CONNAUGHT IRISH
ÓLAMUID SLÁINTE NA N-EUN.
Táinic an dréoilín go dorus tighe an
tailliúr',
Bhuail bhuille air agus bhain sé clár as;
Mar ndeunfaidh tú mo rapper dham agus
velvet lé n-a chába,
Beidh mé ag gabháil de mhaide ort no go
mbinsfidh mé do chnámha.
Ólamuid sláinte na néun.
Mise Seághan 'ac Síoda mac Síle Níc
Amhlaigh,
A tháinic ar an mbaile so 'réir a' deanadh
cleamhnais;
Tá bá agus caoirigh agat-sa agus deis mhór le
hagháidh bainse,
Agus mar dtugaidh tú d'inghean dam
imréochad ort-sa an clampar.
Ólamuid sláinte na n-eun.
Tá siopa ag an dréoilín chomh laídir agus tá i
nGansa
Tá fíon agus tá beoir aige, ta rum aige agus
brannda,
Tá líon a' tidheacht 'na thuillibh aige anall ó
rígh na Fraince;
Tá an t-iolra mór a'seinm ceoil agus an
milearún a' damhsa.
Ólamuid sláinte na n-eun.
Dá bhfeicfeá sa an corr uaithne agus í shuas ar
an green table,
A mionna ar an leabhar gurab é an dreóilín
a céile;
“Thut, thut!” adubhairt an breitheamh, “ní
ghlacfa mé mionna éithigh,
“Nach ait an rud corr uaithne agus dreóilin
a gabháil le chéile.”
Ólamuid sláinte na n-eun.
Dá bhfeicfeá an t-iolra mór agus é shuas ar
an gCruaich Phádruic;
Ba mhinic leis bheith aigeanta 's níor mhinic
leis bheith ráidhteach;
Chonnaic mé ar an gcurrach é aréir a' rithe
rása,
Agus dhá cheann deug de chearcáibh aige thug
sé ó mo mháthair.
Ólamuid sláinte na n-éun.
Dá bhfeicfeá iad-san cruinnighthe uilig a'
dul 'un feusda;
“Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit,”
dúbhairt duine aca le chéile;
“Mar dtugaidh sibh rud eígin dam a chuir-
feas mé in mo bheubhar,
“Racha mé go hIorrus, mar bheidheadh bocht
ag iarraidh déirce.”
Ólamuid sláinte na n-eun.
“Da bhfaghainn an piópa dearg agus bosca
lán de shnaoisín,
“Soitheach uisge beatha, agus an bairile bheith
líonta,
“Comrádaidhe bheith i n-aice liom ó mhaidin
go dtí an oidhche,
“Níor bhaogal do mhaor an bhaile so mo
chapall ná mo caoirigh.”
Ólamuid sláinte na n-eun.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11