Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bearna Dhiarmada. Continued.
Title
Bearna Dhiarmada. Continued.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEARNA DHIARMADA. (Continued). Chuir Cit osnadh as; d'fheuch Diarmaid suas go feargach. “A bhitheamhnaig Ghallda, bh-fuilir ad' bheathaidh fós?” Do chas sé an claidheamh ós cionn a chinn agus an dara nóimit do chaith sé uaidh é. “Ní bhuailfead fear air lár go bráth,” ar Diarmaid bocht, mar bhí croidhe macánta aige agus méin thrócaireach i n-aimhdheoin na dlighe do rinn Buachaill Bán dé. Cad a chímíd? Diarmaid ag baint a léine de lín- eudach garbh dhé, 'á gearradh na bloghaibh agus ag ceangailt cuisle Chit. Ba dhóigh leat gur liaigh é. Do cheangail sé go docht an chuisle dé shuas de'n uillinn agus do choisg an fhuil. 'Nuair a bhí sin críochnuighthe thóg se suas a cheann. Do phreab a chroidhe 'na chliabh le huathbhás mar bhí an inghean 'n-a seasamh ós comhair a shúl. “Taidhbhse Nóra óige, dar mo bhaisde!” ar sé, acht do chuir an leanbh a dá láimh timcheall a mhuinéil agus phóg é. “Tá fuil ort, a athairín dhílis,” ars an leanbh. “Is dóigh liom go bhfuil dó nó trí de sgríobaibh orm,” ar seisean. Bhí go deimhin, mar do bhuail an p'leur 'sa ghualainn é agus air a shon gur chneas-ghoin do cuireadh air, shil sé mórán fola. Fuair sé mar an gceudna trí nó ceathair de chreuchtaibh ó na claidhmhibh agus shil a chuid fola air an leanbh. 'Nuair a chonnairc sé an fhuil uirri air dtús tháinig sgannradh air agus an uair do chuimil sé an fhionna-mhóin dí do chorruig agus labhair sí acht níor chualaig seisean í. Bhí croidhe an athar bhoicht buaidheartha air a son agus tháinig mearbhall air. “Ionnus go deimhin ní'l Nóra óg marbh,” agus rinc agus léim sé air fud an mhachaire. Rinne sé níos mó fós mar do phóg sé a namhaid neimhneach le méid a lúthgháire. D'fhosgail Cit a shúile go fann, lag. Bhuail Diarmaid air a mhuin é agus do thóg leis é míle nó dó chum an tighe budh neasa dhóibh. “Tabhair braon bainne dhó a Mhaireud,” ar sé le mnaoi an tighe; “mo mhallacht air, loisg sé mo bhothán i g-Cúmlumina agus tá ionad mo shinsir i n-Drom Mór aige, acht ní fiú buille anois é agus bídheach leis.” “O Dia linn,” ars an bhean “tá fuil ort, a Dhiarmaid!” Tháinig smigeadh gáire air. “Ní'l ann acht cneas-ghoin. Bhídheas féin agus Cit so ag imirt cleas-chlaidhmhe, ghearr seisean misi agus do bheanas-sa an dearna dhé. Do thuill sé go maith é, acht air a shon sin, cuir a chodladh é agus gheobhaidh sos.” “Dubhairt Seaghán an Chuillinn go raibh —” “Éist! ‘bídheann cluasa air an g-coill,’” ar Diarmaid. D'fheuc sé go cruinn uirri agus d'fheuc sisi air. Thuigeadar a chéile. Do chogair Diarmaid léithi. “Ta sionnach i measg na n-uan, a chair- deas mo chroidhe. Dá mhéid a chneadh tá a chluas slán. Beidh droch-shluagh 'gá lorg fá chéadóir, tá neart a dhóthain aige fós chum rún d'innsint, agus measaim dá mbeidheadh fhios aige go bhfuilimíd-ne air tí ár dt'ruis go mbeidheadh bruighean fuilteach timcheall an athar Micheál anocht.” “Geallaim dhuit go dtiubhram slán a bhaile é le congnamh Dé agus go mbeidh Aif- reann aguinn ins an gCúmlumina Dia Domhnaig seo chugainn le congnamh na Trío- nóide. Congaibh mo dhalta go dtagad arís.” “Go mbeiridh Dia slán tu a Dhiarmaid,” ars an bhean. Do phóg sé a leanbh agus do ghoil sí go bog. Ní raibh súil Diarmada féin tirm agus do thriall sé chum siubhail. An oidhche cheudna bhí sé air bhruach an chuain ag an Ros Mór. Bhí an ghealach ag éirghe ós cionn na gcnoc, an uain chomh ciuin go gcloisfeá do chroidhe ag bualadh, an mhuir fhiadhain bhorb anois chomh suanmhar le naoidheanán air ucht a mháthar, acht anois agus arís do chluinfeá sreann mar chogar na sighe agus ann sin chífeá an grean 's na clocha beaga ag rith air a chéile mar do thug an tsáile póg dóibh.
“Gan amhras, a chomharsanna, is breagh an oidhche í chum fáilte chur roimh an sagart óg ó'n Spáinn.” “Is breagh go deimhin,” ars iadsan. D'fhaireadar an cuan go geur mar tugadh rabhadh dhóibh go raibh buidhean Ghallda air tí an t-sagairt do ghabháil. “Mo chomhairle do'n dríodar so Dhroma Móire fanamhaint 'na leabthachaibh anocht,” ar Diarmaid. “Tá nócht ort do chlaidheamh a noch- dadh, a Dhiarmaid,” ar fear aca. “Tá, agus é chur i n-ucht éigin anocht,” ar fear eile. “Is fearr maitheamhnas agus macántacht ná fearg agus fuil,” ar seanóir a bhí 'n-a measg. “Cloisim,” ar sé fós, “go bhfuil droch- fhuadar faoi an dream so áirighthe acht tá súil agam go mbeidh síth agus sólás againn 'nuair thiocfaidh an sagart chugainn agus go gcuirfear deireadh le himreas. Do bh'fheárr dúinn ar gcoróin do ghabháil annso air ghaineamh na trágha ó támaoid i dteannta chéile.” “Sud leat,” ar gach duine aca agus air bhruach na fairrge, faoi an speur réaltanach, d'fhosgail gach fear aca a chroidhe chum Dé. An uair do chríochnuigheadar na hur- naighthe, dubhairt Diarmaid gur mhothuigh sé ualach ag imtheacht dá chroidhe. Bhí an oidhche i gcaitheamh acht níor tháinig an sagart agus bheartadar filleadh a bhaile. “Éist!” ar Diarmaid, “shaoileas gur chualas brosnadh ag cnagadh 'dtaoibh thall de'n tsruth soin.” “Níor chualamair aon nídh,” ar gach duine, “acht gíogaillig eunlaithe na mara.” “Níor mheath mo chluas riamh fós orm,” ar seisean, “agus beidh fhios agam cad atá ann.” Faoi cheann nóimit do chualadar fuir- seadh i measg na nduilleabhar agus duine éigin a nguais a thachta. An uair do thán- gadar air láthair bhí fear air chúl cinn ag Diarmaid agus é ag roradh a shróine faoi uisge. “Eidir tu a's Dia ná múch an fear,” ars an seanóir. “Bhfuil fhios agat gurab é seo Maor Buidhe Dhroma Móire? Bhí sé ag faire oraibh ar feadh na h-oidhche,” ar Diarmaid go mícheudfadhach. “Ná bac sin dé,” ars an seanóir, “maith i n-aghaidh an uilc, a Dhiarmaid, a chroidhe!” “Bíodh a bheatha leis ar son do guidhe, a bhrealláin,” ar Diarmaid, “acht seachain do cheann liath air, mar atá sé chomh fealltach le sionnach, agus chomh fuilteach le h-easóig uisge.” To be continued
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services