Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Toghairm

Title
Toghairm
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TOGHAIRM



Agus Gleus Oibre chum Gluasachta na
Gaedhilge do chur ar aghaidh i nÉirinn.



I. Atá an Ghaedhealg dhá labhairt anois
lé beag nach seacht gceud míle do
dhaoinibh i nÉirinn.



Ní lugha ioná trian iomlán na
hÉireann a mheud tíre fá' bhfuil
an Ghaedhealg dhá labhairt.
Mar sin, gan aimhreas, is féidir an
Ghaedhealg do chongbhail beó. Muna
gcoingeóbhthar beó í, is sinne bhus
ciontach lé n-a bás. Cuirimís ro-
mhainn feasda a congbháil beó.



II. Laghduighthear muinntear na Gaedhilge
fiche míle duine 'san mbliadhain.
Is follus as sin nár éirigh go dtí so
le gluasacht na Gaedhilge.
Mar sin de is dearbhtha dhúinn go
bhfuil easbaidh bhásmhar éigin 'san
ngluasacht so.
Atá sé d' fhiachaibh orainne an eas-
baidh so do leigheas.



III. Ní gábhadh dham a rádh, nár bhean
gluasacht na Gaedhilge roimhe so
acht lé múnadh na Gaedhilge.
Na leabhair agus na maighistiridhe, níor
chongbhadar-san teanga ar bith beó
riamh.
Atáid fátha sonnradhacha dhá thoir-
measg ar an nGaedhilg a congbháil
beó lé múnadh.
Caithfimid ar an ádhbhar sin gleus
eile do chur i bhfeidhm.



IV. Atá gean foluightheach ag an tuaith
go coitcheann ar theangaidh na
Gaedhilge.
Acht dá ríribh ní thugaid uirri ós árd
acht neamh-shuim.
Is í an neamh-shuim so an námha is mó
baoghal do 'n Ghaedhilg.
An neamh-shuim ghníomach, atá bun
bréige fúithi, agus bun fírinneach fá
'n ngean díomhaoineach.
Caithfimid an gean fírinneach do
thabhairt gníomhach, agus an neamh-shuim
bhreugach do thabhairt díomhaoineach.



V. Níor chorruigh gluasacht na Gaedhilge
fós acht lucht léighinn agus muinntear
na mbailteadh mór.
Agus atá meas aca súd ar an
nGaedhilg anois thar mar do bhí lé
dá cheud bliadhan.
Ní suaraighe lé tuaith na tíre ioná
leó súd gach a bhfuil fírinneach
sgiamhach bríoghmhar.
Ní dhearnadh riamh chuca-san tóghairm
dhíreach ar son na Gaedhilge.
Atá an tóghairm sin lé deunamh
againne feasta.


L. 178


VI. Teanga ar bith níor mhair beó riamh,
nár mhair cois teallach na tuaithe.
Gidh tádhbhachtach an nídh an Ghaedhealg
do mhúnadh, ní hé an nídh is mó
tádhbhacht é.
Is í ceud-obair is indeunta dhúinne,
an Ghaedhealg do chongbháil beó
cois na dteallach.
Ar chaoi go mbudh amhlaidh éireóchas
linn, is éigean dúinn an tóghairm
dhíreach do dheunamh chum na tuaithe.



VII. Atá ceud mile do theallaighibh i
nÉirinn a bhfuil an Ghaedhealg indiu
dhá labhairt 'n-a dtimchioll.
Ní féidir an tóghairm dhíreach do
dheunamh chum gach teallaigh dhíobh
so fá leith.
Agus ó 'tá mar atá, ní thiocfaidh an
tuath i bhfad dár n-éisteacht.
Dob' éigean dúinn mar sin comh-
rádh do dheunamh lé drongaibh
beaga, agus an ghluasacht do chur i
ngníomh, dob' fhéidir, ins gach pa-
ráisde fá leith, ag tosughadh ins na
háitibh is mó gheallas congnamh
uatha féin.



VIII. Is cosmhail nach taithneóchaidh comhrádh
'n-a aonar.
Teasdóchaidh, mar sin, gleus greann-
mhar eile.



IX. Teasdóchaid fir oibre ó 'n samhail so
do ghluasacht.
Teasdóchaidh maoin.
Teasdóchaidh móir-eagar nó comann
comh-oibre chum na bhfear agus na
maoine do chruinniughadh lé chéile.



X. Ní bhiadh aon adhbhar conspóide idir
a shamhail so do chorp agus aon chorp
eile dá bhfuil ann anois.
Is túisge do chothóchadaois a chéile ar
gach uile nós.



XI. Trí srotha as a bhfuighthidhe maoin na
gluasachta .i.
Cáin nó cíos bliadhnamhail na bhfear
gcomainn;
Tabhartas carad na Gaedhilge:
Soláthar na gcomhdhál agus na gcomhrádh
doghéantaidhe ins na bailtibh móra
i n-a mbíd Gaodhail 'n-a gcomh-
naidhe i nÉirinn agus tar lear. Ná
meas, a leughthóir, go mbudh ionann
na comhdhála so leis na comhdhálaibh
eile ar a ndearnadh trácht thuas.
Chum na gcomhdhál súd .i. an
ghluasacht féin, do bheathughadh, do-
ghéantaidhe na comhdhála eile, nós
oibre do mhol duine ughdarthásach
.i. Micheál Daibhit, deich mbliadhna
ó shoin.



XII. Do cuirfidhe i n-eagar ó am go ham
cunntas no tuaraisg athchoimir na
hoibre do bheidheadh ar n-a deunamh.
Ceithre dronga do gheabhadh an tuar-
aisg sin .i.
Na fir chomainn, na fir thabhartais,
na daoine do rachadh ar na comhdhá-
laibh, agus lucht na bpáipeur nuaidh-
eachta.



XIII. Tugadh a ndubhradh tuas ar an ngleus
oibre, chum go dtráchtfaidhe air agus
chum go leasóchthaidhe é.
Ní thugadh n-a mhiosúr críochnuighthe é
chum go nglacfaidhe leis nó go
ndiúltfaidhe dhó.
Budh mhaith leis an té do sgríobh,
breitheamhnas d'fhaghfháil ó lucht coi-
meuda na Gaedhilge ar an sgrío-
bhadh. Dob' fhéidir leó-san agus lei-
sean comhairle a chéile do ghlacadh,
dá gcuiridís sgeul chuige tré
Eagarthóir an Irisleabhair.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services