BEARNA DHIARMADA.
Continued.
Bhí Diarmaid ag triall thrí mheall
caillighe. Chuala sé torann 'na dhiaidh, agus
leis sin do rith bean as bothán ar thaoibh an
bhóthair agus liúigh sí, “bí ar suibhal, a Dhiar-
maid; tá Oirpin agus a shluagh ar tí do
mharbhtha.” Chuir Diarmaid gáire as.
“An mó fear ann?” ar seisean. “Tá dhá
mharcach deug: táid ag teacht trasna
droichid an eidhneáin. Cluinim torann na
gcapall: rith leat ar son Dé!” “Beanfad
gé asda ar dtús go háirighthe,” ar Diar-
maid, agus leis sin do tháinig an fhuirionn ag
cos-in-áirde tar lúb an bhóthair, cubhrán
bán ar bheulbhach gach capaill agus deatach
allais ag éirghe as a mbleunaibh. Le
gáir agus le béic d'ionnsaigheadar é, cruidhte na
n-each ag baint teineadh creasa as an
mbóthar.
“A Dhiarmaid! a Dhiarmaid! ar chaillis
do chéill? rit leat; táid anuas ort,” ars
an bhean.
“Cad é an mhaitheas dam sin, a bhean?
Tá na machairidhe míne ar mo dá thaoibh, agus
na bealaigh réidh de mharcach dian.”
Ní dheunfaidh sé feidhm chum imtheacht uatha
ar a shon go bh-fhuil sé chomh mear le coin agus
chomh meisneamhail le leómhan. Tá 'na
sheasamh ar lár an bhóthair chomh díreach le
gáinne.
“Mar mhairim!” ar seisean, “an marcach
úd an ghearáin duibh i dtosach, an tsrian 'na
bheul agus an claidheamh 'na chiotóig, is é Cit
cam shúileach é go deimhin!” “Ar thréig do
lúth thú, a Dhiarmaid? Ní'l géibheann i ndán
duit anois, acht claidheamh dod' chliabh.”
Chuala sé dranntán Chit agus chonnairc fearg
a dheilbhe, 'nuair tháinig an láir dhubh álainn
mar ghála gaoithe 'n-a aghaidh.
Léim Diarmaid as a chorp tar cloidhe
teorann an bhóthair — deirid na sean daoine
go raibh an cloidhe sé troighthe ar áirde — agus
do léim an t-each treun é 'na dhiaidh.
D'eitig na capaill eile an léim agus bhí Cit
faoi dheireadh a láimh a shean-námhad. Do
mheas Cit an t-each do thiomáint thrí Dhiar-
maid, acht bhí seisean ro-chlisde; do léim
sé ar leathtaoib, agus fuair Cit an claidheamh
mór i mbaic a muinéil gur thuit i g-crothaibh
báis ó'n diallaid. Do lean Diarmaid go
tiugh i rian an eich, le preab do chuaidh se
'san diallaid agus as go bráth leis.
Mathghamhain Chinn Mhara.
To be continued.