Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Popualr Irish Songs - An Spailpín Fánach.
Title
Popualr Irish Songs - An Spailpín Fánach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
An Buinnean Aorach
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
POPULAR IRISH SONGS. AN SPAILPÍN FÁNACH. I. Go deo deo 'rís ní rachad go Caiseal Ag díol ná reic mo shláinte, Ná ar mhargadh na saoire im' shuidhe cois balla Im' sgaoinse ar leath-taoibh sráide. Bodairidhe na tíre ag tigheacht ar a g- capallaibh, Dá fhiarfaighe an bhfuilim hírálta. Teannam chum siubhail, tá'n cúrsa fada; Seo ar siubhal an spailpín fánach. II. Im' spailpín fánach fágbhadh mise Ag seasamh ar mo shláinte, Ag siubhal an drúchta go moch ar maidin A's ag bailiughadh galair ráithe. Ní fheicfear corrán im' láimh chum buainte Súist ná feac bheag ráinne Acht colours na bhfranncach os cionn mo leapthan Agus pike agam chum sáidhte. III. Go Callainn 'nuair théidhim 's mo hook im' ghlaic 'S mé ann súd i d-tosach geárrtha, 'S 'nuair theighim go Dúibhlinn 'sé clú bhidheann acu “Seo chughaibh an spailpín fánach.” Cruinneóchaidh me cialla a's triallfad a bhaile 'S claoidhfead seal lem' mháithrín, 'Sgo bráth arís ní ghlaodhfar m'ainm 'San tír so an spailpín fánach. IV. Mo chúig céad slán chum dúthaigh m'athar, Agus chum an Oileáin ghrádhmhair, Ash chum buachailllide na Cúlach, ós díobh nár mhisde I n-aimsir chasda na gárdan.
Anois ó táim-se i m' chadhan bhocht dhealbh I measg na n-dúthaighe fiadhán seo, Is é mo chumha chroidhe mar fuair me an ghairm Bheith riamh im' spailpín fánach. V. I g-Ciarraighe an ghrinn do ghéabhthaoi an aindear Go m'fhonn le fear suidhe láimh léi, 'Na mbéidh lasadh trí lítir 'na gnaoi mar eala, 'Sa cúl fionn fada fáinneach. A cruinne chíocha, riamh nár sgaipeadh Sa mala chaol mar shnáithid; Is mór go mb' fhearr í ná sraoil ó Challainn 'Na m-beidh na ceudta púnt le faghbháil léi. VI. Is ró-bhreagh is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad Shiar ag(e) Droichead gháile, Fá bhuaibh, fá chaoiribh, fá laoghaibh beag geala, Agus capaill ann le h-áireamh. B'é toil Chríost gur cuireadh sinn asta, Ash go ndeachamar i leath' ár sláinte; 'S gur bh'é bhris mo chroidhe in gach tír dá rachaim “Call here you spailpín fánach.” VII. Dá d-tigeadh an Frannach a nall tar caladh 'S a champa daingean láidir, Agus Bóic O'Gráda chughainn a bhaile, 'S Tadhg bocht fial o'Dálaigh, Do bheidh barracks an righ go léir dá leagadh, Agus yeomen aguinn dá g-cárnadh, Clanna Gaedhil gach am dá d-treasgairt Sin cabhair ag an spailpín fánach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services