CLARE IRISH
DOMHNALL UA LAOGHAIRE AGUS NA MNÁ SÍDHE.
Le Tomás Ua h-Aodha.
(Do'n Léightheoir:— Is minic do chualas
an sgeul so shíos 'nuair do bhí mise am'
gharsún ag baile i “Sráid-na-Cathrach” —
sé sin Miltown Malbay má's é do thoil é —
i gContae an Chláir, agus do chuala mé é i
mBeurla agus i nGaedhilig. Do bhí sé an-
bhreagh ag sean-fhear dar bh'ainm Roibeard
Cuimín — solus na bhFlaitheas d'a anam
anocht — agus is ó Roibeard d'fhoghluim mise
é. Dubhairt sé liomsa go raibh aithint mhaith
ag an bhfear d'innis an sgeul do fein ar
Dhomhnall Ua Laoghaire agus a mháthair; acht
pé'r b'ann é, so dhíbh an sgeul mar do fuair
mise é deich mbliadhna ó shoin.)
Timchioll le trí fichid bliadhain ó shoin,
nó mar sin, do bhí baintreabhach 'na comhnuidhe
le hais Leacht Uí Chonchubhair i gContae an
Chláir, agus ní raibh aici acht aon mhac amháin
d'ar bh'ainm Dhomhnall Ua Laoghaire. Budh
buachaill breagh láidir é, agus do bhí na
daoine go léir ar fúd na háite an-bhuidheach
do agus an-cheanamhail air, mar ba comharsa
mhaith é, agus leis sin, do bhí sé croidheamhail,
fearamhail, séithmhéalta. Ní raibh locht ar
bith ag a mháthair air acht aon locht amháin,
agus go deimhin agus go dearbhtha níor bh'fiú
trácht air sin. Do bhí dúil mhór aige 'sa
bheith amuigh 'san oidhche ag lámhach coinínidhe
le solus na gealaighe 'san dabhach mór atá
ar bhruac na fairge ag síneadh siar ó'n
“Leacht” chu' Droichid Uí Bhriain, agus do
bhídheadh a mháthair maidin agus tráthnóna
ag gearán agns ag cannrán mar gheall
air sin, mar do bhí eagla a croidhe uirre go
gcasfadh na daoine maithe nó an “Cóiste
Bodhar” ar Dhomhnall oidhche icínt 'san
dabhach. Acht ní raibh toradh an mhadraidh ag
Domhnall ar a cuid chainte agus ní bhídheadh
sé acht ag deanadh magaidh fúithe, mar ní
chuirfeadh “an deamhan nó Dochtúr Fostar”
eagla air. Deireadh sí annsan, “lean
díot, a bhitheamhnaigh; tá tú ag deanadh
magaidh fúm-sa anois, acht b'fhéidir sul do
bheidheadh an bhliadhain so caithte nach mbeidh tú
chomh suairc sin. Mo dhíothchair! is deacair
na sean-fhocail do shárúghadh — ‘bidheann
ceann caol ar an aos óg’ — agus tá ceann
caol ort-sa a Dhomhnaill.”
Bhí go maith agus ní raibh go holc, agus
aon Oidhche Shamhna amháin do bhí Dhomhnall
amuigh, mar budh ghnáthach leis, ag tóruigheacht
ar na coinínidhibh. Ba oidhche bhreagh ghealaighe
í agus ní raibh gal gaoithe ná torann ar bith
eile amuigh acht amháin crónán na fairge ar
an tráig, nó anois agus arís fead géur na
bhfeadóg ós a chionn. Do shiubhail sé suas
agus anuas agus thart timchioll an Dabhaig,
acht ní raibh an t-ádh ar a chuid saothair an
oidhche sin. Ní fhaca sé coinín ar bith nó
aon nidh eile, agus do bhí sé ag teacht abhaile,
sáruighthe agus tuirseach go leór, ag deanadh
ar an mbuille 'chlog, agus cad do chonnaic
sé amach roimhe ar an mbóthar acht beirt
mhná agus iad “ag siucham-seacham” le chéile.
Do tháinig iongantas air 'nuair do chonnaic
sé na mná gan aon fhear 'n-a bhfochair ag
deanadh cuideachta leo, agus dubhairt sé
leis féin, “Nach déidheanach atá síad amuigh.
Ní fheadar 'bhfuil aon duine marbh 'san
gcomharsanachd anocht! B'fhéidir gurab as
an tóramh atá siad ag teacht; acht beidh
'fhios agam-sa lom láithreach, agus má tá,
rachaidh mise tamall beag 'san tóramh.”
Do bhí siad breis agus míle go leith ó'n
“Leacht” an t-am so, agus do shaoil Domh-
nall go mbeidheadh se suas leo sul do
bheidheadh ceathramha mhíle eile siubhailte aca.
Do chorraig sé suas annsan, agus do dhein
sé a dhíchioll chun teacht suas leo, acht chidh
gur chuir sé deabhadh mór air féin, níor
bhuaidh sé coiscéim ar na mnáibh. Do rith sé
annsan, mar níor bh'ait leis bheith buailte
ar fad, act budh mar a chéadna é — bhí na
mná chomh fada uaidh a's do bhí síad ar dtús.
Annsan do sheas sé suas ar an mbóthar,
agus do chuimhnig sé air féin. D'fheuch sé
go géar ar na mnáibh arís, agus do thúg sé
faoi ndeara nach ag siubhal do bhí siad, acht
ag imtheacht ós ceann an bhóthair mar scáile
lá Márta. “Am' bhaisteadh,” ar Domhnall,
“tá mé cínnte nach leis an saoghal so na
mná úd i n-aon chor; is leis na daoine
maithe iad, agus atá gnó icínt ceapuighthe
amach aca anocht, mar is Oidhche Shamhna í so.
Tá siad ag deanadh ar an Leacht anois,
acht beidh mise láithreach nó ní Domhnall
m'ainm. Tá siad so ag dul thimchioll acht
rachaidh mire trasna, agus beidh mise ann
níos luaithe 'ná iad.” Leis sin do léim sé
thar an gcloidhe do bhí ar thaobh an bhóthair,
agus síos leis chun an tráig, agus annsan
do rith sé mar an gearrfhiadh, agus níor
stad sé go dtáinig sé go dtí an “Leacht.”
Do chuaidh sé i bhfolach taobh shiar de chrompán
mór giubhaise do bhí ag seasamh suas le
cruach mhóna, i n-áit 'n-a raibh cor 'san
mbóthar, ar nós go mbeidheadh radharc suas
agus anuas aige. D'fhan sé annsan go
ciuin socair, gan cor as, ag feitheamh ar na
mnáibh, agus níor bh'fada dho ann go bhfaca
sé iad ag tarruingt air, agus an “siucham-
seacham” céadna d'airigh se ar dtús ag dul
ar n-aghaidh aca fós. Do chuir sé cluas air
féin, ag feuchaint a' bhfaigheadh sé amach cad
do bhí siad a rádh, acht níor thuig sé aon
fhocal amháin. Do spalp an ghealach amach
'nuair do bhí siad ag dul thairis, agus do bhí
radharc mhaith aige ar na mnáibh, mar
b'fhéidir leis bárr an ghunna do leagaint
ortha, beag-nach, ó'n áit 'n-a raibh sé i
bhfolach, do bhí sé chomh goirid sin dóibh.
Ba sean-chailleacha iad, agus ní fhaca sé
riamh roimhe sin duine no beithidheach leath
chomh gránna leo. Do bhí a ngruaig chomh
liath le broc agus a gcroicionn chomh buidhe
leis an ór agus chomh cropuighthe le leathair
shean-bhróige. Annsan do bhí a súile ag cur
teine asta mar smeachada dearg; agus chun
an sgeul do dheanadh níos measa, do bhí
cheithre stair-fhiacail cam fada ag fás as
beul gach duine aca. Do thug Domhnall
rud eile faoi ndeara. Do bhí ceann aca
ag iomchur ualaigh icínt faoi n-a clóca, agus
'nuair do chonnaic sé é sin, dubhairt sé
leis féin, “Dar mo láimh, ní'l ceann caol
ar Dhomhnall anocht. Do bhí 'fhios agam-sa
go maith cad do bhí siad ag dul chun deanadh.
Is é Dia do chuir mise amach anocht gan
dobhta ar domhan.”
Suas an sráid leo, agus do chuinnig
Domhnall a shúile ortha, agus níor bh'fada
gur sheas siad taobh amuigh de thigh beag
deas cómpórdach do bhí ar thaoibh na sráide.
Do léim Domhnall 'n-a sheasamh 'nuair do
chonnaic sé na cailleacha ag deanadh ar an
tigh beag, agus is iongantach nár phreab a
chroidhe amach ar an mbóthar le faitchios agus
le heagla, acht ní mar gheall air féin. Ba
duine muintire leis féin do bhí 'n-a chomh-
nuidhe 'san tigh beag, dar bh'ainm Micheál
Ua Conchubhair, agus ní raibh sé pósta acht
cúpla bliadhain. Is fa dhéin leanaibh an fhir
so do bhí na cailleacha ag teacht, agus is é
sin do chuir an eagla ar Dhomhnall bocht.
Dhruid na cailleacha isteach, agus do thóg
ceann aca an fhuinneog, agus isteach léithe
gan mhoill. 'Nuair do bhí sí istigh do chrom
an ceann eile síos, mar do bhí an fhuinneog
íseal, agus do thug sí an t-ualach do bhí
faoi n-a clóca do'n chailligh istig.
(le bheith ar leanamhuin.)