Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Faoisidin an Óig-Fhir.

Title
Faoisidin an Óig-Fhir.
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Faoisidin an Óig-fhir:



leis an gCraoibhín Aoibhinn.



Ó d'fhás me suas bheith láidir mór,
Ó fuair mé stór agus cisde bheag,
Ó chuadhas ar cuairt ar fud na dtíortha,
Tá m'anam ciaptha go bocht 's go lag.



Ní ghabhaim aon abhrán, ní thig liom é,
Acht bean agus spré ag rith im'cheann;
Is fada faraor ó do léigh mé dán;
Tá mé ar fán agus tá mé gan greann.



Ní hionann mé agus bhí mé tráth;
Do bhí mé lá a's dá bhfághainn leabhar,
Do chromfainn dá léigheadh ar feadh an lae,
Go gcaillfinn ó'n léigheadh mo lúth 's
mo mheabhair.



Do gcuirfeá amárach ar mo láimh
An leabhar is fearr dá ndearna peann,
Ní fhosglóchainn an chlár — 'sé mo mheas dá
ríribh
Nach rachadh aon lín dhé ann mo cheann.



Do bhí mé lá, a's níor ghnáth liom riamh
Bheith fallsa díomhaoineach mar atáim,
Acht ag gabháil abhrán 's ag léigheadh sgríbhinn,
Agus bhidheadh m'intinn ró-the 's ró-
lán.



Nach mór an t-athrughadh tháinig orm,
Agus mise 'san bhfoirm-se 'dul ar
strae,
Ní thuigim féin an nós dá leanaim,
'S ar uairibh measaim nach mé mé.



Cleasa an tsaoghail a's grádh do'n domhan
A's tabhairt do roghain bheith 'g iarraidh
óir,
Is iad do ruaig mo chroidhe im' chliabh
Mar fhiadh ar shliabh 'sna coin 'n-a thóir.



Adeirim liom féin ceud míle uair
Nach bhfuil acht luaithreadh in san ór,
Nach bhfuil san mbeatha acht séideog gaoithe,
'S gur fír-neimhnídh an stoc 's an stór;



Nach bhfuil 'sna ríghthibh is mó acht daoine
'S nach bhfuil 'sna daoinibh acht cárnáin
chré —
Dá mheud a n-abraim, dá mheud a smaoinim,
Ní shocruighim i m'inntinn, ní thigh liom é.



A Íosa Chríost, fuair bás Dia hAoine
Ar son na ndaoine le pionús mór,
Díbir an tsaoghaltacht as mo chroidhe-se,
An t-eallach, an talamh, an stoc, 's an
stór.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services