Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clare Irish. Domhnall Ua Laoghaire agus na Mná Sídhe.
Title
Clare Irish. Domhnall Ua Laoghaire agus na Mná Sídhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ua h-Aodha, Tomás
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLARE IRISH DOMHNALL UA LAOGHAIRE AGUS NA MNÁ SÍDHE. Le Tomás Ua h-Aodha. (Do'n Léightheoir:— Is minic do chualas an sgeul so shíos 'nuair do bhí mise am' gharsún ag baile i “Sráid-na-Cathrach” — sé sin Miltown Malbay má's é do thoil é — i gContae an Chláir, agus do chuala mé é i mBeurla agus i nGaedhilig. Do bhí sé an- bhreagh ag sean-fhear dar bh'ainm Roibeard Cuimín — solus na bhFlaitheas d'a anam anocht — agus is ó Roibeard d'fhoghluim mise é. Dubhairt sé liomsa go raibh aithint mhaith ag an bhfear d'innis an sgeul do fein ar Dhomhnall Ua Laoghaire agus a mháthair; acht pé'r b'ann é, so dhíbh an sgeul mar do fuair mise é deich mbliadhna ó shoin.) Timchioll le trí fichid bliadhain ó shoin, nó mar sin, do bhí baintreabhach 'na comhnuidhe le hais Leacht Uí Chonchubhair i gContae an Chláir, agus ní raibh aici acht aon mhac amháin
d'ar bh'ainm Dhomhnall Ua Laoghaire. Budh buachaill breagh láidir é, agus do bhí na daoine go léir ar fúd na háite an-bhuidheach do agus an-cheanamhail air, mar ba comharsa mhaith é, agus leis sin, do bhí sé croidheamhail, fearamhail, séithmhéalta. Ní raibh locht ar bith ag a mháthair air acht aon locht amháin, agus go deimhin agus go dearbhtha níor bh'fiú trácht air sin. Do bhí dúil mhór aige 'sa bheith amuigh 'san oidhche ag lámhach coinínidhe le solus na gealaighe 'san dabhach mór atá ar bhruac na fairge ag síneadh siar ó'n “Leacht” chu' Droichid Uí Bhriain, agus do bhídheadh a mháthair maidin agus tráthnóna ag gearán agns ag cannrán mar gheall air sin, mar do bhí eagla a croidhe uirre go gcasfadh na daoine maithe nó an “Cóiste Bodhar” ar Dhomhnall oidhche icínt 'san dabhach. Acht ní raibh toradh an mhadraidh ag Domhnall ar a cuid chainte agus ní bhídheadh sé acht ag deanadh magaidh fúithe, mar ní chuirfeadh “an deamhan nó Dochtúr Fostar” eagla air. Deireadh sí annsan, “lean díot, a bhitheamhnaigh; tá tú ag deanadh magaidh fúm-sa anois, acht b'fhéidir sul do bheidheadh an bhliadhain so caithte nach mbeidh tú chomh suairc sin. Mo dhíothchair! is deacair na sean-fhocail do shárúghadh — ‘bidheann ceann caol ar an aos óg’ — agus tá ceann caol ort-sa a Dhomhnaill.” Bhí go maith agus ní raibh go holc, agus aon Oidhche Shamhna amháin do bhí Dhomhnall amuigh, mar budh ghnáthach leis, ag tóruigheacht ar na coinínidhibh. Ba oidhche bhreagh ghealaighe í agus ní raibh gal gaoithe ná torann ar bith eile amuigh acht amháin crónán na fairge ar an tráig, nó anois agus arís fead géur na bhfeadóg ós a chionn. Do shiubhail sé suas agus anuas agus thart timchioll an Dabhaig, acht ní raibh an t-ádh ar a chuid saothair an oidhche sin. Ní fhaca sé coinín ar bith nó aon nidh eile, agus do bhí sé ag teacht abhaile, sáruighthe agus tuirseach go leór, ag deanadh ar an mbuille 'chlog, agus cad do chonnaic sé amach roimhe ar an mbóthar acht beirt mhná agus iad “ag siucham-seacham” le chéile. Do tháinig iongantas air 'nuair do chonnaic sé na mná gan aon fhear 'n-a bhfochair ag deanadh cuideachta leo, agus dubhairt sé leis féin, “Nach déidheanach atá síad amuigh. Ní fheadar 'bhfuil aon duine marbh 'san gcomharsanachd anocht! B'fhéidir gurab as an tóramh atá siad ag teacht; acht beidh 'fhios agam-sa lom láithreach, agus má tá, rachaidh mise tamall beag 'san tóramh.” Do bhí siad breis agus míle go leith ó'n “Leacht” an t-am so, agus do shaoil Domh- nall go mbeidheadh se suas leo sul do bheidheadh ceathramha mhíle eile siubhailte aca. Do chorraig sé suas annsan, agus do dhein sé a dhíchioll chun teacht suas leo, acht chidh gur chuir sé deabhadh mór air féin, níor bhuaidh sé coiscéim ar na mnáibh. Do rith sé annsan, mar níor bh'ait leis bheith buailte ar fad, act budh mar a chéadna é — bhí na mná chomh fada uaidh a's do bhí síad ar dtús. Annsan do sheas sé suas ar an mbóthar, agus do chuimhnig sé air féin. D'fheuch sé go géar ar na mnáibh arís, agus do thúg sé faoi ndeara nach ag siubhal do bhí siad, acht ag imtheacht ós ceann an bhóthair mar scáile lá Márta. “Am' bhaisteadh,” ar Domhnall, “tá mé cínnte nach leis an saoghal so na mná úd i n-aon chor; is leis na daoine maithe iad, agus atá gnó icínt ceapuighthe amach aca anocht, mar is Oidhche Shamhna í so. Tá siad ag deanadh ar an Leacht anois, acht beidh mise láithreach nó ní Domhnall m'ainm. Tá siad so ag dul thimchioll acht rachaidh mire trasna, agus beidh mise ann níos luaithe 'ná iad.” Leis sin do léim sé thar an gcloidhe do bhí ar thaobh an bhóthair, agus síos leis chun an tráig, agus annsan do rith sé mar an gearrfhiadh, agus níor stad sé go dtáinig sé go dtí an “Leacht.” Do chuaidh sé i bhfolach taobh shiar de chrompán mór giubhaise do bhí ag seasamh suas le cruach mhóna, i n-áit 'n-a raibh cor 'san mbóthar, ar nós go mbeidheadh radharc suas agus anuas aige. D'fhan sé annsan go ciuin socair, gan cor as, ag feitheamh ar na
mnáibh, agus níor bh'fada dho ann go bhfaca sé iad ag tarruingt air, agus an “siucham- seacham” céadna d'airigh se ar dtús ag dul ar n-aghaidh aca fós. Do chuir sé cluas air féin, ag feuchaint a' bhfaigheadh sé amach cad do bhí siad a rádh, acht níor thuig sé aon fhocal amháin. Do spalp an ghealach amach 'nuair do bhí siad ag dul thairis, agus do bhí radharc mhaith aige ar na mnáibh, mar b'fhéidir leis bárr an ghunna do leagaint ortha, beag-nach, ó'n áit 'n-a raibh sé i bhfolach, do bhí sé chomh goirid sin dóibh. Ba sean-chailleacha iad, agus ní fhaca sé riamh roimhe sin duine no beithidheach leath chomh gránna leo. Do bhí a ngruaig chomh liath le broc agus a gcroicionn chomh buidhe leis an ór agus chomh cropuighthe le leathair shean-bhróige. Annsan do bhí a súile ag cur teine asta mar smeachada dearg; agus chun an sgeul do dheanadh níos measa, do bhí cheithre stair-fhiacail cam fada ag fás as beul gach duine aca. Do thug Domhnall rud eile faoi ndeara. Do bhí ceann aca ag iomchur ualaigh icínt faoi n-a clóca, agus 'nuair do chonnaic sé é sin, dubhairt sé leis féin, “Dar mo láimh, ní'l ceann caol ar Dhomhnall anocht. Do bhí 'fhios agam-sa go maith cad do bhí siad ag dul chun deanadh. Is é Dia do chuir mise amach anocht gan dobhta ar domhan.” Suas an sráid leo, agus do chuinnig Domhnall a shúile ortha, agus níor bh'fada gur sheas siad taobh amuigh de thigh beag deas cómpórdach do bhí ar thaoibh na sráide. Do léim Domhnall 'n-a sheasamh 'nuair do chonnaic sé na cailleacha ag deanadh ar an tigh beag, agus is iongantach nár phreab a chroidhe amach ar an mbóthar le faitchios agus le heagla, acht ní mar gheall air féin. Ba duine muintire leis féin do bhí 'n-a chomh- nuidhe 'san tigh beag, dar bh'ainm Micheál Ua Conchubhair, agus ní raibh sé pósta acht cúpla bliadhain. Is fa dhéin leanaibh an fhir so do bhí na cailleacha ag teacht, agus is é sin do chuir an eagla ar Dhomhnall bocht. Dhruid na cailleacha isteach, agus do thóg ceann aca an fhuinneog, agus isteach léithe gan mhoill. 'Nuair do bhí sí istigh do chrom an ceann eile síos, mar do bhí an fhuinneog íseal, agus do thug sí an t-ualach do bhí faoi n-a clóca do'n chailligh istig. (le bheith ar leanamhuin.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services