Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Faoisidin an Óig-Fhir.
Title
Faoisidin an Óig-Fhir.
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Faoisidin an Óig-fhir: leis an gCraoibhín Aoibhinn. Ó d'fhás me suas bheith láidir mór, Ó fuair mé stór agus cisde bheag, Ó chuadhas ar cuairt ar fud na dtíortha, Tá m'anam ciaptha go bocht 's go lag. Ní ghabhaim aon abhrán, ní thig liom é, Acht bean agus spré ag rith im'cheann; Is fada faraor ó do léigh mé dán; Tá mé ar fán agus tá mé gan greann. Ní hionann mé agus bhí mé tráth; Do bhí mé lá a's dá bhfághainn leabhar, Do chromfainn dá léigheadh ar feadh an lae, Go gcaillfinn ó'n léigheadh mo lúth 's mo mheabhair. Do gcuirfeá amárach ar mo láimh An leabhar is fearr dá ndearna peann, Ní fhosglóchainn an chlár — 'sé mo mheas dá ríribh Nach rachadh aon lín dhé ann mo cheann. Do bhí mé lá, a's níor ghnáth liom riamh Bheith fallsa díomhaoineach mar atáim, Acht ag gabháil abhrán 's ag léigheadh sgríbhinn, Agus bhidheadh m'intinn ró-the 's ró- lán. Nach mór an t-athrughadh tháinig orm, Agus mise 'san bhfoirm-se 'dul ar strae, Ní thuigim féin an nós dá leanaim, 'S ar uairibh measaim nach mé mé. Cleasa an tsaoghail a's grádh do'n domhan A's tabhairt do roghain bheith 'g iarraidh óir, Is iad do ruaig mo chroidhe im' chliabh Mar fhiadh ar shliabh 'sna coin 'n-a thóir. Adeirim liom féin ceud míle uair Nach bhfuil acht luaithreadh in san ór, Nach bhfuil san mbeatha acht séideog gaoithe, 'S gur fír-neimhnídh an stoc 's an stór; Nach bhfuil 'sna ríghthibh is mó acht daoine 'S nach bhfuil 'sna daoinibh acht cárnáin chré — Dá mheud a n-abraim, dá mheud a smaoinim, Ní shocruighim i m'inntinn, ní thigh liom é. A Íosa Chríost, fuair bás Dia hAoine Ar son na ndaoine le pionús mór, Díbir an tsaoghaltacht as mo chroidhe-se, An t-eallach, an talamh, an stoc, 's an stór.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services