Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brionnglóid Eóghain Uí Mulreíde.

Title
Brionnglóid Eóghain Uí Mulreíde.
Author(s)
Mac Uí Ruadhrigh,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 57


BRIONNGLÓID EÓGHAIN UÍ MULREÍDE



County Mayo Irish.



Bhí fear fad ó 'na chomhnuide i n-aice le bealach-a-
doirín da'r budh anim Eogan O Mulreíde do bhí 'na
fhear oibre aig duine-uasal 'san áit 's budh fear socair,
saimh, saista bhí ann. Ní raibh aige acht é fhein 's a
bhean — marghreud 's bhí teach bheag cumhra aca 's a sáith
phataidh 'san m-blíadhain a g-ceann a chuid tuarasdail,
ó n-a maghistir. Ní raibh easbhuidh na imnídh air Eóghan
acht aon chaill amhain — ní dearnaídh se brionglóid
aríamh. — Lá dá raibh se baint phataidh thainic an maghis-
tir — Seamas Taafh, amach air an umuire aige a's
thosuigheadar aig comhradh mar budh gnathach leó. Do
thiompádh an caint air bhrionglóidibh 's dubhairt Eóghan
go m-b'fhearr leis 'ná gach do bh-facaidh se aríamh da
bh-feudfadh se aislinn, na brionnglóid do dheúnad.



“Deunfaidh tu anocht í má n-deunair mar deirim se
leat” ars an maghistir. “Maiseadh deunfad agus
fáilte” ars Eoghan — “or ni dhearnas ceann ariamh.”
“Anois” ars an mághistir. “Nuair rachas tu bhaile
anocht tarruing amach an teine ó'n teallach 's cuir as í
agus deun do leabaidh in a h-ait 's codail ann anocht,
agus mise mo bhanna go d-tiocfaídh do saith de bhrionn-
glóidibh agat sul ma d-tí maidin.” Do gheall Eóghan
sin do deunadh. Acht nuair do thoisig se an teine do
tharruint amach do shil Marghreud go rabh se cailleadh a
cheille gur mhínídh se dí gach a n-dubhairt Semas Taafh
leis a's budh eighen dí a bheallach fein do thabhairt do 's
do cuadar a luighe air an teallach le cheile.



Ní fhad do bhí Eóghan 'ná chodladh go d-táinic buille
air an doras.



“Eirígh do shuighe a Eóghain Uí Mhulreíde go d-teidh
tú le leitir ó'n maighistir ann 'n Oilean úr.” D'eirigh
Eógan 's shagidh se a cosa ann a bhroga aig radh leis
fhein. “Is in ann-tra do thigeas tu. A theachtaire.”



Ghlac se an leitir ó'n teachtaire a's d'imígh leis
roimhe agus níor stad sé go th-táinic se go bun Sliabh
Chairn ait ar casadh leis buachaill-na-m-bó 's é aig
aodhaireacht ba. “Go m-beannuighidh dia dhuit a Eóghain
Uí Mulreide” arsan buachaill. “Go m-beannuighidh
día 's Muire dhuit a buacaillín” ar-sa Eóghan. “Athni-
gheann gac uile dhuine mise 's ní athnighim-se duine air
bith.” “Ca bh-fuil tu dul an trath so dho oidhche” ar
san buachaill. “Taim a' dul chum an Oileain Ur le
leitir ó'n maighistir, an e so an bealach ceart?” ars
Eóghan.


L. 58


“Is é, congbhaigh ar d'aghaidh síar go díreach, act cia
an chaoi rachas tu thair an fairge” ar an buachaill.



“Am go leór cuimhnighadh air sin 'nuair do castar
orm í” dubhairt Eóghan. Is d'imthigh leis arís chum
bealaigh go d-táinic sé go bruach na fáirge, annsin do
connairc sé cor-ghlas 'na seasadh air leathchois air an
traigh. “Go mh-bheannuighidh día dhuit a Eóghain Uí
Mulreíde” ar s 'n chor-ghlas “go m-beannuighidh día 's
muire dhuit-se a chorglais” ar Eoghan. “Athnígheann
gach uile dhuint mise, s ní athníghim-se duine air bith.”
“Gad a tair aig deunadh anso?”



Do inneas Eóghan dí a ghnoithe, agus nac raibh fhios
aige cia an caoí do rachfad sé thair an fhairge. “Leag
do dha chois air mo dha scíathain-sa agus suidh air mo
dhruim 's béarfad anonn thu” ar san chor-ghlas.



“Gad do dheunfann, da n-eireochfa sairigh sul do
N'Geobhfaidh muid treasna” ar Eóghan. “Ná bíoch fai-
tígheas ort, ní thiocfaidh sarughadh 'ná tuirse orm, go
d-teithmar anonn” ann sin do cuaíd Eóghan air dhruim
an chor-Glais 's d'éirigh si oscionn na fairge 's d'imthigh
leiche anonn, acht níor eitill sí níos mó 'ná leat an
bhealaigh gur fhúagair sí amach, “Eirigh dhíom a Eóghain
Ui Mulréide ta me sáirigh.” “Go mo seacht measa
bheitheas tu blíadhain o n-diú a chor-ghlais bhradaigh, ni
thig liom éirigh duít (dhíot) anois, 's ná r-dúbhairt mé
sin leat” ars Eoghan. “Is cuma liom; caithfídh tu
éirigh dhiom tamall go leigfidh me mo scigheiste” ar
san chor-ghlas. Leis sin do mhothuigeadar buailteoiribh
shuas ós a g-cionn 's do glaoidh Eóghan amac “Och, a
bhuailteoirín, a bhuailteoirín, leig anuas do shúiste
agam go léigfidh me do'n chor-ghlas a scígheiste do
dheunadh.” Do léig an buailteoir an súiste síos,
agus rug Eóghan greim a dha laimh air, d-imthigh an chor-
ghlas uaidhe a-gáirídhe agus a-magadh faoi. “Mo
chuid tiobuiste leat” ar Eóghan, “Is tu d'fhág me 'sa
g-cruadh-chás 'crochtadh eidir spéir a's uisge a lár na
fairge móire.” Níor bh-fada gur glaoidh an bualteoir
aige a shúiste do léigean amach. “Ní leigfead” ars
Eóghan, “ ná bathaighfear me?” “Muna leigfir, gearr-
faidh mise an t-íall.”



“Is cuma liom, beidh an bualtín agamsa air chum'
air bith” ars Eóghan, agus leis sin dhearc se sias faói 's
gad do bh-fheicfead se acht long a bh-fad shias uaidhe.



“O mháirnéilín, a máirneuilín tarruing orm, tar-
ruing orm, 's b-fheidir go n-gabhfead mo cuidh cnamha
air chum air bhith ” arsa Eogan.



“Buailimear fút anois ” ars an marueulac. “Ní'l
go foil ní'l go foil” ar Eóghan. “Caith sías do leath-
bhroige aguinn go bh-feicfhighmar an chaoí do thuitteas
sí” ar an caiptín.



Do craith Eoghan a leath-cois 's thuit an bhróg siós.



“Uill uill óill, puil, uil liú, cia ta gho mo mar-
bhadh?” do thainic mar sgread ó Marghreud 'as an
leabaidh “'s cia bh-fuil tu Eoghain?”



“O ní'l fhios agam an tusa Marghreud a ta ann sin.”



“Is me go cinnte” ar síse “cia eile do bheidheadh
ann?” Do eiríg sí 's lás sí an chuinneall. 'Se an ait
do fuair sí Eoghan leath bhealaig suas go poll an
deatígh 's é strapaireact air an g-crochadh, 's é cho dubh
is an súgha. Bhí leat bhrog air acht do buaill an ceann
eile Marghreud air an stuaic's budh e sin do dhúisigh í.



Thainic Eóghan anuas do'n g-crochadh agus ghlan se é
ein 's ó sin amach ni rabh tnuth air bith aige le brion-
gloid coidche aríst.



MAC UI RUADHRIGH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services