Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Folk-lore of Connaught. Domhnall Dubh agus Bradán Mór Locha-Rí. II. (Continued).

Title
Folk-lore of Connaught. Domhnall Dubh agus Bradán Mór Locha-Rí. II. (Continued).
Author(s)
O'Ceallaigh, Páidín Ruadh,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 55


DOMHNALL DUBH AGUS BRADÁN MÓR
LOCHA-RÍ



II.



Continued.



“Ní thig liom sgaradh leat mar sin,” ar an
bradán mór, “agus saoilim gur díthcéilleach
an fear thú, acht mar tá dúil agat fan acht in
Éirinn bidheadh sé mar sin. Tá fhios agat cé
bhfuil Dún na righ i ngar do'n loch?” “Tá
eolas agam air, go deimhin,” ar Domhnall,
“is iomdha maide a ghearr mé ann.” “Má
bhidheann tú san dún anocht ar uair an
mheadhoin oidhche, béidh mise rómhat, agus cuirfidh
mé i mbealach sáidhbhris fhagháil thú; agus so
dhuit domblas le cuimilt ar shúilibh t'inghíne,
agus beidh a h-amharc aici, agus duine ar bith eile
atá dall in do chomhursanacht, déun mar an
gceudna leis. Acht ná glac ór ná airgead
ó dhuine bhocht, agus nuair a rachas tú a
bhaile, ar do bheatha, ná h-innis d'aon neach
beo cia an áit a raibh tú, ná aon nidh d'eirigh
dhuit ó d'fhág tú baile.” Glacfad do
chomhairle, agus deunfad mar adeir tú,” ar
Dómhnall.”



Annsin, bhuail sé buille air, agus rinne sé
cruiteach (crotach) dhe, agus dubhairt sé
“lean mise.” Lean Dómhnall é, agus níorbh
fhada go bhfuair sé é féin ag snámh ar an
loch, agus an bradán mór lé n-a thaoibh. Nuair
tháinic siad go bruach, chaith sé Dómhnall
suas ar talamh mar bhí sé, seal (sul) má
ndeachaidh sé aig iasgaireacht.



Nuair chuaidh sé a bhaile, bhí an teach líonta
roimhe lé daoinibh muinteardha agus lé comhur-
sanaibh; agus bhí a bhean agus a inghíon ag gul 's ag
caoineadh mar shaoil siad go raibh sé báidhte.
Shiubhail se isteach, agus d'iompuigh siad air
lé h-iongantas, agus thoisigh siad ag crathadh
lámh leis. “Fág mo bhealach,” ar Domhnall,
“go dtugaidh mé radharc dom' inghíon.”
Tharraing sé amach domblas an bhradáin,
agus chuimil sé súile Nóirín, agus bhí radharc aici
chomh maith a's bhí ag Domhnall féin. Sgread
sí agus bhuail sí a basa lé lúthghair agus thug sí
buidheachus do Dhia.



(Bhí go leor daoine dall ins an bpar-
ráiste, agus chuir sé fios orra agus thug sé a
radharc dóibh. Níorbh fhada go ndeachaidh
cáil Dhomhnaill thríd an tír, agus bhí daill ag
teacht chuige 'ch uile lá.)



Nuair tháinic uair an mheadhoin oidhche, nó
seal gearr roimhe, chuaidh Dómhnall go Dún
na rígh; agus is gearr gur chualaidh sé rúille
búille, agus torann cosa capall, agus isteach leis
an Sluagh Sidhe, agus an bradán mór ós a
g-cionn. Nuair bhi an t-iomlán aca astigh
san Dún, labhair an bradán mór “Tá
báire liathróide coise le bualadh againn
anocht in aghaidh Sidhe Laighean, tá gaisgidheach


L. 56


agam le bheith i láthair chomh treun a's atá
'san domhan. Tar i láthair, a Dhomhnaill
dhuibh, go bhfeicidh na daoine uaisle thú.
Tháinic Dómhnall, i láthair, agus chraith na fir
sidhe lámh leis, agus i láimh gach aoin bhí sparán
óir. Tháinic an bradán chuige ar deireadh,
agus thug sé dhó mála mór leis an ór a chur
ann, agus dubhairt sé leis é chur faoi chrann
go dtagadh sé ar ais, agus gan aithris do neach
a rúin. Annsin tháinic síon mhór ghaoithe, agus
d'fhuadaidh sí an t-iomlán aca suas ins an
aer, agus leigeadh síos ar mhachaire mhór iad.
Bhí Sluagh Sidhe Laighean ar an machaire agus
níorbh fhada gur thoisigh an báire ghá bhualadh.



Bhí an ghealach shuas, agus bhí an oidhche bunáit
chomh geal leis an lá: bhí siad ag rith anonn
is anall; tromach, tramach; agus is iomdha
fear a thuit le cor coise. Fá dheireadh,
fuair Sidhe Chonnacht buaidh, agus gnódhuigh
siad an báire.



Tháinic an tsíon ghaoithe arís, agus tugadh
ar ais iad go Dún na righ, i ngar do Loch-
Rí. Annsin dubhairt an bradán mór lé
Domhnall. “Fagh do mhála, agus imthigh a bhaile
- tá an oiread agat anois a's chaithfeas tú
féin, do bhean, agus t'inghíon, acht ná leig
an rún amach nó caillfidh tú an t-iomlán.
Slán leat!!”



Chuaidh Dómhnall a bhaile, agus chuir sé an
mála óir i bhfolach faoi leac mhóir in urlár
an tighe seal (sul) má'r eirigh Noírín nó an
bhean; agus ní raibh fhios aca go raibh sé amuigh
ar chor ar bith. Nuair d'eirigh siad, thais-
beán sé lán a ghlaice d'ór dóibh, agus chuir sin
luthgháir mhór orra, rith siadh chuige, agus shaoil
sé go múchfadh siad le pógaibh é. Chean-
nuigh sé gabhaltas mór talaimh, agus chuir sé
teach breagh ar bun. Seal gearr 'na dhiaidh
so phós Nóirín sgológ saidhbhir.



Tá an bradán mór ins an gcaisleán
faoi'n loch, agus thig le duine ar bith é fheiceáil
'ch uile lá Bealtaine, ag snámh ar bhárr
uisge an locha. Mhair Dómhnall, a bhean 's
a inghean go sona, seunmhar, buansaoghalach;
agus gur ab é ar ndála go léir é.



“Páidín ruadh O'Ceallaigh.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services