Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bearna Dhiarmada. Continued.
Title
Bearna Dhiarmada. Continued.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEARNA DHIARMADA. Continued. Bhí Diarmaid ag triall thrí mheall caillighe. Chuala sé torann 'na dhiaidh, agus leis sin do rith bean as bothán ar thaoibh an bhóthair agus liúigh sí, “bí ar suibhal, a Dhiar- maid; tá Oirpin agus a shluagh ar tí do mharbhtha.” Chuir Diarmaid gáire as. “An mó fear ann?” ar seisean. “Tá dhá mharcach deug: táid ag teacht trasna droichid an eidhneáin. Cluinim torann na gcapall: rith leat ar son Dé!” “Beanfad gé asda ar dtús go háirighthe,” ar Diar- maid, agus leis sin do tháinig an fhuirionn ag cos-in-áirde tar lúb an bhóthair, cubhrán bán ar bheulbhach gach capaill agus deatach allais ag éirghe as a mbleunaibh. Le gáir agus le béic d'ionnsaigheadar é, cruidhte na n-each ag baint teineadh creasa as an mbóthar. “A Dhiarmaid! a Dhiarmaid! ar chaillis do chéill? rit leat; táid anuas ort,” ars an bhean. “Cad é an mhaitheas dam sin, a bhean? Tá na machairidhe míne ar mo dá thaoibh, agus na bealaigh réidh de mharcach dian.” Ní dheunfaidh sé feidhm chum imtheacht uatha ar a shon go bh-fhuil sé chomh mear le coin agus chomh meisneamhail le leómhan. Tá 'na sheasamh ar lár an bhóthair chomh díreach le gáinne. “Mar mhairim!” ar seisean, “an marcach úd an ghearáin duibh i dtosach, an tsrian 'na bheul agus an claidheamh 'na chiotóig, is é Cit cam shúileach é go deimhin!” “Ar thréig do lúth thú, a Dhiarmaid? Ní'l géibheann i ndán duit anois, acht claidheamh dod' chliabh.” Chuala sé dranntán Chit agus chonnairc fearg a dheilbhe, 'nuair tháinig an láir dhubh álainn mar ghála gaoithe 'n-a aghaidh. Léim Diarmaid as a chorp tar cloidhe teorann an bhóthair — deirid na sean daoine go raibh an cloidhe sé troighthe ar áirde — agus do léim an t-each treun é 'na dhiaidh. D'eitig na capaill eile an léim agus bhí Cit faoi dheireadh a láimh a shean-námhad. Do mheas Cit an t-each do thiomáint thrí Dhiar- maid, acht bhí seisean ro-chlisde; do léim sé ar leathtaoib, agus fuair Cit an claidheamh mór i mbaic a muinéil gur thuit i g-crothaibh báis ó'n diallaid. Do lean Diarmaid go tiugh i rian an eich, le preab do chuaidh se 'san diallaid agus as go bráth leis. Mathghamhain Chinn Mhara. To be continued.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services