Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Popular Proverbs, West Connaught.
Title
Popular Proverbs, West Connaught.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
POPULAR PROVERBS, WEST CONNAUGHT. 1. Faghann ciaróg ciaróg eile. 2. Dá mhince théidheanns an crúisgín go dtí an tobar, bristear é air deireadh. 3. Tobac 'ndiaidh bídh, is air bhean an tighe atá sin. 4. Ní'l fhios ag éinneach cé 'n áit a ghoil- leanns an bhróg, acht an té atá ghá chaitheamh. 5. Is iomdha sórt ceól, mar dubhairt an fear a raibh an trompa maide aige. 6. Is cosamhlacht droch-aimsire, tóin an chait leis an teinidh. 7. An té nach bhfaghann an fheóil, is mór an sógh leis an anbhruith. 8. 'Siad na daoine bodhra a ghnídheas na bréuga. 9. Bídheann bolg le gréin go minic folamh. 10. Is furas fuil do bhuaint as cúl carrach. 11. Ná corruigh é, mar dubhairt an bhean fhalsa leis an bpota bréun. 12. Táir chomh bréugach leis an bhfear adu- bhairt gur chuala sé an féur a' fás.
13. Is ualach eudtrom foghluim, acht is. ádhbhar achrainn í go minic. 14. Saoileann an t-amadán, nach bhfuil aon duine críonna acht é fhéin. 15. 'San áit i mbídheann mná bídheann caint, 'gus san áit i mbídheann lachain bídheann salchar. 16. Saoileann an preuchán gur deise a éun féin ioná aon éun eile sa gcoill. 17. Is iomdha riocht i n-a dtagann an bás. 18. Is feárr marcuigheacht air ghabhar, ioná siúbhal coise. 19. Ríoghacht uile dhuine, a intinn féin. 20. Is lugha ioná frighde máthair na hur- chóide. 21. Tá tú chomh mí-náireach le circ ghoir. 22. Tá do chaint chomh bríoghmhar le sgáile. 23. Déanfaidh tú é, nuair a dhéanfas an chuach nead. 24. Ní hé an maide pota a ghnídheas an leite, acht min. 25. Tá droch-ainm chomh dona le droch- bhualadh. 26. 'San áit i mbídheann deatach, bídheann súil le teas. 27. Ná marbh an chráin go mbeidh an t-ál cothuighthe. 28. Mur gcuiridh tú san earrach, ní bhuain- fidh tú san fhoghmhar. 29. Ná leig do rún le cloidhe go mbeidh amharc agad thar a bhárr. 30. Má's mian leat nídh do fhuagra, innis mar rún do bhean é. 31. Ní'l maith ag cur láimhe i bpóca folamh. 32. Tig le dall a bhealach do fhagháil go dtí a bhéul, acht ní uile lá a ghabhfas se girrfhiadh. 33. Ní'l mórán sógha i dtiontódh léine salaighe. 34. Ní bhídheann fáilte roimh an té a bhídh- eanns ag iarraidh iasachd'. 35. Tá déirc i ndeoch bhláthaigh, acht tá dhá dhéirc i ndeoch leamhnacht'. 36. Ná tabhair an bhréug go mbeidh tú réidh le buille. 37. Druid do dhorn sul má dtugann tú an bhréug. 38. Bainis an ghortáin, fata agus sgadán. 39. Chomh geanamhuil le sgadán, nár gabhadh riamh air son a bhuilg. 40. Tá sé mar an macalla, ní'l 'fhios ag éinneach a áit chomhnuidhe. 41. Geall mórán agus beidh go leór dod' thóruidheacht. 42. Ní thig le mála folamh seasamh, no le cat marbh siubhal. 43. Teachtaire o Dhia do choinne, agus nár imthighidh sé folamh. 44. Ní'l fios air shógh mur mbí anshógh roimhe. 45. Ag cuir claidhe thimchioll ghoirt leis an chuach do chongbháil istigh. 46. Ag tóruidheacht dreancaide i measg carnán clúmhach. 47. An nídh nach bhfeiceann súil, ní bhrónann croidhe. 48. Labhair go socair, bídheann cluasa ag ballaidhe. 49. Bheireann deór ó shúil suaimhneas do chroidhe. 50. Tagann fata mór as póirín. 51. Is fearr sgríobadh an phota, ioná lígheadh na leice. 52. Bídheann muirighin níos mó ag dreói- lín, ioná ag fiach dubh. 53. Sgadán air fód fuar i bh-fad suas o'n teinidh. 54. Is maith díol go lá, acht ní fearr ná go bráth. 55. D'fhoirfeadh rud ar bith do fhear noch- duighthe. 56. Bídheann cuimhne fada ag sean-pháisde.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services