Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Popular Proverbs, Co. Kerry.
Title
Popular Proverbs, Co. Kerry.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Long, William
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
POPULAR PROVERBS, CO. KERRY Collected and Translated by Mr. William Long, Ballyferriter, Dingle. Continued. 110. Stocaidhe bána ar shálaibh dóighte. 111. An rud is measa do dhuine ar domhan n' fheadair sé nach chun láir a leasa é. 112. 'Nuair is mó an anaithe (anfa) 'seadh is giorra an chabhair. 113. Má tá céad gnó againn tá céad lá againn. 114. Buachaill aige (ag) Móra a's Móra ag iarraidh déirce. 115. Síoda ar Shiubhán 's an plubán ar a h-athair. 116. Ní cuimhnightear ar an arán tá ithte. 117. Is é dul ó thig an diabhail go tig an deamhain é. 118. 'Nuair bhíonn an cupán lán (no líonta) 'seadh is giorra do é dhórtadh. 119. Is minic chailleann duine caoirigh mar gheall ar luach leath-phingne (do) theárra. 120. Ní lugha sméar 'san bhfoghmhar 'ná é. 121. Is é an duine an t-eudach. 122. Bíonn leacacha sleamhna i dtighthibh daoineadh uaisle. I. 123. Imeoghaidh a dtiocfaidh 's a dtáinig riamh, Imeoghaidh an seanóirín beárrtha liath, Imeoghaidh an fhuiseog dob' áille ar shliabh, Imeoghaidh an fear óg is mó cáil 'na ndiaidh. II. Ní imeoghaidh na bánta ná an sliabh, Ní imeoghaidh an rae ná an ghrian, Ní imeoghaidh an sáile ó'n iasg, Ní imeoghaidh na grásta ó Dhia. 124. Bríste slán ar Sheaghán a's gan faic na ngrás ar a athair. 125. 'Sé an dul ag iarraidh olna ar ghabhar duit é. 126. Má's peacadh bheith buidhe tá daoine damanta. 127. Is minic deamhraidheach cailleamhnach. 128. Ní measa cách 'ná Conchobhar. 129 Dá ghiorra do dhuine a chasóg (no chóta) is giorrra 'ná sin do a léine. 130. Bíonn blas ar an mbeagán. 131. Blais an biadh a's tiocfaidh dúil agat ann. 132. Tá sé (no sí) comh h-aedhearach le múil go mbéidheadh mairc uirrthe. 133. As a blaiseadh is feárr é. 134. Tigh ar thaoibh bóthair ní aistear ga- bháilt ann. 135. 'Nuair labhairfidh an chuach ar crann gan duille, a's thuitfidh Domhnach Cásga ar Lá 'lé Muire, díol do stoc a's ceannaigh lón. 136. Tabhair póg do chosaibh an ghirrfhiaidh. 137. Is minic a thagann gráinne ó'n sgillige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services