Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A chat about the Gaelic Congress: Cork Irish.
Title
A chat about the Gaelic Congress: Cork Irish.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A CHAT ABOUT THE GAELIC CONGRESS: CORK IRISH AN FHÉIS (Cómhrádh idir Thadhg agus Diarmuid) D. Mór dhuit, a Thaidhg! T. Mór a's Muire dhuit, a Dhiarmuid! D. An rabhais aig an bh-Féis? T. Cad í an Fhéis? D. Féis na Gaedhilge. T. Ní rabhas; cá raibh sí? D. I mBaile-atha-Cliath. T. Cad chuige? D. Chum na Gaedhilge choimeád. T. Agus cá bhfuil an Ghaedhilge ag dul, gur gádh í choimeád? D. Tá sí aig imtheacht as an saoghal go tiubh. T. Arú! cad é sin agat d'á rádh? D. Táim d'á rádh go bhfuil an Ghaedhilge aig imtheacht, agus muna ndeintear iarracht láidir ar í choimeád gur geárr ná béidh focal Gaedhilge d'á labhuirt in Éirinn. T. Go deimhin, a Dhiarmuid, táir-se riamh go h-ait. Ceapair é chur 'na luidhe orm gur geárr go mbéidh muinntear na h-Éireann uile ag gluaiseacht 'na mbalbhánaibh. D. Cé dubhairt a leithéid sin? T. Do chloiseas thú d'á rádh gur geárr ná beidheadh focal cainte d'á labhairt in Éirinn, agus gur bh'éigin féis do chruinniughadh i m-Baile Atha Cliath chum greama do choimeád ar an gcaint. Agus cionnos bheidheadh daoine gan chaint acht balbh? D. Ní dubhart gur gearr ná beidheadh focal cainte in Éirinn; acht dubhart agus deirim gur geárr ná béidh focal Gaedhilge in Éirinn! T. Agus nach caint Gaedhilge? D. Is eadh, gan amhrus, acht tá caint nach Gaedhilge. T. Cad í an chaint í sin? D. Tá, Beurla. T. O! tuigim anois thú. Tá eagla orraibh go n-athróchaidh caint na h-Éireann ó Ghae- dhilge go Beurla, agus do cruinnigheadh an Féis chum cosg do chur leis an athrughadh-san. D. Bhuailis do mheur air, fá dheireadh. T. An dóigh leat an dtiocfaidh libh? D. Is amhlaidh mar tá sé; deunfaimíd ar ndícheall. T. An raibh a lán daoine aig an bhFéis. D. Suathantais! T. Cia h-é bhí 'san gcathaoir? D. Árd-mhaor na cathrach. T. Cia h-iad eile bhí ann? D. Bhidheadar ann ó gach áird. Bhí Mícheál Ciasóg ann, agus Eoin Mhac Néill, agus an Laoideach, agus Dubhghlas de h-Íde, agus Pádruig O'Briain, agus mórán nach iad de Ghaedhilgeoiribh cliste aniar 's a dtuaidh 's andeas. T. Féuch, a Dhiarmuid, ní thuigim féin cad é an tairbhe do'n Ghaedhilge iad súd go léir do theacht i bhfochair a chéile ar an gcuma san, agus iad do bheith ag caint ar feadh tamaill, agus annsan iad d'imtheacht a bhaile. Ní fheicim, an dtuigir? Puinn sao- thair 'na ndiaig. D. Stó! rinneadar dlighthe agus ria- ghalta, agus do chuireadar cuing agus ceangal orra féin na dlighthe agus na ria- ghalta san do chur i ngníomh feasta. T. Ach! is furuisde dlíghthe dhéanamh! Cad iad na dlíghthe do chuireadar ar bun? Ar cheangladar ar dhaoinibh an Ghaedhilge do labhairt na ngnó, in ionad Beurla? D. Deirim leat gur b'shin í riaghail is daingine chuireadar síos. T. Go gcaithfeadh gach aoinne Gaedhilge do labhairt! D. Gan amhrus. T. Cogar a leith chúgham a Dhiarmuid, ar labhradar féin í? D. Gach duine, beagnach, a bhain le Conn- radh na Gaedhilge, agus a bhí aig an bhFéis an lá úd, rin sé a chómhradh puiblíghe as Gaedhilge ós cómhair na n-uasal uile a bhí láithreach. T. 'Gcloistí!
D. Is fíor dhom é. T. Do b'uathbhásach an obair í. Ní fheadar an mó ceud bliadhain atá ó cloiseadh a leithéid i m-Baile-atha-Cliath roimhe so. Ba mhaith liom a fhios a bheith agam cad dubhra- dar go léir. D. Ní'l agat acht fios a chur ar an bpáipeur, agus gheabhair “fios-fáth in aghaidh an sgéil” ann. T. Déanfad san; agus nuair bhéidh an cheud Fhéis eile dá cruinniughadh, ní gan fhios domsa cruinneóchar í. D. Is maith liom thú d'á rádh san. Slán leat anois. T. Go dtugaidh Dia lá maith dhuit. (Sgaraid ó chéile.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services