Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cork Irish. Micheál na Buile.

Title
Cork Irish. Micheál na Buile.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CORK IRISH



MICHEÁL NA BUILE.



C. A Mhichíl, airiú, cár ghabhais chughainn no
cár chaithis an aimsir le corruigheacht agus
fiche bliadhain?



M. Bhidheas i nGleann na nGealt, a Cháit.



C. Agus cad a chuir a bhaile thu?



M. An t-uaigneas, mhaise.



C. An bhfuil an áit sin a bhfad ó bhaile?



M. Bhídheas ag siubhlóid ar feadh seacht-
mhaine sul ar shroiseas é, agus tá seacht-
mhain agus breis ó d'fhágas é.



C. Cad é an saghas baill é, a Mhichíl?


L. 78


M. Tá, ball greannmhar. Gleann fada,
uaigneach fiadhain, cnuic mhóra, árda ar gach
taobh dhe, srothán fíor-uisge ag rith tré n-a
lár, biolar ag fás ar bhruach an tsrotháin
sin, agus liacht daoine buile bailighthe ar
gach taobh de'n tsrothán ag ithe an bhiolair
agus ag ól an uisge.



C. Mhaise, Dia linn, a Mhichíl, nach
suarach an biadh é!



M. Ní chuirfeadh sé masmus ar dhuine,
geallaim dhuit.



C. Cionnus chaithis an aimsir ann, a
Mhichíl?



M. Nuair shroiseas an áit, bhí tuirse agus
ocras orm, agus an chéad duine a bhuail
umam, do iarras air rud éigin le n-ithe
thabhairt dam. Níor rinn sé acht féachaint
orm agus a cheann do chromadh arís. An
méid díobh a bhí am' chomhgar, thógadar a
gcinn agus d'fheuchadar orm, agus ann soin
chromadar arís, agus níor chuireadar a
thuilleadh suime ionnam. 'Nuair ná fuaras
freagra níor labhras a thuilleadh acht
imtheacht ag ithe an bhiolair leó.



Cúpla lá 'n-a dhiaidh sin bhíomair ag ithe
agus ag ól, agus gan focal as beul
aoinne', agus cad do seolfaidhe fá'n ngleann
isteach acht bó agus í ag dul i múgha?
'Nuair fheuch sí 'na tímcheall agus chonnairc
sí an fiadhantas go léir, do chuir sí an
bhúirtheach aiste ba thruaighmhéilighe dár
airigh mo dhá chluais riamh. Phreabamair suas
agus d'fheucamair uirrthe. 'Nuair bhí an
bhúirtheach críochnuighthe aice agus an mac-
alla d'éis í fhreagairt seacht n-uaire ó'n
sliabh, d'iompuidh sí ar a sálaibh agus chuir
sí an talamh dí chomh geur a's bhí sé 'na
cosaibh. Chrom gach aoinne' arís agus níor
bhíodhg glór duine ná beithig ann go ceann
seacht mbliadhan ó'n lá soin. Ann soin do
thóg seanduine beag, a bhí ann le fada, a
cheann. “Airíghim géim bó,” ar seisean.
D'fheuch gach aoinne' air, agus níor labhair
duine.



D'imthigh seacht mbliadhna eile sul a
bhfuair sé sin freagra. Fé dheireadh d'os-
gail garsún a bheul agus dubhairt, “Cá'r
airíghis í?”



D'fheuc gach aoinne' ar an ngarsún agus
níor bhog aoinne' a bheul féin.



I gceann seacht mbliadhan eile do thóg
fear mór liath suas a cheann, agus d'fheuch
sé go feargach ar an gceud duine a bhris ar
an gciúnas. Ann soin d'fhéuch sé go fear-
gach ar an ngarsún, agus a bhfad anonn dó,
is é rud adubhairt sé: “Tá an gleann
bodhar agaibh!”



C. Agus cad a rinnis ann soin, a Mhichíl?



M. Tháinig uaigneas orm. Thugas seacht
mbliadhna ag feitheamh le caint an fhir bhig
léith. Bhidheas ar feadh seacht mbliadhan ag
brath ar cheist an gharsúin o dhuine éigin.
Ann soin 'nuair cheapas go ndéarfadh an
fear mór rud éigin fóghanta, isé rud a
rinn sé stop do chur leis an gcaint ar fad.



C. Am dháigh, níor bh'iongnadh dhó soin. Is
agaibh a bhí an gleó. Chuireabhair teinneas
cinn ar an bhfear mbocht.



M. Tháinig uaigneas orm-sa ann soin
agus thánag a bhaile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services