Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brionnglóid Eóghain Uí Mulreíde.
Title
Brionnglóid Eóghain Uí Mulreíde.
Author(s)
Mac Uí Ruadhrigh,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRIONNGLÓID EÓGHAIN UÍ MULREÍDE County Mayo Irish. Bhí fear fad ó 'na chomhnuide i n-aice le bealach-a- doirín da'r budh anim Eogan O Mulreíde do bhí 'na fhear oibre aig duine-uasal 'san áit 's budh fear socair, saimh, saista bhí ann. Ní raibh aige acht é fhein 's a bhean — marghreud 's bhí teach bheag cumhra aca 's a sáith phataidh 'san m-blíadhain a g-ceann a chuid tuarasdail, ó n-a maghistir. Ní raibh easbhuidh na imnídh air Eóghan acht aon chaill amhain — ní dearnaídh se brionglóid aríamh. — Lá dá raibh se baint phataidh thainic an maghis- tir — Seamas Taafh, amach air an umuire aige a's thosuigheadar aig comhradh mar budh gnathach leó. Do thiompádh an caint air bhrionglóidibh 's dubhairt Eóghan go m-b'fhearr leis 'ná gach do bh-facaidh se aríamh da bh-feudfadh se aislinn, na brionnglóid do dheúnad. “Deunfaidh tu anocht í má n-deunair mar deirim se leat” ars an maghistir. “Maiseadh deunfad agus fáilte” ars Eoghan — “or ni dhearnas ceann ariamh.” “Anois” ars an mághistir. “Nuair rachas tu bhaile anocht tarruing amach an teine ó'n teallach 's cuir as í agus deun do leabaidh in a h-ait 's codail ann anocht, agus mise mo bhanna go d-tiocfaídh do saith de bhrionn- glóidibh agat sul ma d-tí maidin.” Do gheall Eóghan sin do deunadh. Acht nuair do thoisig se an teine do tharruint amach do shil Marghreud go rabh se cailleadh a cheille gur mhínídh se dí gach a n-dubhairt Semas Taafh leis a's budh eighen dí a bheallach fein do thabhairt do 's do cuadar a luighe air an teallach le cheile. Ní fhad do bhí Eóghan 'ná chodladh go d-táinic buille air an doras. “Eirígh do shuighe a Eóghain Uí Mhulreíde go d-teidh tú le leitir ó'n maighistir ann 'n Oilean úr.” D'eirigh Eógan 's shagidh se a cosa ann a bhroga aig radh leis fhein. “Is in ann-tra do thigeas tu. A theachtaire.” Ghlac se an leitir ó'n teachtaire a's d'imígh leis roimhe agus níor stad sé go th-táinic se go bun Sliabh Chairn ait ar casadh leis buachaill-na-m-bó 's é aig aodhaireacht ba. “Go m-beannuighidh dia dhuit a Eóghain Uí Mulreide” arsan buachaill. “Go m-beannuighidh día 's Muire dhuit a buacaillín” ar-sa Eóghan. “Athni- gheann gac uile dhuine mise 's ní athnighim-se duine air bith.” “Ca bh-fuil tu dul an trath so dho oidhche” ar san buachaill. “Taim a' dul chum an Oileain Ur le leitir ó'n maighistir, an e so an bealach ceart?” ars Eóghan.
“Is é, congbhaigh ar d'aghaidh síar go díreach, act cia an chaoi rachas tu thair an fairge” ar an buachaill. “Am go leór cuimhnighadh air sin 'nuair do castar orm í” dubhairt Eóghan. Is d'imthigh leis arís chum bealaigh go d-táinic sé go bruach na fáirge, annsin do connairc sé cor-ghlas 'na seasadh air leathchois air an traigh. “Go mh-bheannuighidh día dhuit a Eóghain Uí Mulreíde” ar s 'n chor-ghlas “go m-beannuighidh día 's muire dhuit-se a chorglais” ar Eoghan. “Athnígheann gach uile dhuint mise, s ní athníghim-se duine air bith.” “Gad a tair aig deunadh anso?” Do inneas Eóghan dí a ghnoithe, agus nac raibh fhios aige cia an caoí do rachfad sé thair an fhairge. “Leag do dha chois air mo dha scíathain-sa agus suidh air mo dhruim 's béarfad anonn thu” ar san chor-ghlas. “Gad do dheunfann, da n-eireochfa sairigh sul do N'Geobhfaidh muid treasna” ar Eóghan. “Ná bíoch fai- tígheas ort, ní thiocfaidh sarughadh 'ná tuirse orm, go d-teithmar anonn” ann sin do cuaíd Eóghan air dhruim an chor-Glais 's d'éirigh si oscionn na fairge 's d'imthigh leiche anonn, acht níor eitill sí níos mó 'ná leat an bhealaigh gur fhúagair sí amach, “Eirigh dhíom a Eóghain Ui Mulréide ta me sáirigh.” “Go mo seacht measa bheitheas tu blíadhain o n-diú a chor-ghlais bhradaigh, ni thig liom éirigh duít (dhíot) anois, 's ná r-dúbhairt mé sin leat” ars Eoghan. “Is cuma liom; caithfídh tu éirigh dhiom tamall go leigfidh me mo scigheiste” ar san chor-ghlas. Leis sin do mhothuigeadar buailteoiribh shuas ós a g-cionn 's do glaoidh Eóghan amac “Och, a bhuailteoirín, a bhuailteoirín, leig anuas do shúiste agam go léigfidh me do'n chor-ghlas a scígheiste do dheunadh.” Do léig an buailteoir an súiste síos, agus rug Eóghan greim a dha laimh air, d-imthigh an chor- ghlas uaidhe a-gáirídhe agus a-magadh faoi. “Mo chuid tiobuiste leat” ar Eóghan, “Is tu d'fhág me 'sa g-cruadh-chás 'crochtadh eidir spéir a's uisge a lár na fairge móire.” Níor bh-fada gur glaoidh an bualteoir aige a shúiste do léigean amach. “Ní leigfead” ars Eóghan, “ ná bathaighfear me?” “Muna leigfir, gearr- faidh mise an t-íall.” “Is cuma liom, beidh an bualtín agamsa air chum' air bith” ars Eóghan, agus leis sin dhearc se sias faói 's gad do bh-fheicfead se acht long a bh-fad shias uaidhe. “O mháirnéilín, a máirneuilín tarruing orm, tar- ruing orm, 's b-fheidir go n-gabhfead mo cuidh cnamha air chum air bhith ” arsa Eogan. “Buailimear fút anois ” ars an marueulac. “Ní'l go foil ní'l go foil” ar Eóghan. “Caith sías do leath- bhroige aguinn go bh-feicfhighmar an chaoí do thuitteas sí” ar an caiptín. Do craith Eoghan a leath-cois 's thuit an bhróg siós. “Uill uill óill, puil, uil liú, cia ta gho mo mar- bhadh?” do thainic mar sgread ó Marghreud 'as an leabaidh “'s cia bh-fuil tu Eoghain?” “O ní'l fhios agam an tusa Marghreud a ta ann sin.” “Is me go cinnte” ar síse “cia eile do bheidheadh ann?” Do eiríg sí 's lás sí an chuinneall. 'Se an ait do fuair sí Eoghan leath bhealaig suas go poll an deatígh 's é strapaireact air an g-crochadh, 's é cho dubh is an súgha. Bhí leat bhrog air acht do buaill an ceann eile Marghreud air an stuaic's budh e sin do dhúisigh í. Thainic Eóghan anuas do'n g-crochadh agus ghlan se é ein 's ó sin amach ni rabh tnuth air bith aige le brion- gloid coidche aríst. MAC UI RUADHRIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services