WATERFORD GAELIC.
EUGSAMHLA.
Fuaras na gearr-rainn leanas ó'n
Maighistreás Nóra ní h-Uaithne chomhnuidheas
sá láthair ar an mbaile bheag so .i. an Chill,
i bParóisde na Cille, i gConndae Phort-
láirge. Adeir sí go gcualaidh sí iad -
ceann aca annso a's ceann aca annsúd,
ceann aca i laetheantaibh a h-óige agus
ceann eile aca 'na dhiaidh sin — ar fúd na
conndae seo agus Conndae thiobruid Aran.
B'éidir go m'báil le léightheóiridhibh an
Irisleabhair a bhfeicsint. Ag so aca iad,
bé'r domhan de. Aon fhocal amháin eile.
Atáid na h-eugsamhla so leanas beagnach
díreach glan mar thuiteadar as beul na
mná ar ar thráchtas shuas. A raibh le fághbhail
ionnta de lochtaibh graiméir, agus go deimhin
is fíor-bheaghán díobh do bhí, rinneas mo
dhíthchioll dá gceartughadh, acht atharrughadh
eile 'san domhan níor dheineas ionnta.
I.
Bhí bean fad ó ann, agus, dar ndóigh, is
fad ó bhí, a's chaill sí a h-inghíon, a's 'na
dhiaidh sin dubhairt sí —
“Chualaidh mé an treidhin ar dtúis
A's chualaidh mé an chuach ar gcúl,
A's d'aithin mé nach rachfadh an bhliadhan
seo liom.”
II.
Bhí bean eile ann, a's bhí sí ag dul chum
tórrthaidh a h-inghíne, agus bhí sí ag imtheacht
chomh mear sin go ndubhradar daoine -
“Feuch siar an bhean bhuile,” acht 'sé dubhairt
sisi leó —
“Ní bean mé tá ar buile,
Acht bean bhocht mhurarach
Tá dul ag triall ar mo leanbh,
Cailín bliadhna 's fiche,
Máthair cúigir leanbh,
A's iad go h-uile boinionn,
Mar bhárr ar gach tubaist.”
III.
Bhí bean eile arís dul cum thórrthaidh a
dearbhráthar, agus d'fhiafruigh ar dhaoinibh bhí
ag casadh a bhaile ó a n-obair — “An mbeidh
an lá go h-oidhche ag fearrthainn?” Agus
dubhradar léithe ag freagart -
“Dá mbeidheadh lá sgolta na gcrann ann,
Ní chuirfimís rán i dtalamh
Go socróchamaois dó ar an leaba.”
IV.
An duine bocht dall.
“A bhean an tighe shéimh, cuir do dhéirce
amach chum an daill,
Olann no líon, no píosa muice as an
oigheann.”
An bhean tighe
“Bhí do bhean annso i ndé a's tú féin
Indiu le n-a bonn.”
An duine bocht dall.
“Ní raibh mo bhean annso i ndé. Ta sí 'san
Gcré agus leac le n-a ceann,
Agus, d'á chomhartha soin féin, tá mo léine
Go dubh ar mo dhrom.”
V.
“Tá sé fearrthainn,” ar san capall,
“Tá go daingean,” ar san bhó,
“Lá breágh aoibhinn,” ar san chaora,
"Siubhal chum cloidhe, sinn" ar san gabhar.
GLOSSARY.
Bé'r domhan de = at all events, at any rate. This ex-
pression and ar aon chuma are the stock phrases for con-
veying this meaning in Waterford.
'San domhan = at all. Ní dóibh liom go bhfuil biseach
'san domhan air, I do not think he is at all improved.
The Waterford peasant uses this idiom when speaking
English - I don't think there is any improvement in the
world on him."
Níor dheineas = ní rinneas, perf. tense of deun.
This phrase is commonly used in Waterford. There is
only a seeming difference. The root is deun or déin.
Ro is the sign of the perfect tense. Hence, ní + ro +
dheineas = níor dheineas, or (by joining the sign ro to the
verb) ní rinneas.
Dar ndóigh = verily, indeed, sure. "Sure, I am not
able to go."
'Na dhiaidh sin (pron. 'na dhiaig sin) = thereafter.
Treidhin = corncrake. Coney's has traona. But
treidhin and treidhneach are the words in use in Waterford.
Siubhalchum cloidhe sinn. This is peculiar. The
ordinary form is siubhal-amaois chum cloidhe. But the
analytical form is used here for metrical reasons.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11