ghuidhe agat
le fagháil ó Dhia na glóire. Iarr ar Dhia
aon trí ghuidhe is toil leat, agus gheobhair iad;
acht tá aon chomhairle amháin agamsa le
tabhairt duit, — ná dearmhuid an Trócaire.”
“Agus an ndeirir liom go bhfaighead mo
ghuidhe?” arsa Seadhna. “Deirim, gan
amhras,” ars' an t-aingeal. “Tá go maith,”
arsa Seadhna, “tá cathaoir bheag shúgán
agam 'sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagann
asteach, ní fuláir leis suidhe innte. An
cheud duine eile a shuidhfidh innte, acht mé
féin, go gceanglaidh sé innte!” “Faire,
faire! a Shéadhna,” ars' an t-aingeal; “sin
guidhe bhreagh imthíghthe gan tairbhe. Tá dhá
cheann eile agat, agus ná dearmhuid an Tró-
caire.” “Tá,” arsa Seadhna, “mealbhóigín
mine agam 'sa bhaile, agus an uile dhailtín a
thagann asteach, ní fuláir leis a dhorn a
sháthadh innte. An cheud duine eile a chuirfidh
lámh 'sa mhealbhóig sin, acht mé féin, go
gceanglaidh sé innte, — feuch!” “O a
Sheadhna, a Sheadhna, ní'l fasg agat!”
ars' an t-aingeal. “Ní'l agat anois acht
aon ghuidhe amháin eile. Iarr Trócaire Dé
do t'anam.” “O, is fíor dhuit,” arsa
Seadhna, “Ba dhóbair dhom é dhearmhad. Tá
crann beag ubhall agam i leath-taoibh mo
dhoruis, agus an uile dhailtín a thagann an treo,
ní fuláir leis a lámh do chur i n-áirde agus
ubhall do stathadh agus do bhreith leis. An
cheud duine eile acht mé féin, a chuirfidh a
lámh 'sa chrann soin, go gceanglaidh sé ann
- O! a dhaoine!” ar seisean, ag sgairteadh
ar gháiridhe, “nach agam a bheidh an spórt
orra!”
'Nuair tháinig sé as na trithidhibh, d'fheuch
sé suas agus bhí an t-aingeal imthighthe. Dhein
sé a mhachtnamh air fein ar feadh tamaill
mhaith, agus fé dheireadh shiar thall, dubhairt se
leis féin: “Feuch anois, ní'l aon amadán i
n-Éirinn is mó ioná mé! Dá mbeidheadh
triúr ceangailte agam um an dtaca so,
duine 'sa chathaoir, duine 'sa mhealbhóig, agus
duine 'sa chrann, cad é an mhaith do dhéan-
fadh san domhsa agus mé i bhfad ó bhaile, gan
bhiadh, gan deoch, gan airgead?” Ní túisge
bhí an méid sin cainte raidhte aige ná thug
sé fé ndeara ós a chomhair amach, 'sa áit a
raibh an t-aingeal, fear fada caol dubh, agus é
ag glinneamhaint air, agus teine chreasa ag
teacht as a dhá shúil 'n-a spreachaibh nimhe.
Bhí dhá adhairc air mar bheidheadh ar phocán
gabhair, agus meigioll fada liath-ghorm garbh
air, eirboll mar bheidheadh ar mhadadh ruadh,
agus crúb ar chois leis mar chrúb thairbh. Do
leath a bheul agus a dhá shúil ar Sheadhna, agus do
stad a chaint. I gceann tamaill do labhair
an fear dubh. “A Sheadhna,” ar seisean,
“ní gádh dhuit aon eagla do bheith ort romh-
amsa; ní'lim ar tí do dhíoghbhála. Ba mhian
liom tairbhe éigin do dhéanamh dhuit, dá
nglacthá mo chomhairle. Do chloiseas thú,
anois beag, dá rádh go rabhais gan bhiadh,
gan deoch, gan airgead. Thiubhrainn-se
airgead do dhóthain duit ar aon choinghíoll
bheag amháin“. “Agus greadadh tré lár
do sgairt!” arsa Seadhna, agus tháinig a chaint
dó; “ná feudfá an méid sin do rádh gan
duine do mhilleadh led' chuid glinneamhna,
pé h-é thú féin?” “Is cuma dhuit cia h-é
mé, acht bheurfad an oiread airgid duit
anois agus cheannóchaidh an oiread leathair
agus choimheádfaidh ag obair thú go ceann
trí mbliadhain ndeug, ar an geoinghíoll so —
go dtiocfair liom an uair sin?”
“Agus má réidhtighim leat, cá raghmaoid
an uair sin?” “Cá beag duit an cheist
sin do chur, 'nuair bheidh an leathar ídighthe agus
bheidhmíd ag gluaiseacht?” “Táir geur-
chúiseach — bíodh agat, feiceam an t-airgead.”
“Táir-se geurchúiseach, feuch!” Do chuir an
fear dubh a lámh 'n-a phóca, agus tharraing sé
amach sparán mór, agus as an sparán do leig
sé amach ar a bhais carn beag d'ór bhreagh
bhuidhe.
“Feuch!” ar seisean; agus shín sé a lámh agus
chuir sé an carn de phíosaibh gleoidhte
gléineamhla fé shúilibh Sheadhna bhoicht. Do
shín Seadhna a dhá láimh, agus do leathadar a dhá
laghar chum an óir. “Go réidh!” ars' an
fear dubh, ag tarraing an óir chuige
asteach; “níl an margadh déanta fós.”
“Bíodh 'n-a mhargadh!” arsa Seadhna.
“Gan teip?” ars' an fear dubh. “Gan
teip,” arsa Seadhna.
“Dar bhrígh na mionn?” ars' an fear
dubh. “Dar bhrígh na mionn,” arsa Seadhna.
(Leanfar de seo.)