Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chraoibhín Aoibhinn. Cct.

Title
An Chraoibhín Aoibhinn. Cct.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 77


AN CRAOIBHÍN AOIBHINN cct.



An cheud lá riamh casadh mé léithe
I lár mo chléibhe chuaidh an phian,
Agus facas damhsa thar mnáibh na h-Éireann
Gur bh'í mo spéirbhean mo chuid 's mo mhian.



O theacht 'n-a láthair tá m' anam cráidhte
Tá m' abhráin caillte, tá mé gan greann,
D'fhág sí mo chroidhe-se mar shráid gan
táithighe
Teampoll nach dtagann poball ann.



Dá mbeidhinn 's mo cheud-shearc ar lár an
t-sléibhe
Gaoth o'n spéir ann, a's sneachta bán,
Go dtiubhrainn dídion dom' uan ó'n tsíon
Luach ní iarrfainn acht póg amháin.



Tá an bhean mar iasgaire le n-a líne
Ag gabháil na gcroidhe bocth isteach 'na
bád,
Agus bheirim mo mhallacht amach óm' anam
Do'n té nach seachnann cluainte mná.



'NUAIR NACH MAIRFIDH DE'N TÉ SIN
A D'ADHRUIGH THÚ TRATH.



Aisdrighthe ó Shacsbheurla Thomáis Ui
Mhórdha, le “Pádraic.”



= Pádraig Ó Beirn, Málainn Bhig, DG



'Nuair nach mairfidh de'n té sin a d'adhruigh
thú tráth
Acht a bhróin 'gus a lochta amháin,
O! abair a gcaoinfir má chaithfear aon
sgáth
Air an m-beatha ná'r shaothruigh do cháin?
Seadh, gol, acht beidh masladh mo námhad go
léir
'Ga thógbháil le deóraibh do léin,
Óir má's cionntach mé leó-san, in d'amhgar
ro-gheur
Bhí mé dílis a g-cómhnuidhe dhuit féin.



Do bhí brionglóide m'óige ort féin a's do
chás;
Bhí mo dhian-smuainte leat-sa gach lá,
In mo bhás-urnuighe umhail do Dhia na ngrás,
Béidh do chaomh-ainm liom-sa 'ga rádh.
O! nach seunmhar na cáirde a mhairfeas 'san
tsaoghal
Le feicsint do ghlóire ro-mhóir':
Acht tar éis sin ní'l beannacht níos dílse
do Ghaodhal
Ná a bhás air do shon-sa, a stóir!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services