I.
Maiseadh 'nis dam, a Sheáin Ui Fhearghail,
Fáith do dheithnis chughainn a leith.
Inneosfaidh mé sin duit, a bhuachail:—
A's bhí a leaca lasta teith
Tá 'gam dibh órduighthe an chaptaoin:
Faghaige bhúr n-airm i g-cóir gan sgith;
Ní fuláir na pícídhe bheith le chéile
Amuigh le-h-eirghe na Gealaighe.
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe,
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe;
Ní fuláir na pícídhe bheith le chéile,
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe.
II.
Go de an áit, a Sheáin, dubhairt sé,
A m-beith coimhthionol na bh-fear ann?
áit aithnid duinn araon a bhuachail,
'San t-sean-áit, lamh leis an abhain.
Port feadghala ad' bheul an comhartha,
Port na bh-fear ar siubhal is é:
'S bídheadh do phíce ar do ghualain
Amuigh le h-eirghe bán na rae.
Amuigh le h-eirghe bán na rae,
Amuigh le h-eirghe bán na rae ;
Bidheadh do píce ar do ghualain,
Amuigh le h-eirghe bán na rae.
III.
Bhí na laochra ar feadh na h-oidhce
Ag faireadh ann gach tigh chinn-tuighe
A's croidhe gach treun-fhir díobh ag léimneach
Ag suil le teacht na ngeal shoillsíghe.
O bheul go beul do cluinti monbhar,
Cosmhuil le cronán na m-ban-sighe
A's bhí míle lann ag soillsiughadh
'San n-gleann le h-éirghe na Gealaighe.
Amhuigh le h-eirghe na Gealaighe.
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe;
Ni fuláir na pícídhe bheith le céile,
Amuigh le h-eirghe na Gealaighe.
IV.
Thall le h-ais na h-aibhne ceolmhaire
Do sheas dubh-shluagh na bh-fear go teann,
A lann a n-doid gach fir, 's anáirde,
Bhí an ghlas mheirge os a g-ceann.
Bás d'ár n-aimhdibh a's do lucht feill-bheart,
Port an ghliaidh liudhaídh, liughaígh,
Go m-buaidh Dia linn a's leis an t-saoirse,
Feuchaídh an rae, súd í, súd í.
Amuigh le h-éirghe na Gealaighe,
Amuigh le h-éirghe na Gealaighe ;
Go m-buaidh Dia linn a's leis an t-saoirse,
Amuigh le h-éirge na Gealaighe.
V.
Ba chródha a d-troid air son Eireann,
A's ba dhán doibh cineamhuin chruadh,
Bliadhain an dó as chéud ba leunmar,
Gidh ní n-ár linn fós a luadh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11