POPULAR PROVERBS, WEST CONNAUGHT.
1. Faghann ciaróg ciaróg eile.
2. Dá mhince théidheanns an crúisgín go dtí
an tobar, bristear é air deireadh.
3. Tobac 'ndiaidh bídh, is air bhean an tighe
atá sin.
4. Ní'l fhios ag éinneach cé 'n áit a ghoil-
leanns an bhróg, acht an té atá ghá
chaitheamh.
5. Is iomdha sórt ceól, mar dubhairt an
fear a raibh an trompa maide aige.
6. Is cosamhlacht droch-aimsire, tóin an chait
leis an teinidh.
7. An té nach bhfaghann an fheóil, is mór
an sógh leis an anbhruith.
8. 'Siad na daoine bodhra a ghnídheas na
bréuga.
9. Bídheann bolg le gréin go minic folamh.
10. Is furas fuil do bhuaint as cúl carrach.
11. Ná corruigh é, mar dubhairt an bhean
fhalsa leis an bpota bréun.
12. Táir chomh bréugach leis an bhfear adu-
bhairt gur chuala sé an féur a' fás.
13. Is ualach eudtrom foghluim, acht is.
ádhbhar achrainn í go minic.
14. Saoileann an t-amadán, nach bhfuil aon
duine críonna acht é fhéin.
15. 'San áit i mbídheann mná bídheann
caint, 'gus san áit i mbídheann
lachain bídheann salchar.
16. Saoileann an preuchán gur deise a éun
féin ioná aon éun eile sa gcoill.
17. Is iomdha riocht i n-a dtagann an bás.
18. Is feárr marcuigheacht air ghabhar, ioná
siúbhal coise.
19. Ríoghacht uile dhuine, a intinn féin.
20. Is lugha ioná frighde máthair na hur-
chóide.
21. Tá tú chomh mí-náireach le circ ghoir.
22. Tá do chaint chomh bríoghmhar le sgáile.
23. Déanfaidh tú é, nuair a dhéanfas an
chuach nead.
24. Ní hé an maide pota a ghnídheas an
leite, acht min.
25. Tá droch-ainm chomh dona le droch-
bhualadh.
26. 'San áit i mbídheann deatach, bídheann
súil le teas.
27. Ná marbh an chráin go mbeidh an t-ál
cothuighthe.
28. Mur gcuiridh tú san earrach, ní bhuain-
fidh tú san fhoghmhar.
29. Ná leig do rún le cloidhe go mbeidh
amharc agad thar a bhárr.
30. Má's mian leat nídh do fhuagra, innis
mar rún do bhean é.
31. Ní'l maith ag cur láimhe i bpóca
folamh.
32. Tig le dall a bhealach do fhagháil go dtí
a bhéul, acht ní uile lá a ghabhfas se
girrfhiadh.
33. Ní'l mórán sógha i dtiontódh léine
salaighe.
34. Ní bhídheann fáilte roimh an té a bhídh-
eanns ag iarraidh iasachd'.
35. Tá déirc i ndeoch bhláthaigh, acht tá dhá
dhéirc i ndeoch leamhnacht'.
36. Ná tabhair an bhréug go mbeidh tú réidh
le buille.
37. Druid do dhorn sul má dtugann tú an
bhréug.
38. Bainis an ghortáin, fata agus sgadán.
39. Chomh geanamhuil le sgadán, nár gabhadh
riamh air son a bhuilg.
40. Tá sé mar an macalla, ní'l 'fhios ag
éinneach a áit chomhnuidhe.
41. Geall mórán agus beidh go leór dod'
thóruidheacht.
42. Ní thig le mála folamh seasamh, no le
cat marbh siubhal.
43. Teachtaire o Dhia do choinne, agus nár
imthighidh sé folamh.
44. Ní'l fios air shógh mur mbí anshógh roimhe.
45. Ag cuir claidhe thimchioll ghoirt leis an
chuach do chongbháil istigh.
46. Ag tóruidheacht dreancaide i measg
carnán clúmhach.
47. An nídh nach bhfeiceann súil, ní bhrónann
croidhe.
48. Labhair go socair, bídheann cluasa ag
ballaidhe.
49. Bheireann deór ó shúil suaimhneas do
chroidhe.
50. Tagann fata mór as póirín.
51. Is fearr sgríobadh an phota, ioná lígheadh
na leice.
52. Bídheann muirighin níos mó ag dreói-
lín, ioná ag fiach dubh.
53. Sgadán air fód fuar i bh-fad suas o'n
teinidh.
54. Is maith díol go lá, acht ní fearr ná go
bráth.
55. D'fhoirfeadh rud ar bith do fhear noch-
duighthe.
56. Bídheann cuimhne fada ag sean-pháisde.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11