Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.
Title
Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SPOKEN GAELIC OF DONEGAL. J. C. WARD Díorfach Dúin-Alt. Bhí sin ann mar is fada ó shoin a bhí fear 'na chómhnuidhe i n-Dún Alt a d-tugadh siad an Díorfach air. Ní rabh clann aige, gidh go rabh sé pósda le corradh agus fiche bliadhain. Chuir so imnídhe mhór air, mar bhí sé an- shaidhbhir agus mar nach rabh daoine muinteardha air bith aige le n-a chuid maoin a fhágbhail aca. Lá amháin d'eirigh sé go moch air maidin, agus d'iarr sé air a mhnaoi lón a dheanadh dhó, go d-téidheadh sé dh' amharc air a chuid eallaigh a bhí giota fada air shiubhal ó'n bhaile aige. Righne sí sin, agus d'imthigh sé. Nuair a chonnaic sé an chuid budh mhó díobhtha, agus bhí sé sáruighthe, shuidh sé síos air thurtóig le na sgíthisde a dheanadh. Tharraing sé amach an tuirtín a bhí leis mar lón agus thoisigh sé 'ga íthe. Níor bh-fada go d-táinic fear beag ribíneach ruadh chuige agus d'fhiafruigh sé dhe an d-tabhairfeadh sé dadaidh de'n bhun- nóig dó. Bhéarfad agus céad míle fáilte, ars an Díorfach, no ní'l móran ocrais orm- sa, agus da m-beidheadh féin ní rabhas ariamh nach rannfainn. Shuidh an fear beag ribíneach ruadh síos agus d' ith siad araon go rabh siadh súbhach, sáthach. Leig an Díorfach osna mhór as agus d'fhiosruigh an fear beag cad é adhbhar a imnídhe. D' innis an Díorfach dó, go rabh sé gan clann a bh-fuigfeadh sé a shaidhbreas aca. “Ní bhéidh tú mar sin” ars an fear beag ruadh; “trí ráithche o'n oidhche anocht béidh dhá mhac aig do mhnaoi, dhá shearrach aig do chapall, dhá coilean aig do chú agus dhá eun aig do sheabhac. Thainic an Díorfach abhaile go luath-gháireach agus tárla mar h-innseadh dó. Bhí dhá mhac aig na mhnaoi agus baisdeadh Donn mhac An Díorfaigh air dhuine aca agus
Dubh mhac An Díorfaigh air an duine eile. D' fhás siad suas 'na m-buachaillídhe bréaghtha; méid biseach nach d-tigeadh orra san oidhche go d-tigeadh sé orra 'sa lá, agus méid biseach nach d-tigeadh orra 'sa la go d-tigeadh sé orra 'san oidhche go rabh siad bliadhain agus fíthche de aois. “Mo dhona agus mo dhúirne orm” arsa Donn “go n-imeóchaidh mé go bh-feicdídh mé níos mó de'n tír 'ná tá le feicrint ins an chlúid so.” Chuir so buaidhreadh mór air a athair agus air a mháthair, agus righne siad a n-dí- cheall é chongbhail acht ní rabh gar dóibhthe ann. Nuair a chonnaic siad nach rabh cong- bhail air, thug siad cead a chinn do agus d'imthigh sé leis, a chú le n-a chois, a sheabhac air a bhois agus a each caol donn faoi n-a thóin, go m-bainfeadh sé ribe de'n ghaoith agus nach m-bainfeadh an ghaoith ribe dhe. Shiúbhail sé leis mar sin go d-tainic neóin bheag agus deireadh an lae, agus go rabh eunacha beaga na coilleadh craobhaighe aig dul faoi shúain agus síor-chodhlata. Ní fhacaidh sé teach mór a bh-fad uadh no teach beag 'ndeas dó acht caisleán mór amháin. Tharraing sé air go dian agus go deifreach agus chuaidh isteach. Cuireadh fearadh na fáilte roimhe agus righneadh an-mhór de, mar budh leur dóibhthe gur duine uasal a bhí ann. Thainic maighistir an chaisleáin é féin agus thug leis ann a' phárluis é, agus chaith siad trian na h-oidhche le fiannuigheacht, trian le sgeulaigheacht agus trian le soireann suain agus síor-chodhlata. Lá air na bhárach chonnaic Donn inghean an duine uasail agus thuit sé i ngrádh léithe agus ise mar a g-céadna leis. D' iarr sé air a h-athair í le pósadh agus fuair sé í. Cuireadh cruinniughadh air mhór-uas- laibh agus air bheag-uaslaibh n-a tíre a lig, agus righneadh banais chúrtha, chártha, a mhair naoi n-oidhche agus naoi lá agus gur b-fearr an lá deirionnach ná 'n cheud lá. Air maidin an lae i ndéidh na bainnse, nuair a bhí Donn Mhac An Díorfaigh aig eirighe, d'amharc sé amach, agus chonnaic sé gearrfhiadh an taobh amuigh de'n fhuinneoig budh deise agus budh bhréaghtha ar shoillsígh grian nó gealach ariamh air. Bhí fleasg óir air chúl a chinn agus fleasg airgid i g-clár a eudain. Dar leis fein gur dheas an pronn- tanas so aig n-a mhnaoi agus ghleus sé air féin le breith air an gearrfhiadh agus d' imthigh 'na dhéidh, a chú le n-a chois, a sheabhac air a bhois agus a each caol donn faoi n-a thóin, go m-bain- feadh sé ribe de'n ghaoith agus nach m-bainfeadh an ghaoth an ribe de. Nuair a b'árd dó-san, b'ísiol do'n ghearrfhiad agus nuair b'ísiol dó- san b'árd do'n ghearrfhiadh. Bhí siad mar sin go d-tainic neóin bheag agus deireadh an lae agus go rabh eunacha beaga na coilleadh craobhaighe aig dul faoi shuan agus síor-codhlata. Fá thuitim n-a h-oidhche chuaidh an gearrfiadh isteach a m-bruighin agus lean Donn é. Chon- naic sé sean-chailleach 'na suidhe le taoibh teineadh agus gháir sí amach. “Cé sin a mhasluigh Toimidín an lúth?” Chuaidh Donn suas ann a teineadh agus shuidh an tsean-chail- leach síos aig an doras. “Cad chuige nach suidheann tú aníos leis an teinidh?” arsa Donn. “Is doiligh damh” ars an chailleach, “agus go m-buailfeadh an beathach mór sin preab orm, nó go m-bainfeadh an beathach sin eile greim, no 'n an beathach sin eile gob asam.” “Da m-beidheadh dóigh agam-sa le n-a g-ceangal, cheanglóchainn iad” arsa Donn. Tharraing an chailleach trí ribe fionnfaidh as poll a h-eascail agus shín sí chuige iad. Cheangail Donn na beithigh agus shuidh an chail- leach aig an teinidh. Níor bh' fhada bhí sí ann sin gur iarr sí air Dhonn a dhul amach agus mart de chuid an rígh a mharbhadh dhí agus dubhairt sí nach d-tainic aon duine ann a tighe ariamh nach dearn sin dí. “Maiseadh” arsa Donn “ní thig liom-sa a bheith níos measa ná duine eile dhuit” agus chuaidh amach agus thug mart isteach leis marbh. D' fheann sé é agus chaith sé ceathramhadh chuicí. Tharraing sí é thríd an ghríosaigh, thríd an ghrásáigh, thríd a fiacla fada buidhe agus shluig sí é. “Biadh, biadh nó troid” ars an chailleach. “Chaith sé ceathramhadh eile chuicí. Thar-
raing rí é thríd an ghríosaigh, thríd an ghrá- saigh, thríd a fiacla fada buidhe agus shluig sí é. “Biadh, biadh nó troid” ars an chailleach. Chaith sé ceathramhad eile chuicí agus righne sí an rud céadna leis. “Biadh, biadh nó troid” ars sise. “Troid a gheobhas tú a chailleach shalach” ars seision, “tá an ceathramhadh so beag go leór agam féin agus mo chuid beithigh.” Leis sin thoisigh siad aig troid agus aig coraigheacht, go n-déanfadh siad bogán de'n chreughán agus creúgán de'n bhogán, toibreacha fíor-uisge i lár na g-cloch glas; gur chuir siad cíoth fola d'a g-croiceann agus cíoth cailce d'a g-cnámha; agus dá d-tigeadh eun beag ó iachdar an dómhain go huachdar an dómhain gur dh' amharc air throid agus air choraigheacht na beirte a thiocfadh sé. Fá dheireadh agus fa déidhionnach bhí sé aig eirighe leis an chailleach Donn a bhualadh. “Cuideadh, cuideadh a eich” air seision. “Teann, teann, a ribe agus bain an ceann de'n each” ars an chailleach. Theann an ribe, agus bhain sé an ceann de'n each. “Cuideadh, cuideadh, a chú” arsa Donn. “Teann, teann, a ribe agus bain an ceann de'n chú” ars an chailleach. Theann an ribe agus bhain sé an ceann de'n chú. “Cuideadh, cuideadh, a sheabhaic” arsa Donn. “Teann, teann, a ribe agus bain an ceann de'n t-seabhac” ars an chailleach. Theann an ribe agus bhain sé an ceann de'n t-seabhac. Nuair a chonnaic Donn nach rabh cuideadh le faghail aige, chaill sé a mhisneach agus fuair an tsean-chailleach buaidh air. Tharraing sí slat draoidheachda amach as a brollach agus righne sí carraigeacha de fhéin agus d'a chuid beithigh. Bliadhain i ndéidh Doinn imtheacht, chuir Dubh ann a cheann go rachfadh sé dha chuar- tughadh. Righne an t-athair agus an mháthair a seacht n-dícheall é chongbháil acht ní rabh gar dóibhthe ann. Dubhairt sé nach g-codhlóchadh sé dhá oidhche in aon teach nó nach g-caithfeadh sé dá thráth bídh aig aon bhórd go bh-fághadh sé tuaraisg air a dhearbhrathair; agus d'imthigh sé leis, a chú le n-a chois, a sheabhac air a bhois agus a each caol donn faoi n-a thóin go m-bain- feadh sé ribe de'n ghaoith agus nach m-bainfeadh an ghaoth ribe de, go d-tainic neóin bheag agus deíreadh an lae agus go rabh eunacha beaga na coilleadh craobhaighe aig dul faoi shoireann suain agus síor-chodlata. Chonnaic sé cais- lean mór a bh-fad uadh agus tharraing air go dian, deifreach agus chuaidh isteach. Cuireadh fearadh na fáilte roimhe ann sin, agus thainic bean uasal óg áluinn aníos agus phlúch sí le pógaibh é, bháith sí le deóraibh é, agus thiormuigh sí le brat síoda agus sróil é. Budh í so bean Doinn agus shíl sí gur bh'é a fear féin a bhí aici. Bhí iongantas air Dhubh, ar n-dóiche, acht níor leig sé dadaidh air. Ní luaithe d'eirigh an lá lá-air-na-márach na d'eirigh Dubh agus air amharc amach air an fhuinneoig dó, cad é chidhfeadh sé acht an gearrfhiadh budh bréaghtha d'ar shoillsigh grian nó gealach ariamh air. Bhí fleasg óir i g-cúl a chinn agus fleasg airgid i g-clár a eudain. (Le bheit leantha). díorfach, a wretched person. ribíneach, hairy. ndeas, neas, near.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services