Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Connaught Irish. Sgeul ar an Dreoilín.
Title
Connaught Irish. Sgeul ar an Dreoilín.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CONNAUGHT IRISH SGEUL AR AN DREOILÍN. Ins an leabhrán “Siamsa an Gheimhridh” tá cur síos ar an nós ar imir an dreóilín ar an iolra (= Iolar) agus ar an sionnach. Cuirfimid síos ann so mar bhain sé sásadh do fhear do chaill a nead agus mar bhagair sé ar an tailliúir 'nuair budh mhian leis deifir do chur ar a chulaidh bhainnse do dheanamh:— Bhí caréire ins an tsean-aimsir do bhíodh a' tabhairt lasta ó shiopaibh móra go dtí lucht siopa giorra. Mar budh mhinic amuigh 'san oidhche é, do bhíodh airm chosainte ar iomchar leis, ar fhaitchios go gcasfaidhe robá- laidhe dhó. A' dul ó'n mbaile mór dhó ar fud na tuaithe lá breágh gréine, stad sé ar an mbóthar a' tabhairt sgíthe dá chapall. A' breathnughadh thar claidhe dhó, chonnaic sé feur fada milis taobh 'stigh. Cuaidh sé isteach go mbainfeadh sé gabháil fhéir dá chapall. Tharla go raibh nead ag dreoilín ann agus le linn bainte an fhéir cailleadh an nead ar an dreóilín. D' eitill an sean-dreóilín amach agus dubhairt, “Beidh mise suas leat faoi mo nead do chailleadh.” “Cad do shorra dhuit?” ars an cairéire. “Cia an nós a m-beidhtheá suas liomsa, a ruidín shuaraigh? Cia an bheann tá agamsa ort?” “beidh 'fhios agat ar ball,” ars an dreóilín, “óir ní'l braon fíona no brannda tá 'san gcairt agat nach ndóirtfidh mise ar fud an bhóthair.” “Déan do dhícheall,” ars an cairéire. Amach leis an dreóilin agus d'eitill sé as choca an tsoithigh i n-a raibh an brannda. Níor leis an gcaréire dob' fhail- lighe. Tarraing sé a chlaidheamh agus shaoil sé an dreoilín a mharbhadh, acht cad ar ar bhuail sé an buille acht ar choca an bhairile i n-a raibh an brannda. Thuit an soitheach anuas ar an mbothar agus rinneadh píosaidhe dhe agus dóirteadh an brannda. Chuir sin fearg án-mhór ar an gcairéire bocht, óir ní raibh 'fhios aige cia an leithsgéul do bhéaradh dá
mhaighistir faoi dhórtadh an bhrannda, 'nuair rachadh sé a bhaile. Bhí an-fhearg air leis an dreóilín agus nuair d'eitill an dreoilín ar an soitheach fíona, tharraing an caréire a shean-bhuille de'n chlaidheamh leis an gceann do sgiobadh de'n dreóilín, acht thuit an buille ar an soitheach i n-a raibh an fíon, agus rinneadh dhá leith dhe. D'imthigh an dreóilín leis, a' fágbháil an chairéire a' smuaineadh fá n-a aimhleas agus fá 'n gcóir a chuir an dreóilín air, agus a' machtnadh faoi mar ghlacfadh a mhaighistir leis 'nuair thiocfadh sé a bhaile. “Is lugha ná frighid máthair an droch-adhbhair.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services