Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sluagh Sidhe.
Title
An Sluagh Sidhe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1893
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SLUAGH SIDHE. Níor stad agus níor staon sé dh'a shaothar, ar eagla dá scuireadh sé féin go scuirfeadh an chobhair agus an congnamh chomh maith ceudna. Tráth bhíodh a bhuille féin bainte aige, théidheadh sé seacht mbuilllidhe chum cínn, chum coimeád amach ó n-a choimhspealadóiribh. Níor chian, gan aon agó, go raibh leath na páirce ar lár ag an ochtar. Fá'n am san, bhí na seacht spealadóiridhe sidhe ag teacht chomh athchomair dhó, gur tháinic eagla air dh'a aindeoin: do sheas a ghruaig mar fionnadh muice fiadhanta ar mhullach a chínn; do dhein sé an baile amach, agus do chuaidh a chodladh dhó féin go maidin. Ar eirghe dh'a mhnaoi, lá ar n-a bháireach, do chuaidh sí amach chum oibre-oidhche a fir d'fheicsint; in áit an mhóinfhéir go léir do bheith 'na shreath ar lár, is amhlaidh bhí gach aon ochtmhadh buille bainte, agus an chuid eile in a ceart-sheasamh. Do chuaidh sí a bhaile agus d'innis sí dh'á fear mar a bhí. “Go mbeiridh an d-l leis an Sluagh Sidhe,” ar sé, “muna mbeuradh sé leis iad acht leath-órlach 'san ló.” “Is olc é sin,” ar an bhean, “cá fhios duit nach bhfuilid aig éisteacht leat anois? Agus má táid, do ghéabhair díol ad' chaint uatha uair éigin.” Póstar an Sluagh Sidhe, agus bheirthear chum pósta iad. Bíonn bainis aca an t-am san, agus fleadh mhór ar bhaisde leinbh. Uair, do bhí fear ag dul go Corcaigh, ag díol dhá fhircín ime. Rug an deireannaighe air, agus, sul arbh fhéidir leis aon tigh do shroistint, rug fear air 'san tslighe, agus d'fhiafruigh dhe an dtiocfadh sé leis go fóill chum cáirdios Chríost do dhéanamh do leanbh nár bais- deadh fós, agus do bhí le bruach báis i mboth nach raibh acht trí nó ceathair de choiscéimeannaibh ó'n mbóthar. Ní fheacaidh sé an fear riamh roimhe sin, mar sin, do bhí eagla air i dtaoibh dul sul imreochthaoi aon fheall air, agus dá gcuireadh sé suas do'n chuireadh fuair se, shaoil sé gur mheasa go mór 'ná san dó é. Do bhí sé i gcás idir dhá chomhairle, acht in aon nóimeat amháin do dhein sé suas a aigne imtheacht in éinfheacht leis, cia aca bás nó beatha dhó é. Do cheangail sé a chapall do thor, do chuaidh sé thar cloidh, agus ba ghearr go bhfuair sé é féin i dtigh an-bhreagh áluinn. Timchioll bliadhna roimhe sin, d'eug an aon inghíon amháin a bhí aige.
Ar dhul asteach 'san tigh dhó, do chonnaic sé í i leabaidh, thar éis a luighe sheoil a chur: ba leíthe an leanbh do bhí chum bheith baisdthe. D'éis an bhaisde, tháinic neach, agus d'fhiafruigh de'n bhfeur cad é an bronntanas ba mhian leis do thabhairt do'n naoidhean. “An bhó is fearr im' sheilbh,” ar sé, lom láithreach. Ar ndul a bhaile dhó, do h-ínnseadh dhó go bhfuair an bhó ba mhó bainne agus bleoghantas bás, an oidhche cheudna d'fhág seisean an tigh. Acht níorbh aithreachas dó í do chailleamhain, mar in aghaidh a chur (churtha) chum deiridh, do bhí sruth a's gaoth a's aithe leis as san amach. Bíd ba agus caoirigh, gabhair agus capaill aca, díreach d'ar ndála féin. Is minic do chuala trácht ar dhaoinibh do ghabh tar lios agus an Sluagh Sidhe ag déanamh cuiginne, agus rud is aite, is ar an nDomhnach is gnáthaighe leo an obair sin. Má gheibh bó nó each bás le linn duine bheith breoidhte i líon-tighe, foillsighean sin do na seandaoinibh gur tugadh tailm fá neach éigin aca do sciobadh, acht gur theip sé orra, agus gur thugadar leo an bhó nó an t-each in a áit. Is cinnte gur mór an eagla do bhí fad ó roimh an Sluagh Sidhe; acht, mar gach aon nidh eile bhaineas le ársacht na h-Éireann, tá an eagla sin andiu ag meath leis an tean- gaidh in ar luadheadh go minic a g-ceannas agus a g-comhacht, a n-euchta agus a n-imtheachta — an Ghaedhilge bhog bhríoghmhar, chonnta cheolmhar, Gaedhilge ghlórmhar oileáin na naomh agus na n-ollamhan.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services