Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cómhrádh Idir Bás agus an Cláiríneach
Title
Cómhrádh Idir Bás agus an Cláiríneach
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÓMHRÁDH IDIR BÁS AGUS AN CLÁIRÍNEACH. An C : Tráthnóna liom féin, thainic an bás fa mo dhéin —; 'Nuair a choinnic me a eudan, chreath- nuigh me. Bhí a chnámha go leur, ar an g-corr a's iad geur, Chuir se fuil in m'eudan mar ba thanaidhe e; Bhí a fhiacla ar an geur, gan phuisín go fíor, Bhí a lioca 'sa smaois eugsámhalta; 'Nuair a d 'amhairc se 'n-iar, dhruid me uadh siar, 'Gus rinn se seort gáire bhí adhbhalta; Chuir se glór as a chléibh mar ainmhidhe air sleibh, Bhí cubhar le n-a fhiaclaibh meirgeach', An B : Dubhairt se le mo bheul: “C'acu Gall thu ná Gaedheal, Cailbhéanuigheach, Hindú, ná Éiriceach; Ná d-tathuigh tu leis an dream Fuair coigear faoi chuim, * bhó ain-spiorait? Is mor m'eagla go fíor go bfuil se faraor, Na mílte thart siar aig sean- spiorait.” An C: “Is cláiríneach mé atá i n-deireadh mo lae, 'Gus bhí me seal aereach earraideach; Aidmhim d'an t-saoghal go raibh me gan chiall, 'Gus tá a fhios ag Mac Dé gur bharraidhe me; Tá an teagasg Críostaighe agam mar bhí se, Chár mealladh le bíoblaidhibh gallda me, Cha chreidiin go h-eug i leabhar h- uasla na m-breug, Go síntear faoi chre 'sa talamh me, A bháis a tá caol, seo mar chaith me mo shaoghal, Suidh síos le mo thaobh go g-caith- eamuin Tarruing ná dhó as mo phíopa le ró, 'Gus innsigh má's féidir cá racha me, Ná abair níos mó, a leig uait an bogha,
'S ná labhair liom go fíochda, feargach, Má sgaramuist féin, ná bíodh sinn ag bruighean, Seo dhuit mo phíopa, 'gus dearg e.” An B: “Maise dhéanfaidh me foighid, mar is deas liom do phléad, Glacfaidh me tréat mar b'anamh liom; Caithfidh me toit le duine gan locht, A labhair go deas aereach greannmhar liom; Is fada mis' ar an t-saoghal, ag cur cailleacha i sgaoll, Is tú an chead duine riamh a thug cuireadh dhamh, A chláirínigh chléibh, suidh síos le mo thaobh, Gheobhaidh tú fad-saoghal, 's cha chor- ruighim thú.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services