Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.

Title
Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SPOKEN GAELIC OF DONEGAL.
J. C. WARD



Díorfach Dúin-Alt.



Bhí sin ann mar is fada ó shoin a bhí fear
'na chómhnuidhe i n-Dún Alt a d-tugadh siad
an Díorfach air. Ní rabh clann aige, gidh
go rabh sé pósda le corradh agus fiche bliadhain.
Chuir so imnídhe mhór air, mar bhí sé an-
shaidhbhir agus mar nach rabh daoine muinteardha
air bith aige le n-a chuid maoin a fhágbhail
aca. Lá amháin d'eirigh sé go moch air
maidin, agus d'iarr sé air a mhnaoi lón a
dheanadh dhó, go d-téidheadh sé dh' amharc air
a chuid eallaigh a bhí giota fada air shiubhal
ó'n bhaile aige. Righne sí sin, agus d'imthigh sé.
Nuair a chonnaic sé an chuid budh mhó díobhtha,
agus bhí sé sáruighthe, shuidh sé síos air thurtóig
le na sgíthisde a dheanadh. Tharraing sé
amach an tuirtín a bhí leis mar lón agus thoisigh
sé 'ga íthe. Níor bh-fada go d-táinic fear
beag ribíneach ruadh chuige agus d'fhiafruigh sé
dhe an d-tabhairfeadh sé dadaidh de'n bhun-
nóig dó. Bhéarfad agus céad míle fáilte,
ars an Díorfach, no ní'l móran ocrais orm-
sa, agus da m-beidheadh féin ní rabhas ariamh nach
rannfainn. Shuidh an fear beag ribíneach
ruadh síos agus d' ith siad araon go rabh siadh
súbhach, sáthach. Leig an Díorfach osna mhór
as agus d'fhiosruigh an fear beag cad é adhbhar
a imnídhe. D' innis an Díorfach dó, go rabh
sé gan clann a bh-fuigfeadh sé a shaidhbreas
aca. “Ní bhéidh tú mar sin” ars an fear
beag ruadh; “trí ráithche o'n oidhche anocht
béidh dhá mhac aig do mhnaoi, dhá shearrach aig
do chapall, dhá coilean aig do chú agus dhá eun
aig do sheabhac. Thainic an Díorfach abhaile
go luath-gháireach agus tárla mar h-innseadh
dó. Bhí dhá mhac aig na mhnaoi agus baisdeadh
Donn mhac An Díorfaigh air dhuine aca agus


L. 245


Dubh mhac An Díorfaigh air an duine eile.
D' fhás siad suas 'na m-buachaillídhe
bréaghtha; méid biseach nach d-tigeadh orra
san oidhche go d-tigeadh sé orra 'sa lá, agus
méid biseach nach d-tigeadh orra 'sa la go
d-tigeadh sé orra 'san oidhche go rabh siad
bliadhain agus fíthche de aois.



“Mo dhona agus mo dhúirne orm” arsa
Donn “go n-imeóchaidh mé go bh-feicdídh mé
níos mó de'n tír 'ná tá le feicrint ins an
chlúid so.” Chuir so buaidhreadh mór air a
athair agus air a mháthair, agus righne siad a n-dí-
cheall é chongbhail acht ní rabh gar dóibhthe
ann. Nuair a chonnaic siad nach rabh cong-
bhail air, thug siad cead a chinn do agus d'imthigh
sé leis, a chú le n-a chois, a sheabhac air a
bhois agus a each caol donn faoi n-a thóin, go
m-bainfeadh sé ribe de'n ghaoith agus nach
m-bainfeadh an ghaoith ribe dhe. Shiúbhail sé
leis mar sin go d-tainic neóin bheag agus
deireadh an lae, agus go rabh eunacha beaga na
coilleadh craobhaighe aig dul faoi shúain agus
síor-chodhlata. Ní fhacaidh sé teach mór a
bh-fad uadh no teach beag 'ndeas dó acht
caisleán mór amháin. Tharraing sé air go
dian agus go deifreach agus chuaidh isteach. Cuireadh
fearadh na fáilte roimhe agus righneadh an-mhór
de, mar budh leur dóibhthe gur duine uasal
a bhí ann. Thainic maighistir an chaisleáin
é féin agus thug leis ann a' phárluis é, agus chaith
siad trian na h-oidhche le fiannuigheacht, trian
le sgeulaigheacht agus trian le soireann suain
agus síor-chodhlata. Lá air na bhárach chonnaic
Donn inghean an duine uasail agus thuit sé i
ngrádh léithe agus ise mar a g-céadna leis.
D' iarr sé air a h-athair í le pósadh agus fuair
sé í. Cuireadh cruinniughadh air mhór-uas-
laibh agus air bheag-uaslaibh n-a tíre a lig, agus
righneadh banais chúrtha, chártha, a mhair naoi
n-oidhche agus naoi lá agus gur b-fearr an lá
deirionnach ná 'n cheud lá.



Air maidin an lae i ndéidh na bainnse,
nuair a bhí Donn Mhac An Díorfaigh aig
eirighe, d'amharc sé amach, agus chonnaic sé
gearrfhiadh an taobh amuigh de'n fhuinneoig
budh deise agus budh bhréaghtha ar shoillsígh grian
nó gealach ariamh air. Bhí fleasg óir air
chúl a chinn agus fleasg airgid i g-clár a
eudain. Dar leis fein gur dheas an pronn-
tanas so aig n-a mhnaoi agus ghleus sé air féin
le breith air an gearrfhiadh agus d' imthigh 'na
dhéidh, a chú le n-a chois, a sheabhac air a bhois
agus a each caol donn faoi n-a thóin, go m-bain-
feadh sé ribe de'n ghaoith agus nach m-bainfeadh
an ghaoth an ribe de. Nuair a b'árd dó-san,
b'ísiol do'n ghearrfhiad agus nuair b'ísiol dó-
san b'árd do'n ghearrfhiadh. Bhí siad mar
sin go d-tainic neóin bheag agus deireadh an
lae agus go rabh eunacha beaga na coilleadh
craobhaighe aig dul faoi shuan agus síor-codhlata.
Fá thuitim n-a h-oidhche chuaidh an gearrfiadh
isteach a m-bruighin agus lean Donn é. Chon-
naic sé sean-chailleach 'na suidhe le taoibh
teineadh agus gháir sí amach. “Cé sin a
mhasluigh Toimidín an lúth?” Chuaidh Donn
suas ann a teineadh agus shuidh an tsean-chail-
leach síos aig an doras.



“Cad chuige nach suidheann tú aníos leis
an teinidh?” arsa Donn.



“Is doiligh damh” ars an chailleach, “agus
go m-buailfeadh an beathach mór sin preab
orm, nó go m-bainfeadh an beathach sin eile
greim, no 'n an beathach sin eile gob asam.”



“Da m-beidheadh dóigh agam-sa le n-a
g-ceangal, cheanglóchainn iad” arsa Donn.



Tharraing an chailleach trí ribe fionnfaidh
as poll a h-eascail agus shín sí chuige iad.
Cheangail Donn na beithigh agus shuidh an chail-
leach aig an teinidh. Níor bh' fhada bhí sí ann
sin gur iarr sí air Dhonn a dhul amach agus
mart de chuid an rígh a mharbhadh dhí agus
dubhairt sí nach d-tainic aon duine ann a
tighe ariamh nach dearn sin dí.



“Maiseadh” arsa Donn “ní thig liom-sa a
bheith níos measa ná duine eile dhuit” agus
chuaidh amach agus thug mart isteach leis marbh.
D' fheann sé é agus chaith sé ceathramhadh chuicí.
Tharraing sí é thríd an ghríosaigh, thríd an
ghrásáigh, thríd a fiacla fada buidhe agus shluig
sí é.



“Biadh, biadh nó troid” ars an chailleach.



“Chaith sé ceathramhadh eile chuicí. Thar-


L. 246


raing rí é thríd an ghríosaigh, thríd an ghrá-
saigh, thríd a fiacla fada buidhe agus shluig
sí é.



“Biadh, biadh nó troid” ars an chailleach.



Chaith sé ceathramhad eile chuicí agus righne
sí an rud céadna leis.



“Biadh, biadh nó troid” ars sise.



“Troid a gheobhas tú a chailleach shalach”
ars seision, “tá an ceathramhadh so beag go
leór agam féin agus mo chuid beithigh.”



Leis sin thoisigh siad aig troid agus aig
coraigheacht, go n-déanfadh siad bogán de'n
chreughán agus creúgán de'n bhogán, toibreacha
fíor-uisge i lár na g-cloch glas; gur chuir
siad cíoth fola d'a g-croiceann agus cíoth cailce
d'a g-cnámha; agus dá d-tigeadh eun beag ó
iachdar an dómhain go huachdar an dómhain
gur dh' amharc air throid agus air choraigheacht
na beirte a thiocfadh sé.



Fá dheireadh agus fa déidhionnach bhí sé aig
eirighe leis an chailleach Donn a bhualadh.
“Cuideadh, cuideadh a eich” air seision.



“Teann, teann, a ribe agus bain an ceann
de'n each” ars an chailleach.



Theann an ribe, agus bhain sé an ceann de'n
each.



“Cuideadh, cuideadh, a chú” arsa Donn.



“Teann, teann, a ribe agus bain an ceann
de'n chú” ars an chailleach. Theann an ribe
agus bhain sé an ceann de'n chú.



“Cuideadh, cuideadh, a sheabhaic” arsa
Donn. “Teann, teann, a ribe agus bain an
ceann de'n t-seabhac” ars an chailleach.
Theann an ribe agus bhain sé an ceann de'n
t-seabhac.



Nuair a chonnaic Donn nach rabh cuideadh
le faghail aige, chaill sé a mhisneach agus fuair
an tsean-chailleach buaidh air. Tharraing
sí slat draoidheachda amach as a brollach agus
righne sí carraigeacha de fhéin agus d'a chuid
beithigh.



Bliadhain i ndéidh Doinn imtheacht, chuir
Dubh ann a cheann go rachfadh sé dha chuar-
tughadh. Righne an t-athair agus an mháthair a
seacht n-dícheall é chongbháil acht ní rabh gar
dóibhthe ann. Dubhairt sé nach g-codhlóchadh
sé dhá oidhche in aon teach nó nach g-caithfeadh
sé dá thráth bídh aig aon bhórd go bh-fághadh sé
tuaraisg air a dhearbhrathair; agus d'imthigh sé
leis, a chú le n-a chois, a sheabhac air a bhois
agus a each caol donn faoi n-a thóin go m-bain-
feadh sé ribe de'n ghaoith agus nach m-bainfeadh
an ghaoth ribe de, go d-tainic neóin bheag agus
deíreadh an lae agus go rabh eunacha beaga na
coilleadh craobhaighe aig dul faoi shoireann
suain agus síor-chodlata. Chonnaic sé cais-
lean mór a bh-fad uadh agus tharraing air go
dian, deifreach agus chuaidh isteach. Cuireadh
fearadh na fáilte roimhe ann sin, agus thainic
bean uasal óg áluinn aníos agus phlúch sí le
pógaibh é, bháith sí le deóraibh é, agus thiormuigh
sí le brat síoda agus sróil é. Budh í so bean
Doinn agus shíl sí gur bh'é a fear féin a bhí aici.
Bhí iongantas air Dhubh, ar n-dóiche, acht
níor leig sé dadaidh air. Ní luaithe d'eirigh
an lá lá-air-na-márach na d'eirigh Dubh agus
air amharc amach air an fhuinneoig dó, cad
é chidhfeadh sé acht an gearrfhiadh budh
bréaghtha d'ar shoillsigh grian nó gealach
ariamh air. Bhí fleasg óir i g-cúl a chinn agus
fleasg airgid i g-clár a eudain.



(Le bheit leantha).



díorfach, a wretched person.
ribíneach, hairy.
ndeas, neas, near.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services