Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Folk-lore, Donegal. Cúl Dubh Uaighe.
Title
Folk-lore, Donegal. Cúl Dubh Uaighe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Collector
Flann Fionn Fíona.
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FOLK-LORE, DONEGAL. CÚL DUBH UAIGHE. I. Ar maidin Dia hAoine músgluigheadh 'n-ár suidhe muid, 'S do dhiúltuigh mo chroidhe istigh air ag dul ann; 'Sé Buigheallach Locha an Iubhra do bhrosluigh ar siubhal muid; Do rinnemuid an siubhal, 's chan gan cúitiughadh chuaidh linn. Chuaidhmuid ar na rámhaibh, acht níor léir dhúinn stiúr do dhéanamh; Bhí pluchadh agus cáthadh ag éirghe orainn aniar; Dá mbeidheadh sgian i n-ar bpócaidhe do ghearrfadh na rópaidhe, Do chuirfeadh an chóir sinn faoi fhosgadh na sliabh. II. A Phadraic bháin Ui Árlaigh, ní hiongnadh thú bheith cráidhte Fá do mhac breagh áluinn, nach raibh 'leitheid ins an tír; Chan díoghbhál bhídh nó annlainn do thug do mhac 'san mbád sin Is é a theach bhí lán do huile chineál bídh. Bhí min agus bhí prátaidhe, bhí órna 's bhí gráin ann, Éisg crochta i n-áirde nach raibh 'leitheid ins an tír;
A's gan cailín óg 'san áit sin nár thuit alig i ngrádh leis, Agus cumha mhór a mháthrach ní fhágbhann a croidhe. III. 'Sé cúl dubh Uaighe, an cúl dubh gan subhailce, — Nach fluich agus nach fuar mo leabaidh luidhe! A Néill bháin Ui Phártaigh, nach clúiteach liom mar fágbhadh thú, Agus campal mór báid aca le do thaoibh! Do tháinig an squall agus thiontuigh sé an bád, Agus cluinfidhe i nÁrainn ar gcaoine ('s ar gcaoi); Dá mbeith Coirre ar an mbád sin, nó Donnchadh mo dhearbhráthair, Char bhaoghal dúinn an lá sin nach dtiuc- fadh sinn i dtír. IV. Is iomdha lasta prátaidhe thug mise 's mo dhearbhráthair Ó Chonnachta' 's ó Mhálainn ar an fhairrge bhí dian; Contabhairt ní bhfuairmuid go teacht dúinn go cúl Uaighe — Mo chreach agus mo bhrón go dtáinig muid riamh! Bhí muid ar n-ochtar d' fhearaibh leice láidire; Monuar! bhí a lán againn ar fhír-bheagán scill; Mar ndán de sinn tarrtháil acht aon fhear amháin againn D' innseochadh d'ár gcáirde cad é d'éirigh dínn! Gluais. Peadar Breathnach, do bhí in-a tháilliúir i mBaile na Mór, i gCondae Dhún na nGall, tuairim a's leath-cheud bliadhan ó shoin, 'sé sin ughdar an abhráin bhreagh so. Is ó Shaidhbh Ní Ghallchobhair i mBraonach i nGleann na Suilighe, fuaras an t-abhrán le fear a sgríobhtha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services