Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eirghe na Gealaighe.
Title
Eirghe na Gealaighe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eirghe na Gealaighe I. Maiseadh 'nis dam, a Sheáin Ui Fhearghail, Fáith do dheithnis chughainn a leith. Inneosfaidh mé sin duit, a bhuachail:— A's bhí a leaca lasta teith Tá 'gam dibh órduighthe an chaptaoin: Faghaige bhúr n-airm i g-cóir gan sgith; Ní fuláir na pícídhe bheith le chéile Amuigh le-h-eirghe na Gealaighe. Amuigh le h-eirghe na Gealaighe, Amuigh le h-eirghe na Gealaighe; Ní fuláir na pícídhe bheith le chéile, Amuigh le h-eirghe na Gealaighe. II. Go de an áit, a Sheáin, dubhairt sé, A m-beith coimhthionol na bh-fear ann? áit aithnid duinn araon a bhuachail, 'San t-sean-áit, lamh leis an abhain. Port feadghala ad' bheul an comhartha, Port na bh-fear ar siubhal is é: 'S bídheadh do phíce ar do ghualain Amuigh le h-eirghe bán na rae. Amuigh le h-eirghe bán na rae, Amuigh le h-eirghe bán na rae ; Bidheadh do píce ar do ghualain, Amuigh le h-eirghe bán na rae. III. Bhí na laochra ar feadh na h-oidhce Ag faireadh ann gach tigh chinn-tuighe A's croidhe gach treun-fhir díobh ag léimneach Ag suil le teacht na ngeal shoillsíghe. O bheul go beul do cluinti monbhar, Cosmhuil le cronán na m-ban-sighe A's bhí míle lann ag soillsiughadh 'San n-gleann le h-éirghe na Gealaighe. Amhuigh le h-eirghe na Gealaighe. Amuigh le h-eirghe na Gealaighe; Ni fuláir na pícídhe bheith le céile, Amuigh le h-eirghe na Gealaighe. IV. Thall le h-ais na h-aibhne ceolmhaire Do sheas dubh-shluagh na bh-fear go teann, A lann a n-doid gach fir, 's anáirde, Bhí an ghlas mheirge os a g-ceann. Bás d'ár n-aimhdibh a's do lucht feill-bheart, Port an ghliaidh liudhaídh, liughaígh, Go m-buaidh Dia linn a's leis an t-saoirse, Feuchaídh an rae, súd í, súd í. Amuigh le h-éirghe na Gealaighe, Amuigh le h-éirghe na Gealaighe ; Go m-buaidh Dia linn a's leis an t-saoirse, Amuigh le h-éirge na Gealaighe. V. Ba chródha a d-troid air son Eireann, A's ba dhán doibh cineamhuin chruadh, Bliadhain an dó as chéud ba leunmar, Gidh ní n-ár linn fós a luadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services