Historical Irish Corpus
1600 - 1926

West Cork Gaelic. Ordóg Fheasa Fhinn Mhic Chumhaill.

Title
West Cork Gaelic. Ordóg Fheasa Fhinn Mhic Chumhaill.
Author(s)
O'Brien, P.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

WEST CORK GAELIC



ORDÓG FHEASA FHINN MHIC CHUMHAILL.



Lá dá rabhas ag siubhal cois abhann do
casadh orm an gaisgidheach ba mhó dá bhfeaca
riamh, agus gan acht aon tsúil amháin aige, agus í
sin i gclár a éadain. Do tháinig iongnadh
orm an tráth do chonnac é. Do fhéach sé
orm agus do fhiarfaigh sé dhíom cia'rbh é me.
“Is mise Fionn Mac Cumhaill,” arsa mise.
“Is maith mar a thárla,” ars an gaisgidheach,
“mar atáimse annso le seacht lá agus le
seacht n-oidhche gan neul codalta theacht orm
ag faire bradáin do bhí ins an abhainn seo.
Tar isteach liom ins an tigh seo 'n-ár n-aice
go sínfead thorm ar an leabaidh go gcodail-
eoghad rod éigin, agus bí-se ag faire an
bhradáin atá 'á bheirbhiughadh ar an teine.
Tabhair aire mhaith dho, agus ná leig aon chlog
do theacht air, no má leigir, bainfeadsa
an ceann díot. Seo fáinne dhuit, agus cuir ar
do mhéar é go n-éireóghadsa as mo chodladh.”
Do rinneas amhlaidh soin agus do shuidheas cois
na teine ag tabhairt aire do'n mbradán. Ba
gheárr go bhfeaca clog mór ag éirghe ar
dhrom an éisg, agus do tháinig eagla orm go
bhfeicfeadh an gaisgidheach é. Do chúireas
m'órdóg anuas ar an chlog chum é ísliughadh
i gcás ná tiubhradh an gaisgidheach faoi
n'aire é 'nuair a d'eireighadh sé. Do dóghadh
m'órdóg chun an smior, agus le n-a linn so do
sáitheas isteach am' bheul í. Is annsoin do
fuaras fios ar an bhfáth go raibh an gais-
gidheach ag faire an bhradáin, agus dá n-éireoghadh
sé an fhaid do bhidheas agus láthair go gcuirfeadh
sé chun báis mé. Ag súil go bhféadfainn
teitheadh lem' anam uaidh do rugas ar bharra
mór iarainn do bhí ar an dteinnteán agus do
sháitheas suas é ins an aon súil amháin do
bhí ag an bhfear mór. Do thug sé léim as
an leabaidh agus do liughaigh sé amach, “A
fháinne, cá bhfuilir?” Do labhair an fáinne,
agus adubhairt, “Táim annso go dlúth dain-
gean ar mhéar Fhinn Mic Chumhaill.” Do
thug an gaisgidheach léim eile faoi dhéin na
h-áite 'n-ar chuala sé an guth, acht do
ritheas-sa liom fhéin, agus níor tháinig leis an
ngaisgidheach breith orm. Do bhí an gais-
gidheach ar an chuma soin ag glaodhach ar an
bhfáinne agus an fáinne dá fhreagairt ar feadh
urmhóir an lae gur tháinig an trátnóna, agus
do theip air teacht suas liom. Do bhíos
tuirseach tnáithte ó bheith ag imtheacht ó áit
go h-áit, agus ní fheadar cad ba cheart dam a
dhéanamh. Thar éis machtnaimh tamall do
mheasas go mb' fheárr an méar ar a raibh
an fáinne do ghearradh dhíom. Do rinneas
agus do chaítheas isteach 'san abhainn é. Do
ghlaodhaigh an gaisgidheach arís, “A fháinne,
cá bhfuilir?” “Táim annso go daingean
ar mhéar Finn Mhic Chumhaill i n-íochtar na
habhann.” Do bhrígh ná raibh aon radharc ag
an ngaisgidheach agus ná feacaidh sé cá raibh sé
ag dul thug sé truslóg go híochtar na
habhann agus do báthadh é. Do bhí áthas mór
orm 'nuais a chonnac go rabhas sgartha
leis.



Do imthigheas chun an tighe mar a raibh an
bradán. Is amlaidh do bhí sgata préachán
dubh 'n-a thimchioll, agus é nach mór ithte aca, agus
ó shoin a leith deirthear go bhfuil fios
ag na préachánaibh dubha.



Is mar sin do thárla dham féin fios
d'fhagháil ar dtúis agus atáid na fearta céadna
riamh ó shoin agam aon uair do chogónfainn
m'órdóg.



P. O'B.


L. 93


(An méad atá shuas, is cuid é do'n
“Eachtra ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar
mhnaoi Bhearcháin do bhí 'san chéad uimhir
do'n imleabhar so tá i láthair. Do chonnaic
gaedhilgeoir éigin an sgeul ins an Iris-
leabhar, agus do chuir sé i gcuimhne do'n
sgeulaidhe beagán do'n Eachtra do dhearmhad
sé roimhe sin. Sin agaibh anois é mar atá
shuas. S.L.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services