Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Toghairm
Title
Toghairm
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TOGHAIRM Agus Gleus Oibre chum Gluasachta na Gaedhilge do chur ar aghaidh i nÉirinn. I. Atá an Ghaedhealg dhá labhairt anois lé beag nach seacht gceud míle do dhaoinibh i nÉirinn. Ní lugha ioná trian iomlán na hÉireann a mheud tíre fá' bhfuil an Ghaedhealg dhá labhairt. Mar sin, gan aimhreas, is féidir an Ghaedhealg do chongbhail beó. Muna gcoingeóbhthar beó í, is sinne bhus ciontach lé n-a bás. Cuirimís ro- mhainn feasda a congbháil beó. II. Laghduighthear muinntear na Gaedhilge fiche míle duine 'san mbliadhain. Is follus as sin nár éirigh go dtí so le gluasacht na Gaedhilge. Mar sin de is dearbhtha dhúinn go bhfuil easbaidh bhásmhar éigin 'san ngluasacht so. Atá sé d' fhiachaibh orainne an eas- baidh so do leigheas. III. Ní gábhadh dham a rádh, nár bhean gluasacht na Gaedhilge roimhe so acht lé múnadh na Gaedhilge. Na leabhair agus na maighistiridhe, níor chongbhadar-san teanga ar bith beó riamh. Atáid fátha sonnradhacha dhá thoir- measg ar an nGaedhilg a congbháil beó lé múnadh. Caithfimid ar an ádhbhar sin gleus eile do chur i bhfeidhm. IV. Atá gean foluightheach ag an tuaith go coitcheann ar theangaidh na Gaedhilge. Acht dá ríribh ní thugaid uirri ós árd acht neamh-shuim. Is í an neamh-shuim so an námha is mó baoghal do 'n Ghaedhilg. An neamh-shuim ghníomach, atá bun bréige fúithi, agus bun fírinneach fá 'n ngean díomhaoineach. Caithfimid an gean fírinneach do thabhairt gníomhach, agus an neamh-shuim bhreugach do thabhairt díomhaoineach. V. Níor chorruigh gluasacht na Gaedhilge fós acht lucht léighinn agus muinntear na mbailteadh mór. Agus atá meas aca súd ar an nGaedhilg anois thar mar do bhí lé dá cheud bliadhan. Ní suaraighe lé tuaith na tíre ioná leó súd gach a bhfuil fírinneach sgiamhach bríoghmhar. Ní dhearnadh riamh chuca-san tóghairm dhíreach ar son na Gaedhilge. Atá an tóghairm sin lé deunamh againne feasta.
VI. Teanga ar bith níor mhair beó riamh, nár mhair cois teallach na tuaithe. Gidh tádhbhachtach an nídh an Ghaedhealg do mhúnadh, ní hé an nídh is mó tádhbhacht é. Is í ceud-obair is indeunta dhúinne, an Ghaedhealg do chongbháil beó cois na dteallach. Ar chaoi go mbudh amhlaidh éireóchas linn, is éigean dúinn an tóghairm dhíreach do dheunamh chum na tuaithe. VII. Atá ceud mile do theallaighibh i nÉirinn a bhfuil an Ghaedhealg indiu dhá labhairt 'n-a dtimchioll. Ní féidir an tóghairm dhíreach do dheunamh chum gach teallaigh dhíobh so fá leith. Agus ó 'tá mar atá, ní thiocfaidh an tuath i bhfad dár n-éisteacht. Dob' éigean dúinn mar sin comh- rádh do dheunamh lé drongaibh beaga, agus an ghluasacht do chur i ngníomh, dob' fhéidir, ins gach pa- ráisde fá leith, ag tosughadh ins na háitibh is mó gheallas congnamh uatha féin. VIII. Is cosmhail nach taithneóchaidh comhrádh 'n-a aonar. Teasdóchaidh, mar sin, gleus greann- mhar eile. IX. Teasdóchaid fir oibre ó 'n samhail so do ghluasacht. Teasdóchaidh maoin. Teasdóchaidh móir-eagar nó comann comh-oibre chum na bhfear agus na maoine do chruinniughadh lé chéile. X. Ní bhiadh aon adhbhar conspóide idir a shamhail so do chorp agus aon chorp eile dá bhfuil ann anois. Is túisge do chothóchadaois a chéile ar gach uile nós. XI. Trí srotha as a bhfuighthidhe maoin na gluasachta .i. Cáin nó cíos bliadhnamhail na bhfear gcomainn; Tabhartas carad na Gaedhilge: Soláthar na gcomhdhál agus na gcomhrádh doghéantaidhe ins na bailtibh móra i n-a mbíd Gaodhail 'n-a gcomh- naidhe i nÉirinn agus tar lear. Ná meas, a leughthóir, go mbudh ionann na comhdhála so leis na comhdhálaibh eile ar a ndearnadh trácht thuas. Chum na gcomhdhál súd .i. an ghluasacht féin, do bheathughadh, do- ghéantaidhe na comhdhála eile, nós oibre do mhol duine ughdarthásach .i. Micheál Daibhit, deich mbliadhna ó shoin. XII. Do cuirfidhe i n-eagar ó am go ham cunntas no tuaraisg athchoimir na hoibre do bheidheadh ar n-a deunamh. Ceithre dronga do gheabhadh an tuar- aisg sin .i. Na fir chomainn, na fir thabhartais, na daoine do rachadh ar na comhdhá- laibh, agus lucht na bpáipeur nuaidh- eachta. XIII. Tugadh a ndubhradh tuas ar an ngleus oibre, chum go dtráchtfaidhe air agus chum go leasóchthaidhe é. Ní thugadh n-a mhiosúr críochnuighthe é chum go nglacfaidhe leis nó go ndiúltfaidhe dhó. Budh mhaith leis an té do sgríobh, breitheamhnas d'fhaghfháil ó lucht coi- meuda na Gaedhilge ar an sgrío- bhadh. Dob' fhéidir leó-san agus lei- sean comhairle a chéile do ghlacadh, dá gcuiridís sgeul chuige tré Eagarthóir an Irisleabhair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services