Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Popular Proverbs, Co. Kerry.

Title
Popular Proverbs, Co. Kerry.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Long, William
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

POPULAR PROVERBS, CO. KERRY



Collected and Translated by Mr. William
Long, Ballyferriter, Dingle.



Continued.



110. Stocaidhe bána ar shálaibh dóighte.



111. An rud is measa do dhuine ar domhan
n' fheadair sé nach chun láir a leasa é.



112. 'Nuair is mó an anaithe (anfa) 'seadh is
giorra an chabhair.



113. Má tá céad gnó againn tá céad lá
againn.



114. Buachaill aige (ag) Móra a's Móra ag
iarraidh déirce.



115. Síoda ar Shiubhán 's an plubán ar a
h-athair.



116. Ní cuimhnightear ar an arán tá ithte.



117. Is é dul ó thig an diabhail go tig an
deamhain é.



118. 'Nuair bhíonn an cupán lán (no líonta)
'seadh is giorra do é dhórtadh.



119. Is minic chailleann duine caoirigh mar
gheall ar luach leath-phingne (do)
theárra.



120. Ní lugha sméar 'san bhfoghmhar 'ná é.



121. Is é an duine an t-eudach.



122. Bíonn leacacha sleamhna i dtighthibh
daoineadh uaisle.



I.



123. Imeoghaidh a dtiocfaidh 's a dtáinig
riamh,
Imeoghaidh an seanóirín beárrtha liath,
Imeoghaidh an fhuiseog dob' áille ar
shliabh,
Imeoghaidh an fear óg is mó cáil 'na
ndiaidh.



II.



Ní imeoghaidh na bánta ná an sliabh,
Ní imeoghaidh an rae ná an ghrian,
Ní imeoghaidh an sáile ó'n iasg,
Ní imeoghaidh na grásta ó Dhia.




124. Bríste slán ar Sheaghán a's gan faic
na ngrás ar a athair.



125. 'Sé an dul ag iarraidh olna ar ghabhar
duit é.



126. Má's peacadh bheith buidhe tá daoine
damanta.



127. Is minic deamhraidheach cailleamhnach.



128. Ní measa cách 'ná Conchobhar.



129 Dá ghiorra do dhuine a chasóg (no chóta)
is giorrra 'ná sin do a léine.



130. Bíonn blas ar an mbeagán.



131. Blais an biadh a's tiocfaidh dúil agat
ann.



132. Tá sé (no sí) comh h-aedhearach le múil
go mbéidheadh mairc uirrthe.



133. As a blaiseadh is feárr é.



134. Tigh ar thaoibh bóthair ní aistear ga-
bháilt ann.



135. 'Nuair labhairfidh an chuach ar crann
gan duille, a's thuitfidh Domhnach
Cásga ar Lá 'lé Muire, díol do
stoc a's ceannaigh lón.



136. Tabhair póg do chosaibh an ghirrfhiaidh.



137. Is minic a thagann gráinne ó'n
sgillige.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services