Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearna Dhiarmada. Continued.

Title
Bearna Dhiarmada. Continued.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARNA DHIARMADA.



(Continued).



Chuir Cit osnadh as; d'fheuch Diarmaid
suas go feargach. “A bhitheamhnaig Ghallda,
bh-fuilir ad' bheathaidh fós?” Do chas sé an
claidheamh ós cionn a chinn agus an dara
nóimit do chaith sé uaidh é.



“Ní bhuailfead fear air lár go bráth,”
ar Diarmaid bocht, mar bhí croidhe macánta
aige agus méin thrócaireach i n-aimhdheoin na
dlighe do rinn Buachaill Bán dé. Cad a
chímíd? Diarmaid ag baint a léine de lín-
eudach garbh dhé, 'á gearradh na bloghaibh agus
ag ceangailt cuisle Chit. Ba dhóigh leat
gur liaigh é. Do cheangail sé go docht an
chuisle dé shuas de'n uillinn agus do choisg an
fhuil. 'Nuair a bhí sin críochnuighthe thóg se
suas a cheann. Do phreab a chroidhe 'na
chliabh le huathbhás mar bhí an inghean 'n-a
seasamh ós comhair a shúl.



“Taidhbhse Nóra óige, dar mo bhaisde!”
ar sé, acht do chuir an leanbh a dá láimh
timcheall a mhuinéil agus phóg é.



“Tá fuil ort, a athairín dhílis,” ars an
leanbh.



“Is dóigh liom go bhfuil dó nó trí de
sgríobaibh orm,” ar seisean. Bhí go deimhin,
mar do bhuail an p'leur 'sa ghualainn é agus
air a shon gur chneas-ghoin do cuireadh air,
shil sé mórán fola. Fuair sé mar an
gceudna trí nó ceathair de chreuchtaibh ó na
claidhmhibh agus shil a chuid fola air an leanbh.
'Nuair a chonnairc sé an fhuil uirri air dtús
tháinig sgannradh air agus an uair do chuimil
sé an fhionna-mhóin dí do chorruig agus labhair
sí acht níor chualaig seisean í. Bhí croidhe
an athar bhoicht buaidheartha air a son agus
tháinig mearbhall air.



“Ionnus go deimhin ní'l Nóra óg marbh,”
agus rinc agus léim sé air fud an mhachaire. Rinne
sé níos mó fós mar do phóg sé a namhaid
neimhneach le méid a lúthgháire. D'fhosgail
Cit a shúile go fann, lag. Bhuail Diarmaid
air a mhuin é agus do thóg leis é míle nó dó
chum an tighe budh neasa dhóibh.



“Tabhair braon bainne dhó a Mhaireud,”
ar sé le mnaoi an tighe; “mo mhallacht air,
loisg sé mo bhothán i g-Cúmlumina agus tá
ionad mo shinsir i n-Drom Mór aige, acht
ní fiú buille anois é agus bídheach leis.”



“O Dia linn,” ars an bhean “tá fuil ort,
a Dhiarmaid!”



Tháinig smigeadh gáire air.



“Ní'l ann acht cneas-ghoin. Bhídheas féin
agus Cit so ag imirt cleas-chlaidhmhe, ghearr
seisean misi agus do bheanas-sa an dearna dhé.
Do thuill sé go maith é, acht air a shon sin,
cuir a chodladh é agus gheobhaidh sos.”



“Dubhairt Seaghán an Chuillinn go raibh —”



“Éist! ‘bídheann cluasa air an g-coill,’”
ar Diarmaid. D'fheuc sé go cruinn uirri
agus d'fheuc sisi air. Thuigeadar a chéile. Do
chogair Diarmaid léithi.



“Ta sionnach i measg na n-uan, a chair-
deas mo chroidhe. Dá mhéid a chneadh tá
a chluas slán. Beidh droch-shluagh 'gá lorg
fá chéadóir, tá neart a dhóthain aige fós chum
rún d'innsint, agus measaim dá mbeidheadh
fhios aige go bhfuilimíd-ne air tí ár dt'ruis
go mbeidheadh bruighean fuilteach timcheall
an athar Micheál anocht.”



“Geallaim dhuit go dtiubhram slán a
bhaile é le congnamh Dé agus go mbeidh Aif-
reann aguinn ins an gCúmlumina Dia
Domhnaig seo chugainn le congnamh na Trío-
nóide. Congaibh mo dhalta go dtagad arís.”



“Go mbeiridh Dia slán tu a Dhiarmaid,”
ars an bhean.



Do phóg sé a leanbh agus do ghoil sí go bog.
Ní raibh súil Diarmada féin tirm agus do
thriall sé chum siubhail. An oidhche cheudna
bhí sé air bhruach an chuain ag an Ros Mór.
Bhí an ghealach ag éirghe ós cionn na gcnoc,
an uain chomh ciuin go gcloisfeá do chroidhe
ag bualadh, an mhuir fhiadhain bhorb anois chomh
suanmhar le naoidheanán air ucht a mháthar,
acht anois agus arís do chluinfeá sreann
mar chogar na sighe agus ann sin chífeá an
grean 's na clocha beaga ag rith air a chéile
mar do thug an tsáile póg dóibh.


L. 71


“Gan amhras, a chomharsanna, is breagh an
oidhche í chum fáilte chur roimh an sagart óg
ó'n Spáinn.”



“Is breagh go deimhin,” ars iadsan.



D'fhaireadar an cuan go geur mar tugadh
rabhadh dhóibh go raibh buidhean Ghallda air tí
an t-sagairt do ghabháil.



“Mo chomhairle do'n dríodar so Dhroma
Móire fanamhaint 'na leabthachaibh anocht,” ar
Diarmaid.



“Tá nócht ort do chlaidheamh a noch-
dadh, a Dhiarmaid,” ar fear aca.



“Tá, agus é chur i n-ucht éigin anocht,” ar
fear eile.



“Is fearr maitheamhnas agus macántacht ná
fearg agus fuil,” ar seanóir a bhí 'n-a measg.
“Cloisim,” ar sé fós, “go bhfuil droch-
fhuadar faoi an dream so áirighthe acht tá
súil agam go mbeidh síth agus sólás againn
'nuair thiocfaidh an sagart chugainn agus go
gcuirfear deireadh le himreas. Do
bh'fheárr dúinn ar gcoróin do ghabháil annso
air ghaineamh na trágha ó támaoid i
dteannta chéile.”



“Sud leat,” ar gach duine aca agus air
bhruach na fairrge, faoi an speur réaltanach,
d'fhosgail gach fear aca a chroidhe chum Dé.



An uair do chríochnuigheadar na hur-
naighthe, dubhairt Diarmaid gur mhothuigh sé
ualach ag imtheacht dá chroidhe.



Bhí an oidhche i gcaitheamh acht níor tháinig
an sagart agus bheartadar filleadh a bhaile.



“Éist!” ar Diarmaid, “shaoileas gur
chualas brosnadh ag cnagadh 'dtaoibh thall
de'n tsruth soin.”



“Níor chualamair aon nídh,” ar gach duine,
“acht gíogaillig eunlaithe na mara.”



“Níor mheath mo chluas riamh fós orm,” ar
seisean, “agus beidh fhios agam cad atá ann.”



Faoi cheann nóimit do chualadar fuir-
seadh i measg na nduilleabhar agus duine
éigin a nguais a thachta. An uair do thán-
gadar air láthair bhí fear air chúl cinn ag
Diarmaid agus é ag roradh a shróine faoi
uisge.



“Eidir tu a's Dia ná múch an fear,” ars
an seanóir.



“Bhfuil fhios agat gurab é seo Maor
Buidhe Dhroma Móire? Bhí sé ag faire
oraibh ar feadh na h-oidhche,” ar Diarmaid go
mícheudfadhach.



“Ná bac sin dé,” ars an seanóir, “maith
i n-aghaidh an uilc, a Dhiarmaid, a chroidhe!”



“Bíodh a bheatha leis ar son do guidhe, a
bhrealláin,” ar Diarmaid, “acht seachain do
cheann liath air, mar atá sé chomh fealltach
le sionnach, agus chomh fuilteach le h-easóig
uisge.”



To be continued



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services