CÓMHRÁDH IDIR BÁS AGUS AN
CLÁIRÍNEACH.
An C : Tráthnóna liom féin, thainic an bás
fa mo dhéin —;
'Nuair a choinnic me a eudan, chreath-
nuigh me.
Bhí a chnámha go leur, ar an g-corr
a's iad geur,
Chuir se fuil in m'eudan mar ba
thanaidhe e;
Bhí a fhiacla ar an geur, gan phuisín
go fíor,
Bhí a lioca 'sa smaois eugsámhalta;
'Nuair a d 'amhairc se 'n-iar, dhruid
me uadh siar,
'Gus rinn se seort gáire bhí
adhbhalta;
Chuir se glór as a chléibh mar ainmhidhe
air sleibh,
Bhí cubhar le n-a fhiaclaibh meirgeach',
An B : Dubhairt se le mo bheul: “C'acu Gall
thu ná Gaedheal,
Cailbhéanuigheach, Hindú, ná Éiriceach;
Ná d-tathuigh tu leis an dream
Fuair coigear faoi chuim,
* bhó ain-spiorait?
Is mor m'eagla go fíor go bfuil se
faraor,
Na mílte thart siar aig sean-
spiorait.”
An C: “Is cláiríneach mé atá i n-deireadh
mo lae,
'Gus bhí me seal aereach earraideach;
Aidmhim d'an t-saoghal go raibh me
gan chiall,
'Gus tá a fhios ag Mac Dé gur
bharraidhe me;
Tá an teagasg Críostaighe agam
mar bhí se,
Chár mealladh le bíoblaidhibh gallda
me,
Cha chreidiin go h-eug i leabhar h-
uasla na m-breug,
Go síntear faoi chre 'sa talamh me,
A bháis a tá caol, seo mar chaith me
mo shaoghal,
Suidh síos le mo thaobh go g-caith-
eamuin
Tarruing ná dhó as mo phíopa le ró,
'Gus innsigh má's féidir cá racha me,
Ná abair níos mó, a leig uait an
bogha,
'S ná labhair liom go fíochda,
feargach,
Má sgaramuist féin, ná bíodh sinn
ag bruighean,
Seo dhuit mo phíopa, 'gus dearg e.”
An B: “Maise dhéanfaidh me foighid, mar is
deas liom do phléad,
Glacfaidh me tréat mar b'anamh
liom;
Caithfidh me toit le duine gan locht,
A labhair go deas aereach greannmhar
liom;
Is fada mis' ar an t-saoghal, ag cur
cailleacha i sgaoll,
Is tú an chead duine riamh a thug
cuireadh dhamh,
A chláirínigh chléibh, suidh síos le mo
thaobh,
Gheobhaidh tú fad-saoghal, 's cha chor-
ruighim thú.”