Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cork Irish. Micheál na Buile.
Title
Cork Irish. Micheál na Buile.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CORK IRISH MICHEÁL NA BUILE. C. A Mhichíl, airiú, cár ghabhais chughainn no cár chaithis an aimsir le corruigheacht agus fiche bliadhain? M. Bhidheas i nGleann na nGealt, a Cháit. C. Agus cad a chuir a bhaile thu? M. An t-uaigneas, mhaise. C. An bhfuil an áit sin a bhfad ó bhaile? M. Bhídheas ag siubhlóid ar feadh seacht- mhaine sul ar shroiseas é, agus tá seacht- mhain agus breis ó d'fhágas é. C. Cad é an saghas baill é, a Mhichíl?
M. Tá, ball greannmhar. Gleann fada, uaigneach fiadhain, cnuic mhóra, árda ar gach taobh dhe, srothán fíor-uisge ag rith tré n-a lár, biolar ag fás ar bhruach an tsrotháin sin, agus liacht daoine buile bailighthe ar gach taobh de'n tsrothán ag ithe an bhiolair agus ag ól an uisge. C. Mhaise, Dia linn, a Mhichíl, nach suarach an biadh é! M. Ní chuirfeadh sé masmus ar dhuine, geallaim dhuit. C. Cionnus chaithis an aimsir ann, a Mhichíl? M. Nuair shroiseas an áit, bhí tuirse agus ocras orm, agus an chéad duine a bhuail umam, do iarras air rud éigin le n-ithe thabhairt dam. Níor rinn sé acht féachaint orm agus a cheann do chromadh arís. An méid díobh a bhí am' chomhgar, thógadar a gcinn agus d'fheuchadar orm, agus ann soin chromadar arís, agus níor chuireadar a thuilleadh suime ionnam. 'Nuair ná fuaras freagra níor labhras a thuilleadh acht imtheacht ag ithe an bhiolair leó. Cúpla lá 'n-a dhiaidh sin bhíomair ag ithe agus ag ól, agus gan focal as beul aoinne', agus cad do seolfaidhe fá'n ngleann isteach acht bó agus í ag dul i múgha? 'Nuair fheuch sí 'na tímcheall agus chonnairc sí an fiadhantas go léir, do chuir sí an bhúirtheach aiste ba thruaighmhéilighe dár airigh mo dhá chluais riamh. Phreabamair suas agus d'fheucamair uirrthe. 'Nuair bhí an bhúirtheach críochnuighthe aice agus an mac- alla d'éis í fhreagairt seacht n-uaire ó'n sliabh, d'iompuidh sí ar a sálaibh agus chuir sí an talamh dí chomh geur a's bhí sé 'na cosaibh. Chrom gach aoinne' arís agus níor bhíodhg glór duine ná beithig ann go ceann seacht mbliadhan ó'n lá soin. Ann soin do thóg seanduine beag, a bhí ann le fada, a cheann. “Airíghim géim bó,” ar seisean. D'fheuch gach aoinne' air, agus níor labhair duine. D'imthigh seacht mbliadhna eile sul a bhfuair sé sin freagra. Fé dheireadh d'os- gail garsún a bheul agus dubhairt, “Cá'r airíghis í?” D'fheuc gach aoinne' ar an ngarsún agus níor bhog aoinne' a bheul féin. I gceann seacht mbliadhan eile do thóg fear mór liath suas a cheann, agus d'fheuch sé go feargach ar an gceud duine a bhris ar an gciúnas. Ann soin d'fhéuch sé go fear- gach ar an ngarsún, agus a bhfad anonn dó, is é rud adubhairt sé: “Tá an gleann bodhar agaibh!” C. Agus cad a rinnis ann soin, a Mhichíl? M. Tháinig uaigneas orm. Thugas seacht mbliadhna ag feitheamh le caint an fhir bhig léith. Bhidheas ar feadh seacht mbliadhan ag brath ar cheist an gharsúin o dhuine éigin. Ann soin 'nuair cheapas go ndéarfadh an fear mór rud éigin fóghanta, isé rud a rinn sé stop do chur leis an gcaint ar fad. C. Am dháigh, níor bh'iongnadh dhó soin. Is agaibh a bhí an gleó. Chuireabhair teinneas cinn ar an bhfear mbocht. M. Tháinig uaigneas orm-sa ann soin agus thánag a bhaile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services