Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Story in Kenmare Irish. Bearna Dhiarmada i g-Ciarraighe.

Title
A Story in Kenmare Irish. Bearna Dhiarmada i g-Ciarraighe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A STORY IN KENMARE IRISH.



Bearna Dhiarmada i g-Ciarraighe.



Do bhí an ghealach ag dul faoi an uair
d'eirig fear as chladarach air ghualainn an
Aitinn, agus do bháin searradh as féin. Bhí a
leabuidh cruaidh, neamh-chompórdach, acht bhí a
chroidhe air a shon sin meisneamhail buan-
sheasmhach. Do rit broc thairis agus do ling a
bpluais, d'eirig creabhar ins an aeir agus
d'eitill tar bheinn an cnoic, agus mar an
g-ceudna d'fhág an chearc-fhraoich a nead
i measg an fhionnáin-bháin, agus do ghlaodh ar
an g-coileach go raibh an lá i ngar dóibh.



“Caithfead bheith air siúbhal,” ars an fear,
“ní fuláir dam bheith ag an Ros Mór
anocht.” Do bhuail sé síos chum buin an
chnoic agus do dhruid sé le comhla botháin bhí in
aice srutháin imeasg na seasga.
“Cia h-é sin?” ar guth.
“Mise a chaithis” ar Diarmaid. “A raibh
aoinneach ann so air feadh na h-oidhche?”



“Chuala rud éigin ag gabháil timcheall an
tighe, uair mheadhon oidhche, acht tháinig faitchios
orm agus níor eirígheas im' shuidhe mar do
shaoileas go raibh beirt ann.” “Ca bh'fhios
duit?”



“Mar do chualas cogarnuig, agus dar liom,
ní Gaedhilge do labhradar.” “Ta go maith,”
ar Diarmaid leis féin. “Tógfad liom thú
feasda, a bhuídheanach“ ar seisean.



Do leig sé uaidh a chloidheamh 'sa chúinne'
agus do chuartaig an ghríosach chum smeuróid
d'fhagháil chum na teine do ádughadh.



“Ná bac sin,” a athairín, “beidhead im
shuidhe air nóimeat chum í adhaint.”



“Codail go fóil, a chaithis” arsan
t-athair, “ní fhuil sé 'na lá fós, agus níor
chodlais go suanmhar air feadh na h-oidhche.”
D'fheuch sí suas air, agus do phóg sé arís í. Do
chruinnig deor 'na shúil ghlais, mar budh
dheárchach leis an mháthair an leanbh inghíne,
agus do tharraing se osnadh bhrónach, atuirseach.



“Mo ghrádh thú 'sa chill, a Nóra, d'fhagbhais
brághaid ghlégeal, cuisle chruinn agus luisne
leacan ag Nóra óg.” Chualaig an leanbh é,
acht níor thuig sí mar do bhí sí eidir shuan agus
dúiseacht. Do bhí lámh h-athar air a h-eudan
sleamhain, tháinig ciuineas mór 'na croidhe;
chualaidh sí trí dhíon an bhotháin liú an
fhiolair agus glór bínn na sruthán. Ní thiocfaidh
neamharacht arís uirre. Tá Diarmaid
mór 'na fochair, croiceann broic faoi n-a
ceann, croiceann gabhair agus croiceann caorach
leathta uirre, agus an raithneach úr glan 'na
leabuidh cóirighthe fhuithe. Tá an leanbh 'na
codladh. Do righne an t-athair fíoghair na
croise air a h-eudan agus do shuidh féin air
chloich inaice na teine. Chuir sé a chloidheamh
cois na leaptha. Bhí a dhá dhearna faoi
n-a smeigín, a dhá uillinn ar a ghlúnaibh,
agus é ag smuaineadh. “Le ceithre bliadhna
níor chroinas mo ghlún chum sagairt. Cionnus
a dheunfainn? Do thuíll Rísdeárd Oirpin
an rud do righneas air; bhí an Drom Mór


L. 63


ag mo shinnsearaibh romham ar feadh míle
bliadhan:” nar dhíthlathairigh sé mé le neart
dlighthe na ngall? Níor bheag dhó sin,
acht mheas an fear gáirseamhail mo bhean
bhanamhail do fhuadach. Bhris an masla sin agus
easbaidh an Droma mhóir a croidhe glan,
acht do bhriseas-sa a chliabh i n-díoghail.
Beathadhach allta ar fud na g-cnoc, comharsa
an fhiolair agus an t-seabhaic; acht go h-áirighthe
chomh saor leis an ngaoith a shéideann
timcheall Mullaig an aitinn. Do bheath-
uigheas mé féin agus an inghean ar maoin an
Oirpínig. Canathaobh ná deunfainn? Nár
dhein Cit cam-shúileach Oirpin a nead san
ndrom mór im' ionad, acht do dheuinas-sa
nead do Risdárd — sé troighthe de bhán an
teampuill ghallda. Eísth! samhluighim go
g-cloisim rud éigin. Do taidhbhreadh dham
go raibh Cit ag teacht trasna Bearna an
Ghearráin, chum feíll do dheunamh orm;
brionglóid bhreugach do ba eadh í, mar tháinig
sé isteach 'san ngleann thríd an mbeárnain
eile gan fhios dam. Denfad faire níos
géire arís ort, a Chit, agus ní raghaidh
th-aisdear go maith duit, mar fágfad-
sa do chorp ins an Chúm ag seabhaic na
sléibhte.” Do ghíosg sean-thuisleadh an
doruis, óir do dhruid duine ó'n d-taobh
amuigh é. Choisg Diarmaid an munmhar agus
d'fheuch sé suas. Bhí fardoras an bhotháin
air lasadh agus dhá shúil urghránna ag faire air
ón'd-táirsig. Rith an laisir thrí dhíon an
bhotháin mar splanc thrí bhonnach. Do
phreab Diarmaid chum na leaptha agus do sciob
an leanbh ar a bhacalainn. Ós cionn
fothruim na teine labhair fuaim an philéir agus
chuir Diarmaid béic as nós tairbh buile, nó
leomhain i líon, an uair caitheamh air a thár-in-
áirde é. Lé prap na súl bhí sé 'na shuidhe
arís agus greim ar a chloidheamh aige. Léim sé
chum an dorais. Bhí smutáin teíntidhe ó na
taobhánaibh ag tuitim air, agus do chuir fear na
táirsighe sgairteadh gáire as an uair do
chonnairc sé folt Dhiarmada air lasadh, agus
an deatach á mhúchadh. Do tharraing Diar-
maid a chloidheamh agus do bhuail go neimh-eamhail.
Faire go bráth; do choisg an fardoras é
mar chuaidh rinn an chloidhimh i n-achrann ins
an admhad. Seachain a Dhiarmaid! seachain!
chugat arís an pileur atá faoi dhéighin do
chroidhe!



Faoi cheann nóimit eile do bhí greim ag
Diarmaid air ubhall scórnaighe an fhir agus a
bróg go lasgadh in a chorpán. Triur!
ceathrar! cá mheid eile? Do lingeadar ar
Dhiarmaid le na g-cloidhmhibh. Ta an leanbh
faoi na oscuill chlé agus ní leigfidh sé uaidh í.
Gearrfar na bloghaibh í gan amhras. Bhí
na cloidhmhe ag báint teine chreasa as a
chéile agus Diarmaid ag dul i ndiaidh a chúil ag
cosg na m-béimeann. “Buailidh go clisde
é a bhastúna meata, tá comhachta an
diabhail ag an méirleach,” ar Cit cam-
shuileach. Do chasadar air a thaobh agus dtaobh
shiar dé, acht ní bh-fuaradar leagan air mar
bhí sé chomh lúthmhar agus chomh mear le fiadh.
Faoi dheireadh, do mheas Cit a bhuillecosainte
do bhriseadh, agus thug breug-iarracht faoi na
bhraghaid agus fíor-iarracht eidir a dhá shúil, acht
bhí a namhaid ro-ghlic, agus an dara nóimeat bhí
lámh Cit ó'n righe dhé. Do sgread an triúr
eile le h-uamhan agus do ritheadar le fánaig ó
Dhiarmaid. Bhí seisean tinn, tuirseach, agus
níor bh-fhéidir leis iad a leanamhaint.



Bhí Cit sínte 'na cuid fola agus d'fheuch
Diarmaid air go fíochmhar. Níor chorruig an
leanbh air a chuislinn chlé, agus do preab a
chroidhe le h-eagla go raibh sí gonta.



“A Mhuire-mhathair! tá sí marbh,” ar sé
an uair do leig uaidh í air an mbán. Do
bhuail sé a dhá bhais, agus do leig liú do chroith
na cnoic.



“Do bhris Risdard Oirpin croidhe de
mhathar agus do marbh pileur Chit thusa. Ochón, a


L. 64


bhuidheanach, ochón! mo pheata chúig mbliadhan
mo chaithis, ochón ail-i-lúi.” Do thom sé sop
fionna-mhóna i n-uisge na díge i ngár dó,
agus do chuimil an fhuil ó na h-aghaidh. “O Dhia
tá sí geárrtha na bloghaibh ní'l ball dí slan.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services