CONNAUGHT IRISH
SGEUL AR AN DREOILÍN.
Ins an leabhrán “Siamsa an Gheimhridh”
tá cur síos ar an nós ar imir an dreóilín
ar an iolra (= Iolar) agus ar an sionnach.
Cuirfimid síos ann so mar bhain sé sásadh
do fhear do chaill a nead agus mar bhagair
sé ar an tailliúir 'nuair budh mhian leis
deifir do chur ar a chulaidh bhainnse do
dheanamh:—
Bhí caréire ins an tsean-aimsir do bhíodh
a' tabhairt lasta ó shiopaibh móra go dtí
lucht siopa giorra. Mar budh mhinic amuigh
'san oidhche é, do bhíodh airm chosainte ar
iomchar leis, ar fhaitchios go gcasfaidhe robá-
laidhe dhó. A' dul ó'n mbaile mór dhó ar
fud na tuaithe lá breágh gréine, stad sé ar
an mbóthar a' tabhairt sgíthe dá chapall. A'
breathnughadh thar claidhe dhó, chonnaic sé feur
fada milis taobh 'stigh. Cuaidh sé isteach go
mbainfeadh sé gabháil fhéir dá chapall.
Tharla go raibh nead ag dreoilín ann agus
le linn bainte an fhéir cailleadh an nead ar
an dreóilín. D' eitill an sean-dreóilín
amach agus dubhairt, “Beidh mise suas leat
faoi mo nead do chailleadh.” “Cad do
shorra dhuit?” ars an cairéire. “Cia an
nós a m-beidhtheá suas liomsa, a ruidín
shuaraigh? Cia an bheann tá agamsa ort?”
“beidh 'fhios agat ar ball,” ars an dreóilín,
“óir ní'l braon fíona no brannda tá 'san
gcairt agat nach ndóirtfidh mise ar fud an
bhóthair.” “Déan do dhícheall,” ars an
cairéire. Amach leis an dreóilin agus
d'eitill sé as choca an tsoithigh i n-a raibh an
brannda. Níor leis an gcaréire dob' fhail-
lighe. Tarraing sé a chlaidheamh agus shaoil sé
an dreoilín a mharbhadh, acht cad ar ar bhuail
sé an buille acht ar choca an bhairile i n-a
raibh an brannda. Thuit an soitheach anuas
ar an mbothar agus rinneadh píosaidhe dhe
agus dóirteadh an brannda. Chuir sin fearg
án-mhór ar an gcairéire bocht, óir ní raibh
'fhios aige cia an leithsgéul do bhéaradh dá
mhaighistir faoi dhórtadh an bhrannda, 'nuair
rachadh sé a bhaile. Bhí an-fhearg air leis
an dreóilín agus nuair d'eitill an dreoilín
ar an soitheach fíona, tharraing an caréire a
shean-bhuille de'n chlaidheamh leis an gceann
do sgiobadh de'n dreóilín, acht thuit an
buille ar an soitheach i n-a raibh an fíon,
agus rinneadh dhá leith dhe. D'imthigh an
dreóilín leis, a' fágbháil an chairéire a'
smuaineadh fá n-a aimhleas agus fá 'n gcóir
a chuir an dreóilín air, agus a' machtnadh
faoi mar ghlacfadh a mhaighistir leis 'nuair
thiocfadh sé a bhaile.
“Is lugha ná frighid máthair an droch-adhbhair.”