Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Popualr Irish Songs - An Spailpín Fánach.

Title
Popualr Irish Songs - An Spailpín Fánach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
An Buinnean Aorach
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

POPULAR IRISH SONGS.



AN SPAILPÍN FÁNACH.



I.



Go deo deo 'rís ní rachad go Caiseal
Ag díol ná reic mo shláinte,
Ná ar mhargadh na saoire im' shuidhe cois balla
Im' sgaoinse ar leath-taoibh sráide.
Bodairidhe na tíre ag tigheacht ar a g-
capallaibh,
Dá fhiarfaighe an bhfuilim hírálta.
Teannam chum siubhail, tá'n cúrsa fada;
Seo ar siubhal an spailpín fánach.



II.



Im' spailpín fánach fágbhadh mise
Ag seasamh ar mo shláinte,
Ag siubhal an drúchta go moch ar maidin
A's ag bailiughadh galair ráithe.
Ní fheicfear corrán im' láimh chum buainte
Súist ná feac bheag ráinne
Acht colours na bhfranncach os cionn mo
leapthan
Agus pike agam chum sáidhte.



III.



Go Callainn 'nuair théidhim 's mo hook im'
ghlaic
'S mé ann súd i d-tosach geárrtha,
'S 'nuair theighim go Dúibhlinn 'sé clú bhidheann
acu
“Seo chughaibh an spailpín fánach.”
Cruinneóchaidh me cialla a's triallfad a bhaile
'S claoidhfead seal lem' mháithrín,
'Sgo bráth arís ní ghlaodhfar m'ainm
'San tír so an spailpín fánach.



IV.



Mo chúig céad slán chum dúthaigh m'athar,
Agus chum an Oileáin ghrádhmhair,
Ash chum buachailllide na Cúlach, ós díobh
nár mhisde
I n-aimsir chasda na gárdan.


L. 54


Anois ó táim-se i m' chadhan bhocht dhealbh
I measg na n-dúthaighe fiadhán seo,
Is é mo chumha chroidhe mar fuair me an
ghairm
Bheith riamh im' spailpín fánach.



V.



I g-Ciarraighe an ghrinn do ghéabhthaoi an
aindear
Go m'fhonn le fear suidhe láimh léi,
'Na mbéidh lasadh trí lítir 'na gnaoi mar
eala,
'Sa cúl fionn fada fáinneach.
A cruinne chíocha, riamh nár sgaipeadh
Sa mala chaol mar shnáithid;
Is mór go mb' fhearr í ná sraoil ó Challainn
'Na m-beidh na ceudta púnt le faghbháil
léi.



VI.



Is ró-bhreagh is cuimhin liom mo dhaoine bheith
sealad
Shiar ag(e) Droichead gháile,
Fá bhuaibh, fá chaoiribh, fá laoghaibh beag
geala,
Agus capaill ann le h-áireamh.
B'é toil Chríost gur cuireadh sinn asta,
Ash go ndeachamar i leath' ár sláinte;
'S gur bh'é bhris mo chroidhe in gach tír dá
rachaim
“Call here you spailpín fánach.”



VII.



Dá d-tigeadh an Frannach a nall tar caladh
'S a champa daingean láidir,
Agus Bóic O'Gráda chughainn a bhaile,
'S Tadhg bocht fial o'Dálaigh,
Do bheidh barracks an righ go léir dá leagadh,
Agus yeomen aguinn dá g-cárnadh,
Clanna Gaedhil gach am dá d-treasgairt
Sin cabhair ag an spailpín fánach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services