Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
West Cork Gaelic. Ordóg Fheasa Fhinn Mhic Chumhaill.
Title
West Cork Gaelic. Ordóg Fheasa Fhinn Mhic Chumhaill.
Author(s)
O'Brien, P.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
WEST CORK GAELIC ORDÓG FHEASA FHINN MHIC CHUMHAILL. Lá dá rabhas ag siubhal cois abhann do casadh orm an gaisgidheach ba mhó dá bhfeaca riamh, agus gan acht aon tsúil amháin aige, agus í sin i gclár a éadain. Do tháinig iongnadh orm an tráth do chonnac é. Do fhéach sé orm agus do fhiarfaigh sé dhíom cia'rbh é me. “Is mise Fionn Mac Cumhaill,” arsa mise. “Is maith mar a thárla,” ars an gaisgidheach, “mar atáimse annso le seacht lá agus le seacht n-oidhche gan neul codalta theacht orm ag faire bradáin do bhí ins an abhainn seo. Tar isteach liom ins an tigh seo 'n-ár n-aice go sínfead thorm ar an leabaidh go gcodail- eoghad rod éigin, agus bí-se ag faire an bhradáin atá 'á bheirbhiughadh ar an teine. Tabhair aire mhaith dho, agus ná leig aon chlog do theacht air, no má leigir, bainfeadsa an ceann díot. Seo fáinne dhuit, agus cuir ar do mhéar é go n-éireóghadsa as mo chodladh.” Do rinneas amhlaidh soin agus do shuidheas cois na teine ag tabhairt aire do'n mbradán. Ba gheárr go bhfeaca clog mór ag éirghe ar dhrom an éisg, agus do tháinig eagla orm go bhfeicfeadh an gaisgidheach é. Do chúireas m'órdóg anuas ar an chlog chum é ísliughadh i gcás ná tiubhradh an gaisgidheach faoi n'aire é 'nuair a d'eireighadh sé. Do dóghadh m'órdóg chun an smior, agus le n-a linn so do sáitheas isteach am' bheul í. Is annsoin do fuaras fios ar an bhfáth go raibh an gais- gidheach ag faire an bhradáin, agus dá n-éireoghadh sé an fhaid do bhidheas agus láthair go gcuirfeadh sé chun báis mé. Ag súil go bhféadfainn teitheadh lem' anam uaidh do rugas ar bharra mór iarainn do bhí ar an dteinnteán agus do sháitheas suas é ins an aon súil amháin do bhí ag an bhfear mór. Do thug sé léim as an leabaidh agus do liughaigh sé amach, “A fháinne, cá bhfuilir?” Do labhair an fáinne, agus adubhairt, “Táim annso go dlúth dain- gean ar mhéar Fhinn Mic Chumhaill.” Do thug an gaisgidheach léim eile faoi dhéin na h-áite 'n-ar chuala sé an guth, acht do ritheas-sa liom fhéin, agus níor tháinig leis an ngaisgidheach breith orm. Do bhí an gais- gidheach ar an chuma soin ag glaodhach ar an bhfáinne agus an fáinne dá fhreagairt ar feadh urmhóir an lae gur tháinig an trátnóna, agus do theip air teacht suas liom. Do bhíos tuirseach tnáithte ó bheith ag imtheacht ó áit go h-áit, agus ní fheadar cad ba cheart dam a dhéanamh. Thar éis machtnaimh tamall do mheasas go mb' fheárr an méar ar a raibh an fáinne do ghearradh dhíom. Do rinneas agus do chaítheas isteach 'san abhainn é. Do ghlaodhaigh an gaisgidheach arís, “A fháinne, cá bhfuilir?” “Táim annso go daingean ar mhéar Finn Mhic Chumhaill i n-íochtar na habhann.” Do bhrígh ná raibh aon radharc ag an ngaisgidheach agus ná feacaidh sé cá raibh sé ag dul thug sé truslóg go híochtar na habhann agus do báthadh é. Do bhí áthas mór orm 'nuais a chonnac go rabhas sgartha leis. Do imthigheas chun an tighe mar a raibh an bradán. Is amlaidh do bhí sgata préachán dubh 'n-a thimchioll, agus é nach mór ithte aca, agus ó shoin a leith deirthear go bhfuil fios ag na préachánaibh dubha. Is mar sin do thárla dham féin fios d'fhagháil ar dtúis agus atáid na fearta céadna riamh ó shoin agam aon uair do chogónfainn m'órdóg. P. O'B.
(An méad atá shuas, is cuid é do'n “Eachtra ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar mhnaoi Bhearcháin do bhí 'san chéad uimhir do'n imleabhar so tá i láthair. Do chonnaic gaedhilgeoir éigin an sgeul ins an Iris- leabhar, agus do chuir sé i gcuimhne do'n sgeulaidhe beagán do'n Eachtra do dhearmhad sé roimhe sin. Sin agaibh anois é mar atá shuas. S.L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services