Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Story in Kenmare Irish. Bearna Dhiarmada i g-Ciarraighe.
Title
A Story in Kenmare Irish. Bearna Dhiarmada i g-Ciarraighe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A STORY IN KENMARE IRISH. Bearna Dhiarmada i g-Ciarraighe. Do bhí an ghealach ag dul faoi an uair d'eirig fear as chladarach air ghualainn an Aitinn, agus do bháin searradh as féin. Bhí a leabuidh cruaidh, neamh-chompórdach, acht bhí a chroidhe air a shon sin meisneamhail buan- sheasmhach. Do rit broc thairis agus do ling a bpluais, d'eirig creabhar ins an aeir agus d'eitill tar bheinn an cnoic, agus mar an g-ceudna d'fhág an chearc-fhraoich a nead i measg an fhionnáin-bháin, agus do ghlaodh ar an g-coileach go raibh an lá i ngar dóibh. “Caithfead bheith air siúbhal,” ars an fear, “ní fuláir dam bheith ag an Ros Mór anocht.” Do bhuail sé síos chum buin an chnoic agus do dhruid sé le comhla botháin bhí in aice srutháin imeasg na seasga. “Cia h-é sin?” ar guth. “Mise a chaithis” ar Diarmaid. “A raibh aoinneach ann so air feadh na h-oidhche?” “Chuala rud éigin ag gabháil timcheall an tighe, uair mheadhon oidhche, acht tháinig faitchios orm agus níor eirígheas im' shuidhe mar do shaoileas go raibh beirt ann.” “Ca bh'fhios duit?” “Mar do chualas cogarnuig, agus dar liom, ní Gaedhilge do labhradar.” “Ta go maith,” ar Diarmaid leis féin. “Tógfad liom thú feasda, a bhuídheanach“ ar seisean. Do leig sé uaidh a chloidheamh 'sa chúinne' agus do chuartaig an ghríosach chum smeuróid d'fhagháil chum na teine do ádughadh. “Ná bac sin,” a athairín, “beidhead im shuidhe air nóimeat chum í adhaint.” “Codail go fóil, a chaithis” arsan t-athair, “ní fhuil sé 'na lá fós, agus níor chodlais go suanmhar air feadh na h-oidhche.” D'fheuch sí suas air, agus do phóg sé arís í. Do chruinnig deor 'na shúil ghlais, mar budh dheárchach leis an mháthair an leanbh inghíne, agus do tharraing se osnadh bhrónach, atuirseach. “Mo ghrádh thú 'sa chill, a Nóra, d'fhagbhais brághaid ghlégeal, cuisle chruinn agus luisne leacan ag Nóra óg.” Chualaig an leanbh é, acht níor thuig sí mar do bhí sí eidir shuan agus dúiseacht. Do bhí lámh h-athar air a h-eudan sleamhain, tháinig ciuineas mór 'na croidhe; chualaidh sí trí dhíon an bhotháin liú an fhiolair agus glór bínn na sruthán. Ní thiocfaidh neamharacht arís uirre. Tá Diarmaid mór 'na fochair, croiceann broic faoi n-a ceann, croiceann gabhair agus croiceann caorach leathta uirre, agus an raithneach úr glan 'na leabuidh cóirighthe fhuithe. Tá an leanbh 'na codladh. Do righne an t-athair fíoghair na croise air a h-eudan agus do shuidh féin air chloich inaice na teine. Chuir sé a chloidheamh cois na leaptha. Bhí a dhá dhearna faoi n-a smeigín, a dhá uillinn ar a ghlúnaibh, agus é ag smuaineadh. “Le ceithre bliadhna níor chroinas mo ghlún chum sagairt. Cionnus a dheunfainn? Do thuíll Rísdeárd Oirpin an rud do righneas air; bhí an Drom Mór
ag mo shinnsearaibh romham ar feadh míle bliadhan:” nar dhíthlathairigh sé mé le neart dlighthe na ngall? Níor bheag dhó sin, acht mheas an fear gáirseamhail mo bhean bhanamhail do fhuadach. Bhris an masla sin agus easbaidh an Droma mhóir a croidhe glan, acht do bhriseas-sa a chliabh i n-díoghail. Beathadhach allta ar fud na g-cnoc, comharsa an fhiolair agus an t-seabhaic; acht go h-áirighthe chomh saor leis an ngaoith a shéideann timcheall Mullaig an aitinn. Do bheath- uigheas mé féin agus an inghean ar maoin an Oirpínig. Canathaobh ná deunfainn? Nár dhein Cit cam-shúileach Oirpin a nead san ndrom mór im' ionad, acht do dheuinas-sa nead do Risdárd — sé troighthe de bhán an teampuill ghallda. Eísth! samhluighim go g-cloisim rud éigin. Do taidhbhreadh dham go raibh Cit ag teacht trasna Bearna an Ghearráin, chum feíll do dheunamh orm; brionglóid bhreugach do ba eadh í, mar tháinig sé isteach 'san ngleann thríd an mbeárnain eile gan fhios dam. Denfad faire níos géire arís ort, a Chit, agus ní raghaidh th-aisdear go maith duit, mar fágfad- sa do chorp ins an Chúm ag seabhaic na sléibhte.” Do ghíosg sean-thuisleadh an doruis, óir do dhruid duine ó'n d-taobh amuigh é. Choisg Diarmaid an munmhar agus d'fheuch sé suas. Bhí fardoras an bhotháin air lasadh agus dhá shúil urghránna ag faire air ón'd-táirsig. Rith an laisir thrí dhíon an bhotháin mar splanc thrí bhonnach. Do phreab Diarmaid chum na leaptha agus do sciob an leanbh ar a bhacalainn. Ós cionn fothruim na teine labhair fuaim an philéir agus chuir Diarmaid béic as nós tairbh buile, nó leomhain i líon, an uair caitheamh air a thár-in- áirde é. Lé prap na súl bhí sé 'na shuidhe arís agus greim ar a chloidheamh aige. Léim sé chum an dorais. Bhí smutáin teíntidhe ó na taobhánaibh ag tuitim air, agus do chuir fear na táirsighe sgairteadh gáire as an uair do chonnairc sé folt Dhiarmada air lasadh, agus an deatach á mhúchadh. Do tharraing Diar- maid a chloidheamh agus do bhuail go neimh-eamhail. Faire go bráth; do choisg an fardoras é mar chuaidh rinn an chloidhimh i n-achrann ins an admhad. Seachain a Dhiarmaid! seachain! chugat arís an pileur atá faoi dhéighin do chroidhe! Faoi cheann nóimit eile do bhí greim ag Diarmaid air ubhall scórnaighe an fhir agus a bróg go lasgadh in a chorpán. Triur! ceathrar! cá mheid eile? Do lingeadar ar Dhiarmaid le na g-cloidhmhibh. Ta an leanbh faoi na oscuill chlé agus ní leigfidh sé uaidh í. Gearrfar na bloghaibh í gan amhras. Bhí na cloidhmhe ag báint teine chreasa as a chéile agus Diarmaid ag dul i ndiaidh a chúil ag cosg na m-béimeann. “Buailidh go clisde é a bhastúna meata, tá comhachta an diabhail ag an méirleach,” ar Cit cam- shuileach. Do chasadar air a thaobh agus dtaobh shiar dé, acht ní bh-fuaradar leagan air mar bhí sé chomh lúthmhar agus chomh mear le fiadh. Faoi dheireadh, do mheas Cit a bhuillecosainte do bhriseadh, agus thug breug-iarracht faoi na bhraghaid agus fíor-iarracht eidir a dhá shúil, acht bhí a namhaid ro-ghlic, agus an dara nóimeat bhí lámh Cit ó'n righe dhé. Do sgread an triúr eile le h-uamhan agus do ritheadar le fánaig ó Dhiarmaid. Bhí seisean tinn, tuirseach, agus níor bh-fhéidir leis iad a leanamhaint. Bhí Cit sínte 'na cuid fola agus d'fheuch Diarmaid air go fíochmhar. Níor chorruig an leanbh air a chuislinn chlé, agus do preab a chroidhe le h-eagla go raibh sí gonta. “A Mhuire-mhathair! tá sí marbh,” ar sé an uair do leig uaidh í air an mbán. Do bhuail sé a dhá bhais, agus do leig liú do chroith na cnoic. “Do bhris Risdard Oirpin croidhe de mhathar agus do marbh pileur Chit thusa. Ochón, a
bhuidheanach, ochón! mo pheata chúig mbliadhan mo chaithis, ochón ail-i-lúi.” Do thom sé sop fionna-mhóna i n-uisge na díge i ngár dó, agus do chuimil an fhuil ó na h-aghaidh. “O Dhia tá sí geárrtha na bloghaibh ní'l ball dí slan.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services