Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Connaught Irish. Ólamuid Sláinte na n-Eun.
Title
Connaught Irish. Ólamuid Sláinte na n-Eun.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CONNAUGHT IRISH ÓLAMUID SLÁINTE NA N-EUN. Táinic an dréoilín go dorus tighe an tailliúr', Bhuail bhuille air agus bhain sé clár as; Mar ndeunfaidh tú mo rapper dham agus velvet lé n-a chába, Beidh mé ag gabháil de mhaide ort no go mbinsfidh mé do chnámha. Ólamuid sláinte na néun. Mise Seághan 'ac Síoda mac Síle Níc Amhlaigh, A tháinic ar an mbaile so 'réir a' deanadh cleamhnais; Tá bá agus caoirigh agat-sa agus deis mhór le hagháidh bainse, Agus mar dtugaidh tú d'inghean dam imréochad ort-sa an clampar. Ólamuid sláinte na n-eun. Tá siopa ag an dréoilín chomh laídir agus tá i nGansa Tá fíon agus tá beoir aige, ta rum aige agus brannda, Tá líon a' tidheacht 'na thuillibh aige anall ó rígh na Fraince; Tá an t-iolra mór a'seinm ceoil agus an milearún a' damhsa. Ólamuid sláinte na n-eun. Dá bhfeicfeá sa an corr uaithne agus í shuas ar an green table, A mionna ar an leabhar gurab é an dreóilín a céile; “Thut, thut!” adubhairt an breitheamh, “ní ghlacfa mé mionna éithigh, “Nach ait an rud corr uaithne agus dreóilin a gabháil le chéile.” Ólamuid sláinte na n-eun. Dá bhfeicfeá an t-iolra mór agus é shuas ar an gCruaich Phádruic; Ba mhinic leis bheith aigeanta 's níor mhinic leis bheith ráidhteach; Chonnaic mé ar an gcurrach é aréir a' rithe rása, Agus dhá cheann deug de chearcáibh aige thug sé ó mo mháthair. Ólamuid sláinte na n-éun. Dá bhfeicfeá iad-san cruinnighthe uilig a' dul 'un feusda; “Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit,” dúbhairt duine aca le chéile; “Mar dtugaidh sibh rud eígin dam a chuir- feas mé in mo bheubhar, “Racha mé go hIorrus, mar bheidheadh bocht ag iarraidh déirce.” Ólamuid sláinte na n-eun. “Da bhfaghainn an piópa dearg agus bosca lán de shnaoisín, “Soitheach uisge beatha, agus an bairile bheith líonta, “Comrádaidhe bheith i n-aice liom ó mhaidin go dtí an oidhche, “Níor bhaogal do mhaor an bhaile so mo chapall ná mo caoirigh.” Ólamuid sláinte na n-eun.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services