Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Folk-lore of Connaught. Domhnall Dubh agus Bradán Mór Locha-Rí. II. (Continued).
Title
Folk-lore of Connaught. Domhnall Dubh agus Bradán Mór Locha-Rí. II. (Continued).
Author(s)
O'Ceallaigh, Páidín Ruadh,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DOMHNALL DUBH AGUS BRADÁN MÓR LOCHA-RÍ II. Continued. “Ní thig liom sgaradh leat mar sin,” ar an bradán mór, “agus saoilim gur díthcéilleach an fear thú, acht mar tá dúil agat fan acht in Éirinn bidheadh sé mar sin. Tá fhios agat cé bhfuil Dún na righ i ngar do'n loch?” “Tá eolas agam air, go deimhin,” ar Domhnall, “is iomdha maide a ghearr mé ann.” “Má bhidheann tú san dún anocht ar uair an mheadhoin oidhche, béidh mise rómhat, agus cuirfidh mé i mbealach sáidhbhris fhagháil thú; agus so dhuit domblas le cuimilt ar shúilibh t'inghíne, agus beidh a h-amharc aici, agus duine ar bith eile atá dall in do chomhursanacht, déun mar an gceudna leis. Acht ná glac ór ná airgead ó dhuine bhocht, agus nuair a rachas tú a bhaile, ar do bheatha, ná h-innis d'aon neach beo cia an áit a raibh tú, ná aon nidh d'eirigh dhuit ó d'fhág tú baile.” Glacfad do chomhairle, agus deunfad mar adeir tú,” ar Dómhnall.” Annsin, bhuail sé buille air, agus rinne sé cruiteach (crotach) dhe, agus dubhairt sé “lean mise.” Lean Dómhnall é, agus níorbh fhada go bhfuair sé é féin ag snámh ar an loch, agus an bradán mór lé n-a thaoibh. Nuair tháinic siad go bruach, chaith sé Dómhnall suas ar talamh mar bhí sé, seal (sul) má ndeachaidh sé aig iasgaireacht. Nuair chuaidh sé a bhaile, bhí an teach líonta roimhe lé daoinibh muinteardha agus lé comhur- sanaibh; agus bhí a bhean agus a inghíon ag gul 's ag caoineadh mar shaoil siad go raibh sé báidhte. Shiubhail se isteach, agus d'iompuigh siad air lé h-iongantas, agus thoisigh siad ag crathadh lámh leis. “Fág mo bhealach,” ar Domhnall, “go dtugaidh mé radharc dom' inghíon.” Tharraing sé amach domblas an bhradáin, agus chuimil sé súile Nóirín, agus bhí radharc aici chomh maith a's bhí ag Domhnall féin. Sgread sí agus bhuail sí a basa lé lúthghair agus thug sí buidheachus do Dhia. (Bhí go leor daoine dall ins an bpar- ráiste, agus chuir sé fios orra agus thug sé a radharc dóibh. Níorbh fhada go ndeachaidh cáil Dhomhnaill thríd an tír, agus bhí daill ag teacht chuige 'ch uile lá.) Nuair tháinic uair an mheadhoin oidhche, nó seal gearr roimhe, chuaidh Dómhnall go Dún na rígh; agus is gearr gur chualaidh sé rúille búille, agus torann cosa capall, agus isteach leis an Sluagh Sidhe, agus an bradán mór ós a g-cionn. Nuair bhi an t-iomlán aca astigh san Dún, labhair an bradán mór “Tá báire liathróide coise le bualadh againn anocht in aghaidh Sidhe Laighean, tá gaisgidheach
agam le bheith i láthair chomh treun a's atá 'san domhan. Tar i láthair, a Dhomhnaill dhuibh, go bhfeicidh na daoine uaisle thú. Tháinic Dómhnall, i láthair, agus chraith na fir sidhe lámh leis, agus i láimh gach aoin bhí sparán óir. Tháinic an bradán chuige ar deireadh, agus thug sé dhó mála mór leis an ór a chur ann, agus dubhairt sé leis é chur faoi chrann go dtagadh sé ar ais, agus gan aithris do neach a rúin. Annsin tháinic síon mhór ghaoithe, agus d'fhuadaidh sí an t-iomlán aca suas ins an aer, agus leigeadh síos ar mhachaire mhór iad. Bhí Sluagh Sidhe Laighean ar an machaire agus níorbh fhada gur thoisigh an báire ghá bhualadh. Bhí an ghealach shuas, agus bhí an oidhche bunáit chomh geal leis an lá: bhí siad ag rith anonn is anall; tromach, tramach; agus is iomdha fear a thuit le cor coise. Fá dheireadh, fuair Sidhe Chonnacht buaidh, agus gnódhuigh siad an báire. Tháinic an tsíon ghaoithe arís, agus tugadh ar ais iad go Dún na righ, i ngar do Loch- Rí. Annsin dubhairt an bradán mór lé Domhnall. “Fagh do mhála, agus imthigh a bhaile - tá an oiread agat anois a's chaithfeas tú féin, do bhean, agus t'inghíon, acht ná leig an rún amach nó caillfidh tú an t-iomlán. Slán leat!!” Chuaidh Dómhnall a bhaile, agus chuir sé an mála óir i bhfolach faoi leac mhóir in urlár an tighe seal (sul) má'r eirigh Noírín nó an bhean; agus ní raibh fhios aca go raibh sé amuigh ar chor ar bith. Nuair d'eirigh siad, thais- beán sé lán a ghlaice d'ór dóibh, agus chuir sin luthgháir mhór orra, rith siadh chuige, agus shaoil sé go múchfadh siad le pógaibh é. Chean- nuigh sé gabhaltas mór talaimh, agus chuir sé teach breagh ar bun. Seal gearr 'na dhiaidh so phós Nóirín sgológ saidhbhir. Tá an bradán mór ins an gcaisleán faoi'n loch, agus thig le duine ar bith é fheiceáil 'ch uile lá Bealtaine, ag snámh ar bhárr uisge an locha. Mhair Dómhnall, a bhean 's a inghean go sona, seunmhar, buansaoghalach; agus gur ab é ar ndála go léir é. “Páidín ruadh O'Ceallaigh.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services