Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chraoibhín Aoibhinn. Cct.
Title
An Chraoibhín Aoibhinn. Cct.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CRAOIBHÍN AOIBHINN cct. An cheud lá riamh casadh mé léithe I lár mo chléibhe chuaidh an phian, Agus facas damhsa thar mnáibh na h-Éireann Gur bh'í mo spéirbhean mo chuid 's mo mhian. O theacht 'n-a láthair tá m' anam cráidhte Tá m' abhráin caillte, tá mé gan greann, D'fhág sí mo chroidhe-se mar shráid gan táithighe Teampoll nach dtagann poball ann. Dá mbeidhinn 's mo cheud-shearc ar lár an t-sléibhe Gaoth o'n spéir ann, a's sneachta bán, Go dtiubhrainn dídion dom' uan ó'n tsíon Luach ní iarrfainn acht póg amháin. Tá an bhean mar iasgaire le n-a líne Ag gabháil na gcroidhe bocth isteach 'na bád, Agus bheirim mo mhallacht amach óm' anam Do'n té nach seachnann cluainte mná. 'NUAIR NACH MAIRFIDH DE'N TÉ SIN A D'ADHRUIGH THÚ TRATH. Aisdrighthe ó Shacsbheurla Thomáis Ui Mhórdha, le “Pádraic.” = Pádraig Ó Beirn, Málainn Bhig, DG 'Nuair nach mairfidh de'n té sin a d'adhruigh thú tráth Acht a bhróin 'gus a lochta amháin, O! abair a gcaoinfir má chaithfear aon sgáth Air an m-beatha ná'r shaothruigh do cháin? Seadh, gol, acht beidh masladh mo námhad go léir 'Ga thógbháil le deóraibh do léin, Óir má's cionntach mé leó-san, in d'amhgar ro-gheur Bhí mé dílis a g-cómhnuidhe dhuit féin. Do bhí brionglóide m'óige ort féin a's do chás; Bhí mo dhian-smuainte leat-sa gach lá, In mo bhás-urnuighe umhail do Dhia na ngrás, Béidh do chaomh-ainm liom-sa 'ga rádh. O! nach seunmhar na cáirde a mhairfeas 'san tsaoghal Le feicsint do ghlóire ro-mhóir': Acht tar éis sin ní'l beannacht níos dílse do Ghaodhal Ná a bhás air do shon-sa, a stóir!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services