Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Waterford Gaelic. Eugsamhla.
Title
Waterford Gaelic. Eugsamhla.
Author(s)
o hIceadha, Miceal Padraig,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
WATERFORD GAELIC. EUGSAMHLA. Fuaras na gearr-rainn leanas ó'n Maighistreás Nóra ní h-Uaithne chomhnuidheas sá láthair ar an mbaile bheag so .i. an Chill, i bParóisde na Cille, i gConndae Phort- láirge. Adeir sí go gcualaidh sí iad - ceann aca annso a's ceann aca annsúd, ceann aca i laetheantaibh a h-óige agus ceann eile aca 'na dhiaidh sin — ar fúd na conndae seo agus Conndae thiobruid Aran. B'éidir go m'báil le léightheóiridhibh an Irisleabhair a bhfeicsint. Ag so aca iad, bé'r domhan de. Aon fhocal amháin eile. Atáid na h-eugsamhla so leanas beagnach díreach glan mar thuiteadar as beul na mná ar ar thráchtas shuas. A raibh le fághbhail ionnta de lochtaibh graiméir, agus go deimhin is fíor-bheaghán díobh do bhí, rinneas mo dhíthchioll dá gceartughadh, acht atharrughadh eile 'san domhan níor dheineas ionnta. I. Bhí bean fad ó ann, agus, dar ndóigh, is fad ó bhí, a's chaill sí a h-inghíon, a's 'na dhiaidh sin dubhairt sí — “Chualaidh mé an treidhin ar dtúis A's chualaidh mé an chuach ar gcúl, A's d'aithin mé nach rachfadh an bhliadhan seo liom.” II. Bhí bean eile ann, a's bhí sí ag dul chum tórrthaidh a h-inghíne, agus bhí sí ag imtheacht chomh mear sin go ndubhradar daoine - “Feuch siar an bhean bhuile,” acht 'sé dubhairt sisi leó — “Ní bean mé tá ar buile, Acht bean bhocht mhurarach Tá dul ag triall ar mo leanbh, Cailín bliadhna 's fiche, Máthair cúigir leanbh, A's iad go h-uile boinionn, Mar bhárr ar gach tubaist.”
III. Bhí bean eile arís dul cum thórrthaidh a dearbhráthar, agus d'fhiafruigh ar dhaoinibh bhí ag casadh a bhaile ó a n-obair — “An mbeidh an lá go h-oidhche ag fearrthainn?” Agus dubhradar léithe ag freagart - “Dá mbeidheadh lá sgolta na gcrann ann, Ní chuirfimís rán i dtalamh Go socróchamaois dó ar an leaba.” IV. An duine bocht dall. “A bhean an tighe shéimh, cuir do dhéirce amach chum an daill, Olann no líon, no píosa muice as an oigheann.” An bhean tighe “Bhí do bhean annso i ndé a's tú féin Indiu le n-a bonn.” An duine bocht dall. “Ní raibh mo bhean annso i ndé. Ta sí 'san Gcré agus leac le n-a ceann, Agus, d'á chomhartha soin féin, tá mo léine Go dubh ar mo dhrom.” V. “Tá sé fearrthainn,” ar san capall, “Tá go daingean,” ar san bhó, “Lá breágh aoibhinn,” ar san chaora, "Siubhal chum cloidhe, sinn" ar san gabhar. GLOSSARY. Bé'r domhan de = at all events, at any rate. This ex- pression and ar aon chuma are the stock phrases for con- veying this meaning in Waterford. 'San domhan = at all. Ní dóibh liom go bhfuil biseach 'san domhan air, I do not think he is at all improved. The Waterford peasant uses this idiom when speaking English - I don't think there is any improvement in the world on him." Níor dheineas = ní rinneas, perf. tense of deun. This phrase is commonly used in Waterford. There is only a seeming difference. The root is deun or déin. Ro is the sign of the perfect tense. Hence, ní + ro + dheineas = níor dheineas, or (by joining the sign ro to the verb) ní rinneas. Dar ndóigh = verily, indeed, sure. "Sure, I am not able to go." 'Na dhiaidh sin (pron. 'na dhiaig sin) = thereafter. Treidhin = corncrake. Coney's has traona. But treidhin and treidhneach are the words in use in Waterford.
Siubhalchum cloidhe sinn. This is peculiar. The ordinary form is siubhal-amaois chum cloidhe. But the analytical form is used here for metrical reasons.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services