FOLK-LORE, DONEGAL.
CÚL DUBH UAIGHE.
I.
Ar maidin Dia hAoine músgluigheadh 'n-ár
suidhe muid,
'S do dhiúltuigh mo chroidhe istigh air ag dul
ann;
'Sé Buigheallach Locha an Iubhra do bhrosluigh
ar siubhal muid;
Do rinnemuid an siubhal, 's chan gan
cúitiughadh chuaidh linn.
Chuaidhmuid ar na rámhaibh, acht níor léir
dhúinn stiúr do dhéanamh;
Bhí pluchadh agus cáthadh ag éirghe orainn
aniar;
Dá mbeidheadh sgian i n-ar bpócaidhe do
ghearrfadh na rópaidhe,
Do chuirfeadh an chóir sinn faoi fhosgadh
na sliabh.
II.
A Phadraic bháin Ui Árlaigh, ní hiongnadh thú
bheith cráidhte
Fá do mhac breagh áluinn, nach raibh
'leitheid ins an tír;
Chan díoghbhál bhídh nó annlainn do thug do
mhac 'san mbád sin
Is é a theach bhí lán do huile chineál bídh.
Bhí min agus bhí prátaidhe, bhí órna 's bhí
gráin ann,
Éisg crochta i n-áirde nach raibh 'leitheid
ins an tír;
A's gan cailín óg 'san áit sin nár thuit
alig i ngrádh leis,
Agus cumha mhór a mháthrach ní fhágbhann a
croidhe.
III.
'Sé cúl dubh Uaighe, an cúl dubh gan
subhailce, —
Nach fluich agus nach fuar mo leabaidh
luidhe!
A Néill bháin Ui Phártaigh, nach clúiteach
liom mar fágbhadh thú,
Agus campal mór báid aca le do thaoibh!
Do tháinig an squall agus thiontuigh sé an
bád,
Agus cluinfidhe i nÁrainn ar gcaoine ('s
ar gcaoi);
Dá mbeith Coirre ar an mbád sin, nó
Donnchadh mo dhearbhráthair,
Char bhaoghal dúinn an lá sin nach dtiuc-
fadh sinn i dtír.
IV.
Is iomdha lasta prátaidhe thug mise 's mo
dhearbhráthair
Ó Chonnachta' 's ó Mhálainn ar an fhairrge
bhí dian;
Contabhairt ní bhfuairmuid go teacht dúinn
go cúl Uaighe —
Mo chreach agus mo bhrón go dtáinig muid
riamh!
Bhí muid ar n-ochtar d' fhearaibh leice
láidire;
Monuar! bhí a lán againn ar fhír-bheagán
scill;
Mar ndán de sinn tarrtháil acht aon fhear
amháin againn
D' innseochadh d'ár gcáirde cad é d'éirigh
dínn!
Gluais.
Peadar Breathnach, do bhí in-a tháilliúir i
mBaile na Mór, i gCondae Dhún na nGall,
tuairim a's leath-cheud bliadhan ó shoin, 'sé
sin ughdar an abhráin bhreagh so. Is ó Shaidhbh
Ní Ghallchobhair i mBraonach i nGleann na
Suilighe, fuaras an t-abhrán le fear a
sgríobhtha.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11